As GaeilgeAs Gaeilge

Gradam Scoileanna Domhanda Ár nDomhan

Fáilte go clár Gradam Scoileanna Domhanda Ár nDomhan Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire

Comhoibriú um Fhorbairt, Éire sa Roinn Gnóthaí Eachtracha is ea clár cúnaimh de chuid Rialtas na hÉireann do thíortha atá ag fhorbairt agus bunaíodh é sa bhliain 1974. Tá polasaí comhoibrithe forbartha na hÉireann mar chuid lárnach de pholasaí eachtrach iomlán na tíre. Is trí Comhoibriú um Fhorbairt, Éire a chabhraíonn muintir na hÉireann le obair fhorbartha i roinnt mhaith tíortha éagsúla (€813 milliún i 2007). Tá Comhoibriú um Fhorbairt, Éire ag rith Gradaim Scoileanna Domhanda Ár nDomhan le roinnt blianta anois do bhunscoileanna uile na hÉireann ó thuaidh agus ó dheas. Is í is cúis leis an gclár go ginearálta ná le tuiscint a mhéadú i measc daltaí Éireannacha ar shaolta na bpáistí den aois chéanna sa domhan atá I mbéal a forbartha. Nuair a ghlacann páistí páirt sa chlár seo is féidir leo foghlaim faoi conas mar a oibríonn Éire leis na tíortha seo, ní mar soláthróir carthanachta ach mar pháirtnéirí san fhorbairt.

Bíonn spéis go nádúrtha ag páistí i saol páistí in áiteanna eile. Bíonn siad ar son an chirt agus cothramas, agus is údar imní dóibh an timpeallacht. Deis iontach is ea clár Gradam

Scoileanna Domhanda Ár nDomhan Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire chun an spéis agus an údar imní seo do dhaoine eile a dhíriú I dtreo gníomhaíochtaí phraiticiúla.

Ghlac na céadta scoil agus na mílte páiste páirt - ón 3ú go 6ú rang (PnahÉ) / Blianta 5 go 7 (TÉ) – sa tionscnamh seo. Bhí buaicphointe an chláir ann ag lá spreagúil bronnta gradam I mBaile Átha Cliath áit gur roghnaigh painéal náisiúnta moltóirí na hiarrachtaí ab fhearr ó scoileanna ar fud na tíre. Beidh imeacht dheiridh den scoth againn arís i mbliana I mBaile Átha Cliath, áit go mbeidh cuireadh ag na hiarrachtaí is fearr bheith i láthair agus go mbronnfar gradam orthu maraon le fáil amach cén scoil a thabharfaidh leo trófaí ‘Gradam Scoileanna Domhanda Ár nDomhan Chomhoibriú um Fhorbairt, Éire!

Íoslódáil as Gaeigle

 

© Copyright - The Irish Aid Our World Global Schools' Awards - Real Event Solutions, 54 Ballyhooly Road, St Luke's Cross, Cork Tel: 00 353 21 4550434 - Fax: 00 353 21 4554386 - Email: ourworld@real-event.ie

Created by Arekibo