Bunleibhéal
Tá sé i bhfad níos fusa saincheisteanna domhanda a tharraingt anuas i do sheomra ranga mar chuid de churaclam na bunscoile ná mar a shíleann tú. Is féidir le Cúnamh Éireann na hacmhainní, na smaointe agus an t-eolas a chur ar fáil duit le cabhrú le daltaí tuiscint a fháil ar na naisc atá idir a saol féin agus saol na ndaoine i dtíortha i mbéal forbartha. Is féidir linn cabhrú leat forbairt dhomhanda agus ceisteanna cearta an duine a phlé mar chuid den chúrsa Oideachas Imshaoil agus Eolaíocht Sóisialta (OSIE), agus Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) agus mar obair thraschuraclaim.
Gradaim Chúnamh Éireann, ár nDomhan
Is clár gradam bliantúla é seo maidir le fadhbanna domhanda do dhaltaí i rang a trí go dtí rang a sé. Glacann beagnach 500 scoil páirt sa chlár spreagúil seo gach bliain agus seolann siad tionscadail isteach maidir le téamaí amhail an comhshaol, cearta leanaí, bochtaineacht agus trádáil chóir.
Cuirimid plean ceachta agus tacaíocht ar líne ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí. Tá imeachtaí sárthaispeántais réigiúnacha agus náisiúnta le plaiceanna agus trófaithe ann do thionscadail a chuirtear ar ghearrliosta.
Seolfar Gradaim 2013 in Eanáir 2013 agus cuirfear scoileanna ar an eolas maidir le clárú roimh ré. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na Gradaim, téigh chuig Gradaim, ár nDomhan.
Tabhair cuairt ar an gceardlann ilmheán ‘Kulungira’ ag Ionad Saorálaíochta agus Eolais Chúnamh Éireann
Beir an domhan leat isteach i do sheomra ranga trí pháirt a ghlacadh i gceardlanna bunscoile in Ionad Saorálaíochta agus Eolais Chúnamh Éireann, ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
Is féidir le daltaí ó rang a trí go dtí rang a sé foghlaim faoi bhia agus faoi fheirmeoireacht san Afraic trí scrúdú a dhéanamh ar shaol cailín sa Mhaláiv agus ar na dúshláin atá ann di agus dá pobal, trí cheardlann agus taispeántas ilmheán. Tá na ceardlanna in aisce agus maireann siad ar feadh 90 nóiméad.
Clár Samhraidh Bunscoile Speisialta i mBealtaine agus i Meitheamh
Tabhair do rang chuig an gClár Samhraidh Bunscoile in Ionad Saorálaíochta agus Eolais Chúnamh Éireann i mBealtaine agus i Meitheamh.
Baintear úsáid as ceol chun scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna forbartha domhanda sna ceardlanna seo do rang a trí go dtí rang a sé. Foghlaimíonn leanaí chun fuaimeanna agus rithim na Afraice a sheinm agus chun taitneamh a bhaint astu agus fadhbanna domhanda á scrúdú acu agus iad ag fáil tuiscint ar chultúir eile trí cheol. Tá na ceardlanna in aisce agus maireann siad ar feadh 90 nóiméad.
Faigh tuilleadh amach faoi na ceardlanna le haghaidh bunscoileanna in Ionad Chúnamh Éireann
Acmhainní do mhúinteoirí: Pacáiste teagaisc Ár nDomhan, An Saol Romhainn
Tá pleananna ceachta, bileoga oibre, eolas agus grianghraif dhaite sa phacáiste teagaisc Tíreolaíochta seo do rang a cúig agus rang a sé. Cabhróidh siad leat scrúdú a dhéanamh ar chearta daonna, an comhshaol, Spriocanna Forbartha na Mílaoise agus an ról atá ag cúnamh le do dhaltaí.
Íoslódáil cóip in aisce dár bpacáiste teagaisc Irish Aid Our World Our Future. (PDF, 4.3mb)
Acmhainní do mhúinteoirí: An leabhar scéalta One World Our World
Tá 26 leathanach maisithe sa leabhar scéalta in aisce seo do dhaltaí. Baintear úsáid as eolas ó leanbh go leanbh, scéalta agus fíricí spéisiúla ann chun cabhrú le daltaí ó rang a trí go dtí rang.
Ordaigh an leabhar scéalta One World Our World
Múinteoirí faoi oiliúint
Cabhraíonn an clár um Oideachas Forbartha agus Idirchultúir (DICE) le múinteoirí faoi oiliúint a bheith ag múineadh faoi shaincheisteanna forbartha domhanda agus chun daoine a spreagadh chun an meas céanna a bheith acu ar a gcultúir féin agus ar chultúir eile sa bhaile agus i gcéin. Tacaíonn Cúnamh Éireann le DICE sna cúig choláiste oideachais. Foghlaim tuilleadh faoin gclár DICE i do choláiste:
Coláiste Oideachais Naomh Pádraig
Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann
Faigh Amach Tuilleadh
Faigh tuilleadh acmhainní teagaisc úsáideacha maidir le fadhbanna domhanda ag