Skip to main content

An Dara Leibhéal

Cuireann Cúnamh Éireann Oideachas Forbartha ar fáil ag leibhéal Iar-Bhunscoile trí raon clár agus tacaíochtaí. Tá na cláir seo oiriúnach do scoláirí na Sraithe Sóisearaí agus na hIdirbhliana agus d’fhéadfadh múinteoirí agus scoláirí an ábhair nua, An Pholaitíocht agus an tSochaí, úsáid a bhaint astu chomh maith. Tá Oideachas Forbartha ábhartha go háirithe do ráitis 5, 7, 8, 9 agus 10 de na 24 ráiteas foghlama atá ag croílár na Sraithe Sóisearaí nua.

  • tá feasacht ag an scoláire ar luachanna pearsanta agus tuiscint ar phróiseas chun cinntí morálta a dhéanamh (5)
  • tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith ina s(h)aoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne (7)
  • tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus na fórsaí is cúis le hathrú (8)
  • tuigeann an scoláire bunús agus tionchair ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain mórthimpeall uirthi/air (9)
  • tá an fheasacht, an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus an t-inspreagadh ag an scoláire le maireachtáil go hinbhuanaithe (10)

folláine ar cheann de na prionsabail atá mar bhonn le hoideachas na Sraithe Sóisearaí. Tá 6 tháscaire: Gníomhach, Freagrach, Ceangailte, Athléimneach, Meas agus Feasach, aithnithe mar ghnéithe lárnach d’fholláine na mac léinn. Cabhraíonn clár Oideachais Forbartha ar ardchaighdeán leis na cáilíochtaí seo a chothú san fhoghlaimeoir agus cabhraíonn sé leo imeacht ar thuras fad saoil i dtreo na folláine.

Ceardlanna scoile

Cuirtear ceardlanna scoile ar fáil saor in aisce in Ionad Cúnaimh Éireann, 3 Sráid Chluain Meala, gar do Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Sna ceardlanna idirghníomhacha seo déanann ár n-éascaitheoirí iniúchadh ar shaincheisteanna domhanda amhail bia agus ocras, forbairt inbhuanaithe, na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe agus ról cúnaimh forbartha.

 School Workshops by Irish Aid

Scoláirí ó Mheánscoil Naomh Seosamh, Béal Easa ag ceardlann. (Grianghraf: Cúnamh Éireann)

Maireann na ceardlanna ar feadh 90 nóiméad agus tá siad oiriúnach don tSraith Shóisearach, don Idirbhliain agus don tSraith Shinsearach. Cuirtear acmhainní réamhchuairte agus athleanúna ar fáil do mhúinteoirí.

Ceardlanna ar Líne

Tá Ionad Cúnaimh Éireann dúnta faoi láthair ach is féidir taitneamh a bhaint as ár gceardlanna fós. Sna ceardlanna réamhthaifeadta seo foghlaimeoidh scoláirí na hIdirbhliana agus na Sraithe Sóisearaí faoi obair Chúnamh Éireann i gcoitinne agus faoi ár gclár sa tSaimbia go háirithe.

Ag Dul i bhFeidhm ar an Domhan le Chéile

Tugann an bheochan bheag seo léargas ar obair Chúnamh Éireann i 130 tír ar fud an domhain. Tá Cúnamh Éireann ag cuidiú le domhan níos fearr a chruthú trí dhíriú ar cheithre phríomhréimse tosaíochta: riachtanas daonnúil a laghdú, comhionannas inscne, gníomhú ar son na haeráide agus rialachas a neartú.

Éire agus an tSaimbia - Difríocht á Dhéanamh le Chéile

Sa cheardlann seo foghlaimeoidh tú faoin gcaoi a bhfuil Éire ag obair le comhpháirtithe sa tSaimbia chun difríocht a dhéanamh i saol daoine. Cad atá ar eolas agat faoin tSaimbia? Féach ar an bhfíseán gearr seo (10 nóiméad) chun beagáinín eolais a fháil.

Anois agus réamheolas agat ar an tSaimbia, féach ar an bhfíseán seo (8.49 nóim) ina bhfoghlaimeoidh tú faoin gcaoi a bhfuil Éire ag obair le comhpháirtithe sa tSaimbia chun difríocht a dhéanamh i saol daoine. Féach ar an bhfíseán, labhair le chéile faoin gclár agus déan na bileoga oibre le chéile. Tá an ceacht seo oiriúnach don Idirbhliain, do OSSP agus do thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí.

 

Íoslódáil nó féach ar phleananna ceachta Idirbhliain, OSSP agus Tíreolaíocht anseo. 

Íoslódáil nó féach ar na bileoga oibre anseo: Bileog Oibre 1, Bileog Oibre 2, Bileog Oibre 3

World Wise Global Schools

Is é WorldWise Global Schools  clár náisiúnta Chúnamh Éireann d’iar-bhunscoileanna san Oideachas Saoránachta Domhanda. Tugtar tacaíocht do mhúinteoirí agus do scoláirí gné ceartais dhomhanda a chomhtháthú ina gcuid teagaisc agus foghlama trí ghníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim. Cuireann an clár raon cuimsitheach tacaíochtaí ar fáil do scoileanna lena n-áirítear maoiniú deontais, oiliúint, imeachtaí, acmhainní agus tacaíocht phearsantaithe ó fhoireann WorldWise.

Tá achmhainní i nGaeilge ag WorldWise Global Schools anseo.

Íoslódáil billeog eolais anseo.

 Students at the WorldWise Conference Galway 2018 Credit Mark Stedman

Comhdháil WorldWise, Gaillimh 2018 (Grianghraf: Mark Stedman).

Tuilleadh eolais ar shuíomh Gréasáin World Wise Global Schools .

An Gradam ‘Eolaíocht le hAghaidh Forbartha’

Déanann Cúnamh Éireann, i gcomhpháirtíocht le Self Help Africa, urraíocht ar ghradam Eolaíocht le haghaidh Forbartha ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT. Is spreagadh é an gradam do dhaoine óga chun smaointe a fhorbairt, ag baint úsáide as teicneolaíocht eolaíoch chuí a d’fhéadfadh dul i ngleic le dúshláin agus a bheith úsáideach ar leibhéal an phobail áitiúil sa Domhan Theas. Faigheann buaiteoirí an ghradaim trófaí agus sparánacht € 6,000 do scoláire amháin agus do mhúinteoir amháin taisteal ar chuairt aimsithe fíricí / tástála allamuigh ar thír san Afraic, i gcomhar le Self Help Africa.

 Custom-made seed planter with farmers Memory Pemba and Alick Bamusse in Kwitanda village Balaka Malawi in 2018

Déanann Diarmuid Curtin (ar chlé), múinteoir Donal Enright (sa lár) agus Jack O'Connor (ar dheis) ó Choláiste Deasmumhan, An Caislean Nua Thiar tástáil ar a bplandálaí síl le feirmeoirí Memory Pemba agus Alick Bamusse i sráidbhaile Kwitanda, Balaka, an Mhaláiv in 2018. (Grianghraf: Self Help Africa)

Gradam Domhanda na Saoránach: Nuálaithe Sóisialta Óga

Déanann Cúnamh Éireann urraíocht ar Ghradam na Saoránach Domhanda ag Gradaim na Nuálaithe Sóisialta Óga (YSI). Cuireann Gradaim YSI saoránacht ghníomhach chun cinn trí fhócas láidir ar shaincheisteanna sóisialta. D’fhonn gné na Saoránachta Domhanda na ngradam a spreagadh, tá Cúnamh Éireann ag tacú leis an ngradam seo, (Tugadh Make Our World One World Award air roimhe seo) ó 2005, chun aitheantas a thabhairt do thionscadail a bhfuil comhthéacs domhanda acu agus ina lorgaíonn daoine óga ceartas agus comhionannas mar shaoránaigh dhomhanda.

 Winners of the 2018 Make Our World One World award Portmarnock Community School with YSI Guides Colette Cronin and Niall Fitzgerald and Rita Walsh Director WorldWise Global Schools

Buaiteoirí ghradam Make Our World One World 2018, Scoil Phobail Phort Mearnóg, le treoraaithe YSI Colette Cronin agus Niall Fitzgerald agus Rita Walsh, Stiúrthóir, WorldWise Global Schools

Léigh faoi bhuaiteoirí Ghradam Saoránach Domhanda 2020, Coláiste Ursuline, Fionasclainn, Sligeach anseo.

Tuilleadh eolais ar shuíomh Gréasáin YSI.