Skip to main content

An Scolaíocht á Cur i gCrích: Tacaíocht do scoláirí chun fanacht níos faide ar scoil

An Scolaíocht á Cur i gCrích: Tacaíocht do scoláirí chun fanacht níos faide ar scoil

Michael Munyes

Is cás eisceachtúil é ceann Munyes Michael. Agus é 24 bliana d'aois, tá Céim Bhaitsiléara sa Staidéar Gnó agus san Oideachas ag Munyes agus tá sé ag obair faoi láthair mar Éascaitheoir Pobail le heagraíocht áitiúil a bhíonn ag plé le cearta talún.

Is ó Karamoja in Uganda do Munyes, áit nach bhfuil léamh ná scríobh ag breis is ceathrar daoine fásta as gach cúigear. I gcás beagnach leath na ndaoine in aois scoile, idir 6 agus 24 bliana d'aois, níor fhreastail siad ar an scoil riamh. Fágann líon ard páistí an scoil gan a gcuid oideachais bunscoile ná meánscoile críochnaithe acu. Is é Karamoja an ceantar is boichte agus is imeallaithe sa tír, agus tá sé ag teacht chuige féin tar éis choinbhleacht na mblianta.
Tá Munyes ina measc siúd ar tugadh cúnamh dóibh faoi Chlár Sparánachta Chúnamh Éireann. Le deich mbliana anuas, faoi Chlár Sparánachta Chúnamh Éireann, tugadh tacaíocht do bhreis is 2,000 scoláire, daoine éirimiúla atá faoi mhíbhuntáiste, ionas go bhféadfaidís freastal ar an meánscoil, trí tháillí scoile, leabhair agus ábhair scoile, meantóireacht agus treoir ghairme a chur ar fáil dóibh. I gcás Munyes, athraíodh a shaol de bharr an chláir sin de chuid Chúnamh Éireann.

"Ní raibh an saol éasca agam in aon chor sula ndeachaigh mé ag an ardscoil. Thug mé faoin mBunscrúdú um Fhágáil Scoile trí bliana as a chéile; 2004, 2005 agus 2006. Cé gur éirigh liom gráid arda a fháil, ní raibh an teaghlach in ann mé a chur chuig an meánscoil. Agus mé ag an mbunscoil, bhíodh mo mháthair, bean scothaosta, ag dó gualaigh chun ábhair scoile a sholáthar dom. Bhínn féin ag obair do dhaoine freisin, ag fáil uisce agus ag bailiú adhmaid don tine ar íocaíocht bheag. D'athraigh mo shaol nuair a bronnadh scoláireacht de chuid Chúnamh Éireann orm. Ní raibh aon rud de dhíth orm toisc gur íocadh mo chuid táillí scoile. Chuirtí gach ábhar scoile ar fáil dom. Agus muid ag an ollscoil, tugadh airgead póca dúinn agus iompar chuig an mbaile agus ón mbaile, íocadh as lóistín dúinn... murach an clár sparánachta, ní bheinn sa riocht ina bhfuilim anois."

I réigiún ina gcuirtear oideachas iar-bhunscoile ar níos lú ná páiste amháin as gach deichniúr, tá Cúnamh Éireann ag tacú le páistí chun aistriú ón mbunscoil chuig an iar-bhunscoil, agus chun a gcuid scolaíochta a chur i gcrích. Ar an gcaoi sin, réitítear daoine óga ionas gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh sa saol, agus cuirtear leis na roghanna agus na deiseanna a bhíonn rompu sa mhargadh fostaíochta.

Tá clár forbartha na hÉireann in Uganda dírithe go tréan ar fheabhas a chur ar an rochtain ar an oideachas agus ar cháilíocht an oideachais. In 2018, caithfear beagnach €4.5 milliún ar oideachas. Chomh maith le sparánachtaí a sholáthar, bíonn Cúnamh Éireann i mbun oibre le UNICEF agus le comhpháirtithe eile chun tacú le feabhsuithe ar bhainistíocht scoile, ar líon na múinteoirí, agus ar laghdú a dhéanamh ar an bhforéigean i gcoinne páistí sna scoileanna.

|