Uisciúchán ag cur leis an séasúr fáis
Tá Mary Zumbuza, 51, ina cónaí i Réigiún Ntcheu d’Údarás Traidisiúnta Makwangwala , lena cúigear páiste agus cúigear garpháiste. Sular tugadh an scéim uisciúcháin isteach chuir Mary grán buí i rith séasúr na báistí ach níor chuir a ceapach beag go leor bia ar fáil don bhliain iomlán agus ba mhinic ocras ar a clann sna míonna roimh an fómhar.
D’fhág córas uisciúcháin, a tógadh faoi Chlár Tacaíochta Forbartha Áitiúil a d’fheidhmigh Concern Universal le maoiniú ó Chúnamh Éireann, go bhfuil sé indéanta barra a fhás lasmuigh de shéasúr na báistí. Fásann Mary grán buí, trátaí, oinniúin agus glasraí glasa agus úsáid á baint aici as síolta deimhnithe. Bíonn bia anois ag an teaghlach ar feadh na bliana. Bhí Mary ábalta barra sa bhreis a fhás a dhíol sí agus d’úsáid an brabús le gabhar agus roinnt sicíní a cheannach, táillí scoile a íoc agus raidió a fháil.
Téann an clár thar an córas uisciúcháin nua amach. Fuair Mary oiliúint ar chothú agus comhairle faoi bhaol na maláire a laghdú mar aon le rochtain ar Thástáil agus ar Chomhairliúchán do VEID agus SEIF (HTC).
Tá rochtain anois ag an gceathrú cuid de theaghlaigh ar fud Údaráis Thraidisiúnta Makwangwala ar roinnt talún uiscithe. Tá méadú tagtha ar líon na leanaí faoi bhun a cúig bliana d’aois atá ag fáil cothú a ndóthain ó 1.2% go 17.6%. Mhéadaigh líon na n-aosach a bhfuil rochtain acu ar HTC de 40%. Mhéadaigh leibhéal teacht isteach an teaghlaigh ó ghníomhaíochtaí gnó ó 19% go 25.4%.