Skip to main content

Teacht aniar a neartú trí uisciúchán feabhsaithe

Irrigation canal, Pa Lang village, Nghia Thuan commune, Quan Ba district, Ha Giang province, Vietnam. Photo: Pham Quang Hoa

Bhí feirmeoirí in ann roinnt stoic bharrachais a tháirgeadh ar féidir leo a dhíol i margaí.

I Réigiún Quan Ba de Thuaisceart Vítneam, ba ghnáth leis na mionlaigh eitneachaTayagus Nung barr amháin ríse a fhás in aghaidh na bliana. Ach ag brath ar bháisteach shéasúrach ní fhéadfaí muinín a bheith as an mbarr agus d’fhulaing roinnt mhaith teaghlach bochta ganntanas bia sa sráidbhaile seo idir fómhair.

Le barr agus soláthar bia níos seasmhaí a chinntiú fuair Coiste na nDaoine de chuid Réigiúin Quan Ba maoiniú ó Chúnamh Éireann chun córas uisciúcháin a thógáil le huisce a thabhairt chuig cnoic shraithe sráidbhaile Pa Lang.

Thug an Coiste conradh do chuideachta leis an gcainéil uisciúcháin a thógáil agus bhí baint dhlúth ag muintir shráidbhaile Pa Lang leis an obair. Agus maoirseacht á déanamh ar an tionscadal chinntigh siad gur tugadh an obair chun críche go leibhéal sásúil, agus gur úsáideadh píopaí cruacha ag codanna géara le doirteadh a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis chreimthe nó sciorrthaí talún sa todhchaí.

Féadfaidh muintir shráidbhaile Pa Lang anois barra breise a fhás mar ghrán buí, práta, cáilráib agus glasraí eile anuas ar a bpríomhbia, rís.  Mhéadaigh sé seo éagsúlacht ina réimsí bia agus chinntigh soláthar rialta de bhia cothaitheach ar feadh na bliana. Ina theannta bhí feirmeoirí in ann roinnt stoic bharrachais a tháirgeadh ar féidir leo a dhíol i margaí, rud a thugann foinse luachmhar ioncaim dóibh.