Skip to main content

Rochtain ar chreidmheas i gceantar tuaithe i Mósaimbíc

Village Savings and Loan Association group, Inhambane, Mozambique. Photo: Luisa Duarte, Irish Aid

Tá mná leochaileacha atá ina gcónaí i limistéir thuaithe in Inhambane ag fáil cúnaimh anois trí thionscamh micreamhaoinithe.

Tá 1.4 milliún duine ina gcónaí i gCúige Inhambane i nDeisceart Mhósaimbic, breis agus aon mhilliún díobh sin ag brath ar thalmhaíocht ar scála beag atá cothaithe ag an mbáisteach dá slí bheatha;  saol neamhbhuan i gceantar ina bhfuil an ithir bocht agus an bháisteach neamh-intuartha.

An saol sin a dhéanamh níos sláine, níos buaine is croílár d’obair Chúnamh Éireann. Má bhíonn teacht isteach níos buaine ag feirmeoirí bochta, idir fhir agus mhná, beidh siad i riocht níos fearr chun suaitheadh tobann a sheasamh mar shampla triomach nó tuilte nó éifeachtaí athraithe aeráide.

Tá mná leochaileacha atá ina gcónaí i limistéir thuaithe in Inhambane ag fáil cúnaimh anois trí thionscamh micreamhaoinithe.

Mar chuid de chlár atá á chur i bhfeidhm ag CARE le tacaíocht Chúnamh Éireann, tá grúpaí micreamhaoinithe ar a dtugtar Comhlachais Iasachtaí agus Coigiltis Sráidbhaile curtha ar bun chun cuidiú leis na baill airgead a choigilt agus rochtain a fháil ar chreidmheas.

Tá idir 10 go 25 ball i ngach Comhlachas, a gcoigilteas á charnadh agus rochtain á fháil ar iasachtaí. Cuidíonn airgead i dtaisce le teaghlaigh suaitheadh mar theip barr nó tinneas a sheasamh, agus le rochtain acu ar chreidmheas féadfaidh baill infheistíocht a dhéanamh lena n-ioncam a fheabhsú. Ina theannta, d’fhéadfadh go bhfágfadh smacht ar airgead i dtaisce go mbeadh cead cainte níos mó ag mná i gcinntí an teaghlaigh.