Skip to main content

Na daoine is leochaileacha á gcosaint le líontáin sábháilteachta shóisialta

Social Assistance Grants for Empowerment, Naachuka village, Moroto District, Karamoja, Uganda. Photo: Wendy Kasujja

Tá 75.8% den daonra ag maireachtáil faoi thairseacha na bochtaineachta.

Tá aeráid chrua i réigiún Karamoja, in OirthuaisceartUganda, triomach agus coinbhleacht rialta. Tá 75.8% den daonra ag maireachtáil faoi thairseacha na bochtaineachta i gcomparáid leis an meán náisiúnta de 24.5%.

Is bean scothaosta ó Karamoja í Lucia Nake, í freagrach as teaghlach d’ochtar lena n-áirítear seachtar dá garpháistí ó aois a ceathair go dtí  seacht mbliana déag. Ó cailleadh a fear bhí an saol níos deacra fós ag an teaghlach a d’fhág nach raibh sé inacmhainne duine ar bith dá garpháistí a chur ar scoil.  

Ach tugadh dóchas di tríd an gclár Deontais Chúnaimh Shóisialta don Chumasú (SAGE) i Karamoja, a dtugann Cúnamh Éireann tacaíocht dó. Tá Lucia ar dhuine de 2,642 a bhfuil 60 bliain slánaithe acu a bhaineann leas as an líontán sábháilteachta seo ina mbíonn aistriú airgid beag ach rialta de €8 in aghaidh na míosa i gceist. Tacaíonn SAGE le daoine scothaosta, le dílleachtaí agus le daoine faoi mhíchumas nach féidir leo obair a dhéanamh chun cuidiú leo a riachtanais bhunaidh a bhaint amach.

Tá píolótú ar an gclár a bhunaigh Cúnamh Éireann, Roinn Forbartha Idirnáisiúnta na RA agus UNICEF, i gcomhpháirtíocht le Rialtas Uganda, á dhéanamh i 14 réigiún in Uganda agus rinne leas breis agus 70,000 duine go dtí seo.

Our work in Uganda

Learn more about the work of Irish Aid in Uganda in our 2012 Annual Report.