Beatha daoine á n-athrú le haistrithe beaga in airgead tirim
In 2004, sheol Rialtas na Saimbia, agus tacaíocht aici ó Éirinn agus ó bhronntóirí eile, clár aistrithe airgid thirim sóisialta. Faoin gclár, faigheann teaghlaigh leochaileacha €8 gach mí – ní mór an méid é ach is leor é le fíor-athrú a dhéanamh. Is iad na teaghlaigh is boichte laistigh dá bpobal a fhaigheann cúnamh, teaghlaigh gan aosaigh atá in ann obair a dhéanamh. Áirítear anseo daoine scothaosta agus teaghlaigh a ndeachaigh VEID agus SEIF i bhfeidhm orthu, seanaithreacha agus seanmháithreacha go minic a bhfuil dílleachtaí á dtógáil acu.
“Bhínn ag brath ar lucht dea-mhéine le bia a thabhairt dom ach anois is féidir liom daoine a fhostú chun an talamh sa ghort gráin bhuí a shaothrú. Is acmhainn dom síolta gráin bhuí agus leasacháin a cheannach. Bíonn go leor bia agam don teaghlach de ghnáth,”
Tá breis agus 50,000 teaghlach thar sé cinn as deich gcúige na Saimbia rollaithe sa gclár, teacht aige ar thart ar 250,000 duine. Tá torthaí suntasacha le tabhairt faoi deara lena n-áirítear níos mó bia a bheith ag teaghlaigh, freastal scoile níos fearr ag leanaí agus ainmhithe beaga anois i seilbh níos mó teaghlach.
Táimid ag tacú le cláir choimirce sóisialaí náisiúnta toisc go n-aithnímid gur féidir le híocaíochtaí in airgead tirim agus le tacaíochtaí eile difear mór a dhéanamh do bheatha daoine atá beo bocht. Cuidíonn tacaíochtaí beaga ach rialta dá leithéid chun a chinntiú go mbíonn go leor le n-ithe ag teaghlaigh leochaileacha, agus nuair a bhíonn freastal déanta ar a mbunriachtanais, go mbíonn siad in ann sábháil agus pleanáil don todhchaí.
“Bhínn ag brath ar lucht dea-mhéine le bia a thabhairt dom ach anois is féidir liom daoine a fhostú chun an talamh sa ghort gráin bhuí a shaothrú. Is acmhainn dom síolta gráin bhuí agus leasacháin a cheannach. Bíonn go leor bia agam don teaghlach de ghnáth,” a dúirt Elina Tembo, 87, réigiún Katete.