Skip to main content

Dath níos mó ar an bpláta

Enhanced Homestead Food Production (EHFP) project, L to R: Monika Lukubunja, Masanyiwa Nkuzibwohi, Sofia Mangaga, Leya Mizimali, Lushamba village, Mwanza, Tanzania. Photo: Victor Kamagenge HKI

má ‘chuirtear níos mó dath ar an bpláta’ go méadaíonn sé an éagsúlacht i réim bia teaghlaigh agus cuidíonn chun míchothú a smachtú

Is céim amháin í i dtreo slándáil bhia a chinntiú deimhin a dhéanamh de go bhfuil go leor bia le n-ithe. Gan réim ilchineálach bia ina bhfuil raon cothaitheach luachmhara, leanfaidh daonraí leochaileacha de bheith i mbaol ó mhíchothú ainsealach agus d’fhéadfadh nach mbeidís in ann a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Bhí rannpháirtithe áirithe in ann a síolta a choimeád agus táirge barrachais a dhíol le hioncam breise a fháil. Ceadaíonn fiú teacht isteach beag do mháithreacha bia níos ilchineálaigh agus cothaithí a cheannach, an réim bhia á éagsúlú tuilleadh

Sa Tansáin áit a gcaitheann móramh na dteaghlach bocht réim bia neamchothromaithe, bunaithe den chuid is mó ar ghránaigh, is fadhb shláinte thromchúiseach í an míchothú ainsealach. Agus cé go raibh feabhas feiceálach ar roinnt mhaith táscairí sláinte náisiúnta le deich mbliana anuas, is beag athrú a tháinig ar an stádas cothaitheach.

Aithníonn Helen Keller Idirnáisiúnta l (HKI), le tacaíocht Chúnamh Éireann, má ‘chuirtear níos mó dath ar an bpláta’ go méadaíonn sé an éagsúlacht i réim bia teaghlaigh agus cuidíonn chun míchothú a smachtú. I Mwanza, i dTuaisceart na Tansáine, tá HKI tar éis a bheith i mbun spreagadh a thabhairt do theaghlaigh a mbarra glasraí dúchasacha, micrea-ilchothaitheacha féin a fhás agus a ullmhú. Eagraíonn HKI imeachtaí pobail agus taispeántais chócaireachta chun béim a chur ar na tairbhí a bhaineann le glasraí a fhás agus a ullmhú agus chun iompar cothaithe a athrú.

Trí thógáil ar an bhfianaise agus foghlaim ón eispéireas i Mwanza, táthar ag súil go dtógfar ar an tsamhail chun aghaidh a thabhairt ar an ocras agus slándáil bhia a chinntiú ar fud na Tansáine ag teacht le Straitéis Chothaithigh Náisiúnta an Rialtais.