Tacaíocht do theaghlaigh díláithrithe sa tSiria
Dhá mhí ó shin theith Abdullah, siúinéir as an tSiria, a bhaile i Aleppo chun éalú ón gcoimhlint. Maraíodh cuid mhór den teaghlach agus nuair a scriosadh gnó siúinéireachta agus teach Abdullah le hionsaí buama ón aer chinn an teaghlach go raibh sé in am tearmann a lorg in áit eile.
“Ní fhéadfadh muid fanacht i Aleppo dada ní b’fhaide, toisc go raibh mé gan teach gan obair, agus bhí sé ró-chontúirteach a bheith ann ar aon nós, mar gheall ar an troid”, a mhínigh Abdullah.
“Ní fhéadfadh muid fanacht i Aleppo dada ní b’fhaide, toisc go raibh mé gan teach gan obair, agus bhí sé ró-chontúirteach a bheith ann ar aon nós, mar gheall ar an troid”.
In éineacht lena bhean chéile Fatima, a dtriúr clainne beaga agus an mórtheaghlach, d'iarr sé tearmann i sráidbhaile beag in aice le Corconia i dtuaisceart na Siria.
Cé go raibh sé deacair ag an teaghlach seo a mbaile a fhágáil, ina dhiaidh sin féin braitheann siad níos sábháilte san áit ina bhfuil siad. “Anseo sa sráidbhaile seo, níl dada againn ach an oiread, ach amháin an méid beag a thugann an coiste faoisimh dúinn, ach ar a laghad táimid slán”
Tá Goal, le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, ag cabhrú le Siriaigh cosúil le Abdullah agus a theaghlach a raibh orthu a dtithe fhágáil chun éalú ón gcoimhlint. Faigheann teaghlaigh pluideanna agus trealaimh sláinteachais a sholáthraíonn Cúnamh Éireann agus plúr a sholáthraíonn Goal. Tá 33,000 pacáiste bronnta ag Cúnamh Éireann agus 1,764 dáilte go dtí seo ag Goal rud a chuidíonn le níos mó ná 10,000 duine.
Meastar go bhfuil 2 mhilliún duine díláithrithe go hinmheánach sa tSiria. Faigheann a bhformhór dídean mar is féidir leo, go minic i bhfoirgnimh gan leictreachas, gan teas, gan uisce reatha. Sin dúshlán ag am ar bith den bhliain ach baineann deacracht áirithe leis le linn gheimhreadh fuar na Siria.
Freagairt d’Éigeandálaí
Léigh tuilleadh faoi chonas a bhfreagraímid do chásanna éigeandála.