Athrú Mór ar Fheirmeoireacht in Tigray, an Aetóip
Tá feirm GebreMariam Desalegn suite i ngleann in Begasheka i measc chnoic Tigray i dtuaisceart na hAetóipe. Tá a chuid garraithe glas agus ag fás, fiú le linn an tséasúir thirim, iad fíor-shuntasach le hais na gcnoc tirim agus deannachúil. Is toradh é sin ar GebreMariam, a bhfuil a bhean agus ceathrar den seisear clainne á gcothabháil ag an bhfeirm, a bheith mar chuid de dhá thionscadal a fuair tacaíocht ó Chúnamh Éireann a bhfuil an fheirmeoireacht athraithe go mór sa cheantar acu.
Tá feirmeoirí áitiúla fostaithe ag tionscadal a fhaigheann tacaíocht Chúnamh Éireann le haghaidh dobhardhromanna a bhainistiú chun déileáil le fadhb an ghanntanais uisce. Chun é sin a dhéanamh déantar bailitheoirí uisce, dambaí beaga agus léibhinn a thógáil agus cuirtear crann; cuidíonn sé sin uile le huisce a choinneáil san ithir. Déantar an obair thar ghleannta iomlána nó dobhardhromanna agus ardaítear an leibhéal taisligh san uisce do phobail iomlána. Deir GebreMariam ‘Tá feabhas tagtha ar an maoschlár. Bíonn taisleach ann aon uair a threabhaimid an ithir.'
Leis an dara tionscadal de chuid Chúnamh Éireann, agus chun cur leis sin, bhíothas ag iarraidh táirgeacht feirmeoirí a mhéadú trí obair a dhéanamh leo chun cineálacha barr níos fearr a fhás. Chuaigh feirmeoirí isteach i ngrúpaí taighde a d'eagraigh Foras Taighde Talmhaíochta Tigray le smaointe a roinnt, le hoiliúint a fháil agus chun tástálacha a dhéanamh le haghaidh na gcineálacha barr ab úsáidí dá talún a fháil. Ciallaíonn an dlúthobair le feirmeoirí go roghnaítear na barra agus na modhanna feirmeoireachta nua bunaithe ar riachtanas na bhfeirmeoirí; leis sin baintear torthaí níos fearr amach, bíonn na barra níos cothaithí agus bíonn siad in ann déileáil níos fearr le hadhaimsir nó galair. Tá tionchar ag athrú aeráide ar an Aetóip cheana féin, tá an aeráid ag éirí níos teo agus na séasúir ag éirí níos guagaí. Dá bhrí sin, tá níos mó tábhachta fós ag baint le huisce a bhainistiú agus barra níos crua chun cabhrú le feirmeoirí ar nós GebreMariam déileáil leis na hathruithe sin.
A bhuíochas don dá thionscadal sin, ní hamháin go bhfuil níos mó uisce ag an feirm GebreMariam, is féidir cineálacha nua de sicphiseánaigh a fhás sa séasúr tirim nuair a bhaintear an grán buí. Deir sé go bhfuil na sicphiseánaigh in ann fás go héasca le taisleach iarmharach. Is féidir le GebreMariam 300 cileagram de shicphiseánaigh a fhás anois ar an ochtú cuid de heicteár. 'Is féidir go leor a fhás i gcomparáid leis an gcineál áitiúil agus is féidir linn níos mó ioncaim a fháil', a deir GebreMariam faoi na sicphiseánaigh, agus anuas air sin 'tá siad blasta', a deir sé agus é ag gáire. Déanann an cineál tacaíochta sin, tacaíocht chomhlántach, fíor-dhifríocht do shaol feirmeoirí bochta, ní hamháin ag cur lena n-ioncam ach ag cabhrú leo freisin déileáil níos fearr leis na hathruithe atá ann de bharr athrú aeráide.
Is é an chéad chéim riachtanach le teacht ar réitigh a chosnóidh na daoine is boichte agus is leochailí ná éisteacht le heispéiris na bpobal atá ag maireachtáil le hathrú aeráide cheana féin agus atá ag iarraidh déileáil le dúshláin an ocrais agus an tearc-chothaithe. Leis an gComhdháil ar Ocras, Cothú, Ceartas Aeráide a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath i lár an Aibreáin, tiocfaidh grúpa ilghnéitheach de lucht déanta beartas, daoine áitiúla agus ceannairí smaointeoireachta domhanda le chéile le foghlaim ó thaithí phraiticiúil agus le bheith mar thionchar ar ár n-iarrachtaí forbartha amach anseo.