Ag Freagairt d’Ocras agus Athrú Aeráide san Aetóip
Tá teach Shefena Kahsay, atá déanta as na clocha céanna atá sa chnocán garbh a bhfuil an teach suite air, lánpháirtithe go réidh leis an tírdhreach ina bhfuil sé. Tá cuma phictiúrtha air, ach tá an ithir sa chuid seo de Tigray i dTuaisceart na hAetóipe gainmheach agus ina phúdar. Tá na cnoic géar agus tá an aeráid crua, agus dá bharr sin tá sé deacair aon rud a fhás.
Cé gur baintreach í agus go bhfuil uirthi beirt mhac a chothú, is scéal faoi athrú é scéal Shefena. Dúirt sí, agus í ag breathnú amach ar an bhfeirm, ‘Dhíol mé mo chuid eallaigh uile nuair a bhásaigh m'fhear céile agus thug mé mo thalamh ar léas do dhaoine eile, ach anois tá talamh ar léas agamsa ó dhaoine eile agus tá mo chuid eallaigh uile ar ais agam.’
Tá feirm Shefena athraithe go mór ag tionscadail a fuair tacaíocht Chúnamh Éireann. Le ceann de na tionscadail sin, díríodh ar dhambaí beaga a thógáil agus léibhinn a chruthú; moillíonn siad sin go léir an sruth uisce agus bailíonn sé faoi thalamh, rud a fhágann níos mó taisligh san ithir. Leis an ardú maoschláir, bhí Shefena in ann tobar a dhéanamh ar a cuid talún agus anois tá sí in ann uisciú agus glasraí a fhás a dhíolann sí ar bhrabús sa séasúr tirim.
Mar chomhlánú air sin, tá iarracht déanta, le tionscadal eile le tacaíocht Chúnamh Éireann, táirgiúlacht na mbarr a fhásann feirmeoirí a fheabhsú. Forbraíonn ionaid thaighde cineálacha nua, curtha in oiriúint do choinníollacha áitiúla, agus déantar iad a thástáil go háitiúil le cúnamh ó fheirmeoirí a roghnóidh na barra is táirgiúla agus is crua. Bíonn torthaí níos fearr ar na barra sin, bíonn siad níos frithsheasmhaí in aghaidh galair agus bíonn siad in ann déileáil níos fearr le tionchar athrú aeráide. Chuimhnigh Shefena ar an spreagadh a thug comhordaitheoir an tionscadail, go háirithe d'fheirmeoirí mná. ‘Duine speisialta a bhí ann’ a dúirt sí ‘ a thug spreagadh do líonta tí a raibh mná i gceannas orthu.' Agus í ag caint faoin gcruithneacht a fhásann sí anois, dúirt Shefena ‘Thriomaíodh an tsean-chruithneacht leis an teas, fásann an chruithneacht nua i dtrí mhí agus bíonn an-bharr ann.' Tá sí in ann a teaghlach a bheathú ar feadh na bliana anois leis an mbarr sin agus sin amháin.
Is breá an sampla iad an dá thionscadal sin den chaoi a dtugtar freagairt iomlánaíoch ar athrú aeráide, ar bhochtaineacht agus ar ocras le cur chuige comhtháite, a mbeidh fíor-thionchar aige ar shaol daoine ar nós Shefena. Rinne sí achoimre den méid sin uile nuair a dúirt sí 'Tá an saol feabhsaithe go mór do mhná ar nós mé féin.'
Beidh éifeachtaí athrú aeráide agus a thionchar ar ocras agus cothú á bplé ag Comhdháil Idirnáisiúnta ar Ocras, Cothú , Ceartas Aeráide a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath san Aibreán.