A chinntiú go n-éistear le mná sa Tansáin
Ní hamháin go bhfuil ioncam Asha Mohammed méadaithe faoi ocht ó ghlac sí páirt trí bliana ó shin i nGrúpa Ban Kivulini in Mwanza ar bhruach Loch Victoria sa Tansáin, rud a thugann dóchas di go bhfaighidh a cuid leanaí oideachas níos fearr, ach labhraíonn sí amach ar a son féin anois agus tá ról níos mó aici ina pobal.
Cabhraíonn an maoiniú a thugann Cúnamh Éireann d’eagraíochtaí ban sa Tansáin le mná mar Asha Mohammed níos mó a thuilleamh agus tionchar níos mó a bheith acu i gcinntí a théann i bhfeidhm orthu féin agus ar a dteaghlaigh.
Mná á gcumhachtú féin
Eagraíocht Phobail is ea Grúpa Ban Kivulini a chuireann oiliúint ar fáil faoi chearta daonna. Leagann siad béim ar foréigean baile a laghdú agus tugann siad tacaíocht do na baill chun gnó a thosú. Tá oiliúint faoi ghnóthaí beaga faighte ag os cionn 700 bean as an gceantar.
Bhunaigh Asha agus na mná eile sa ghrúpa gnó déanta iógairt agus bíodh is nach raibh acu ach 10,000 scilling (€5) in aghaidh na míosa ar dtús, tá fás measartha mór tagtha ar a n-ioncam ó shin. Bíonn 80,0000 scilling (€40) in aghaidh na míosa ag gach ball anois. Cuireann an t-airgead breise go mór le hioncam an teaghlaigh agus cabhraíonn sé le cinntiú go dtugtar tacaíocht don ghrúpa i measc an phobail agus go bhfuil meas ag daoine orthu.
Dearcaí atá ag Athrú
Cé go raibh fear céile Asha in aghaidh an Ghrúpa Ban ar dtús tacaíonn sé go hiomlán leo anois agus déanann sé stocaireacht ar son chomhionannas na mban i measc a chomhghleacaithe sa phobal. Déanann sé féin agus Asha cinntí le chéile anois faoi conas an t-airgead breise a chaitheamh agus tá sé beartaithe acu é a chaitheamh ar oideachas dá leanaí.
"Ní dheachaigh mé féin ná m’fhear céile go dtí an meánscoil," a dúirt Asha. "Ach ar a laghad tá cúrsaí níos fearr agamsa ná mar a bhí ag mo mháthair nuair a bhí sise an aois atáim féin anois. Is é an rud atá mé ag súil leis ná go gcuirfear oideachas maith ar mo pháistí agus go gcríochnóidh siad an cúrsa meánscoile."
Cuidíonn an oiliúint agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil dóibh dúshlán dearcaí an phobail a thabhairt agus iad a athrú, agus cuireann sé ar chumas na mban róil níos cothroime a bheith acu sa bhaile agus ina bpobail féin.
Foréigean in aghaidh ban a laghdú
Tá ag éirí leis. Tá laghdú tagtha cheana féin ar an méid foréigin a imrítear ar mhná sa bhaile. Sárú cearta an duine is ea an foréigean seo agus is iomaí bean in Mwanza agus ar fud na Tansáine a bhíonn thíos leis.
Tá sé cruthaithe gur féidir timthriall na bochtaineachta agus an fhoréigin a bhriseadh trí dhearcaí i leith na mban a athrú ach is próiseas fadtéarmach é. Mar sin féin, léiríonn Grúpa Kivulini gur féidir é a dhéanamh. Tá athrú á dhéanamh ar shaol daoine trí tuiscint a thabhairt do mhná ar a gcearta féin, trí ról geilleagrach níos mó mar aon le páirt níos mó i ndéanamh cinntí a thabhairt dóibh agus trína chinntiú go mbíonn fir páirteach i ndíospóireachtaí pobail chun cabhrú leo na saincheisteanna a thuiscint.
Todhchaí níos fearr a thógáil
Tá a fhios againn ón taithí atá againn gurb é an rud a tharlaíonn nuair a bhíonn mná oilte, sláintiúil agus nuair is féidir leo páirt níos iomláine a ghlacadh sa tsochaí ná go mbíonn buntáistí ann dá leanaí, dá bpobail agus dá dtíortha; go dtagann laghdú ar bhochtaineacht agus ar dhroch-chothú, go bhfeabhsaítear caighdeáin mhaireachtála agus go gcuirtear le fás geilleagrach. Is mar gheall air seo, agus toisc gur ceart daonna é comhionannas inscne, is ea a bhíonn sé mar chroílár ár gcuid oibre againn.
Ní hamháin go mbímid ag obair sa Tansáin le grúpaí pobail mar Ghrúpa Ban Kivulini ach oibrímid i ndlúth chomhpháirtíocht leis an rialtas agus le tíortha bronntacha eile lena chinntiú go gcuirtear riachtanais agus taithí na mban san áireamh nuair atá beartais náisiúnta á gceapadh i leith talmhaíochta, dlí agus sláinte agus déanaimid é sin le cinntiú go bhfoghlaimeoidh na daoine atá i gceannas ó thaithí na ngnáthdhaoine.
Bímis bródúil as seo
Seacht gcéim D’éirigh leis an Tansáin seacht gcéim níos airde a bhaint amach maidir lena rangú in Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na NA idir 2006 agus 2011.