Tacaíocht dar luach €7.5 milliún fógartha ag Éirinn don IFAD
Press release
12 February 2018Tacaíocht dar luach €7.5 milliún fógartha ag Éirinn don Chiste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta (IFAD)
Tá sé fógartha ag an Uasal Simon Coveney TD, Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, go bhfuil sé ar intinn aige €7.5 milliún a chur ar fáil i leith na tréimhse 2019-2021 don Chiste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta (IFAD), mar thaca lena chuid oibre chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht tuaithe sna tíortha i mbéal forbartha.
I gcruinniú le déanaí le toscairí de chuid na hearnála talmhaíochta ó 11 tír Afracach, dúirt an tAire Coveney go bhfuil sé ina thosaíocht ag Éirinn, mar bhall den eagraíocht IFAD agus chun tacú leis, a chinntiú 'go leanfar ar aghaidh ag díriú obair agus acmhainní an Chiste ar na tíortha is boichte agus is leochailí'. Cuideoidh an t-airgead seo leis an obair sin a dhéanann IFAD.
Rinneadh an fógra sin tráth a bhfuil Comhairle Rialaithe IFAD ag teacht le chéile sa Róimh chun an plean dá cuid i leith na tréimhse 2019-2021 a chur chun cinn. Faoin bplean sin, cuideofar deireadh a chur leis an mbochtaineacht tuaithe i dtíortha i mbéal forbartha, agus díreofar go háirithe ar inscne, ar an athrú aeráide, ar chothú agus, le déanaí, ar an ógfhostaíocht. Tá beartais agus cuspóirí IFAD ag teacht go mór le clár na hÉireann don chomhar forbartha idirnáisiúnta.
"Is é an tiomantas domhain céanna atá ag IFAD agus Éirinn i dtaobh deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an ocras ar domhan," a dúirt Gilbert F. Houngbo, Uachtarán an Chiste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta. "Fáiltíonn IFAD roimh an ról ceannaireachta leanúnach atá á ghlacadh ag Éirinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus roimh an tacaíocht mhéadaithe uaithi d'infheistíochtaí fadtéarmacha sa talmhaíocht agus i gclaochlú na tuaithe, infheistíochtaí atá ríthábhachtach chun na spriocanna sin a bhaint amach. Déanann IFAD infheistiú i ngach ceann de phríomhthíortha comhpháirtíochta na hÉireann, tugann sé tacaíocht agus cumhacht do mhuintir is boichte agus is imeallaithe na tuaithe chun cur lena gcuid ioncam, leis an tslándáil bia agus leis an teacht aniar atá iontu."
CRÍOCH
12 Feabhra 2018
An Phreasoifig
Nótaí d'eagarthóirí:
• Is institiúid airgeadais idirnáisiúnta é an Ciste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta (IFAD). Is sa Róimh atá a cheanncheathrú aige agus is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe é. Bunaíodh é in 1977 mar chomhpháirtíocht idir ballstáit na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), Eagraíocht na dTíortha Onnmhairithe Peitriliam (OPEC) agus tíortha eile i mbéal forbartha.
• Bhí Éire ar cheann de na tíortha bunaidh agus tá méadú tagtha ar bhallraíocht IFAD sa chaoi is gur 176 tír atá ann anois. Faoi láthair tá ceann de shuíocháin mhalartacha na gcomhaltaí ag Éirinn ar an mbord feidhmiúcháin, a bhfuil 36 comhalta air.
• Sa mheasúnú ar chláir IFAD sa tréimhse 2010-2015, tugadh ar aird go ndeachaigh a gcuid oibre chun tairbhe do 139 milliún duine, agus measadh gur tugadh 24 milliún duine slán ón mbochtaineacht.
• Tá ainm in airde ar IFAD mar ghníomhaireacht iasachtaithe agus, sa mheastóireacht is déanaí a rinneadh ar fheidhmíocht a chuid tionscadal, measadh go raibh 75% acu sásúil nó níos mó ná sásúil sa tréimhse 2002-2015. Tá sé sin go maith i gcomparáid le hinstitiúidí iasachtaithe idirnáisiúnta eile, amhail an Banc Domhanda agus Banc Forbartha na hAfraice.
• Ar an meán, soláthraíonn IFAD breis is aon bhilliún US$ in aghaidh na bliana in iasachtaí agus deontais don earnáil talmhaíochta in 97 tír i mbéal forbartha. Is san Afraic a dhéanann IFAD beagán os cionn leath a chuid oibre, agus tá 85 tionscadal ar siúl aige ar fud 40 tír. Sa chlár 3 bliana atá á reáchtáil aige faoi láthair i leith na tréimhse 2016-2018, tá IFAD ar an mbóthar ceart chun US$ 3.2 billiún san iomlán a thabhairt ar iasacht agus tá sé beartaithe aige cur lena chuid infheistíochtaí sa tréimhse 2019-2021 atá romhainn.