Comhaontú um Chánachas Dúbailte sínithe idir Éire agus Gána chun tacú leis an Trádáil san Afraic
Press release
07 February 2018Comhaontú um Chánachas Dúbailte sínithe idir Éire agus Gána chun tacú leis an Trádáil san Afraic Thiar
Tá Comhaontú um Chánachas Dúbailte sínithe ag Éirinn le Gána, Is céim thábhachtach é sin chun borradh a chur faoin trádáil leis an Afraic Thiar.
Ba iad Ambasadóir na hÉireann go Poblacht Ghána, an tUasal Seán Hoy, agus an tAire Airgeadais agus Pleanála Eacnamaíche, Gána, an tUasal Ken Ofori-Atta, a shínigh an Comhaontú – an chéad chomhaontú dá leithéid idir Éire agus tír ón Afraic Thiar – ag searmanas in Accra Dé Céadaoin an 7 Feabhra. Tugadh cuireadh d'ionadaithe ó ESB International, Guinness agus Tullow Oil, a bhíonn i mbun gnó nach beag i margadh Ghána, a bheith páirteach i dtoscaireacht na hÉireann ag an searmanas.
Ag labhairt dó faoin gComhaontú, dúirt Ciarán Cannon T.D., an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta:
"Táim díreach ar ais ó chuairt ar an Afraic Thiar agus ba dhíol suntais agam an deis ollmhór atá le tapú ag cuideachtaí Éireannacha ansin. Tráth a bhfuil ár gcuideachtaí ag lorg deiseanna níos faide anonn ná na margaí traidisiúnta, bainfidh an-tábhacht leis an gComhaontú maidir le héascú don trádáil le Gána, áit ar tháinig méadú láidir 7.9% ar an bhfíor-olltáirgeacht intíre in 2017.
Is margadh straitéiseach é Gána go fóill do chuideachtaí Éireannacha san Afraic Thiar, san earnáil bhia agus dí den chuid is mó. B'fhiú €43.4 milliún an trádáil dhéthaobhach idir Éire agus Gána in 2016. Is é Gána an 6ú margadh is mó san Afraic i gcomhair onnmhairí bia agus dí na hÉireann. Tá sé ar cheann de na cinn scríbe thábhachtacha maidir le honnmhairiú mairteola lasmuigh den Aontas Eorpach freisin. Tá borradh faoin na naisc in earnáil an oideachais agus san earnáil fuinnimh chomh maith. Síníodh an Comhaontú sna sála ar an Misean Trádála is mó riamh a chuir Éire chuig an Afraic Thiar, in 2015, faoi stiúir Simon Coveney T.D., a bhí ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an tráth sin.
CRÍOCH
An Phreasoifig
7 Feabhra 2018
Nóta d'Eagarthóirí
• Le comhaontuithe um chánachas dúbailte, féachtar le cearta cánach a leithdháileadh do thír amháin nó tír eile, nó i gcás ina bhfuil cáin dlite ar ioncam nó ar ghnóthachan sa dá thír, foráil a dhéanamh go ndíolmhóidh tír chónaithe an cháiníocóra an t-ioncam coigríche ó cháin nó go ndeonóidh sí creidmheas i gcoinne a cánach féin i leith cáin a íocadh ar an ioncam nó an gnóthachan céanna sa tír eile.
• Is iondúil, le comhaontuithe um chánachas dúbailte, go laghdaítear nó go ndíothaítear cánacha foinse ar shreafaí ioncaim éighníomhaigh ar nós díbhinní, úis agus ríchíosanna a thagann i gceist i dtír amháin agus a íoctar le duine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa tír eile.
• Ina theannta sin, cuimsítear forálacha neamh-idirdhealaitheacha i gcomhaontuithe um chánachas dúbailte, a chosnaíonn náisiúnaigh gach tíre ó fhorálacha cánach idirdhealaitheacha sa tír eile. Bíonn foráil iontu freisin maidir le malartú faisnéise idir údaráis chánach sa dá thír chun cur i gcoinne imghabháil cánach, i ndáil leis an gComhaontú féin nó le dlíthe cánach náisiúnta an dá thír maidir leis na cánacha a gcumhdaítear.
• Ní mór don rialtas daingniú a dhéanamh ar an gcomhaontú um chánachas dúbailte. Beidh feidhm láithreach ag roinnt alt sa chomhaontú agus is féidir le saoránaigh a mbaineann sé leo cur isteach ar chreidmheasanna cánach mar is cuí ón lá inniu ar aghaidh.