Fáiltíonn na hAirí roimh an Méadú ar Bhuiséad na hÉireann um Chúnamh Thar Lear
13/10/15D'fháiltigh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charles Flanagan T.D., agus an tAire Stáit um Fhorbairt, Cur Chun Cinn Trádála agus Comhoibriú Thuaidh Theas, an tUasal Seán Sherlock, T.D., roimh an méadú ar an gcúnamh forbartha oifigiúil mar a fógraíodh i Ráiteas Buiséid an lae inniu.
Cuirfidh an Rialtas €640 milliún san iomlán ar fáil mar chúnamh forbartha in 2016, méadú €40 milliún ar shuim na bliana 2015. Áirítear leis sin méadú €10 milliún ar bhuiséad Chúnamh Éireann, arna bhainistiú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Agus é ag leagan béime ar thiomantas láidir an Rialtais don fhorbairt idirnáisiúnta agus do chlár Chúnamh Éireann, dúirt an tAire Flanagan:
"Tá an troid i gcoinne na bochtaineachta domhanda agus an ocrais i gcroílár bheartas eachtrach na hÉireann. Tá géarchéimeanna daonnúla uafásacha ag tarlú ar fud na Siria, na hIaráice agus in a lán áiteanna ar mhór-roinn na hAfraice mar a bhfuil daoine curtha as a dtithe ag coimhlint fhíochmhar. Thug Éire freagra fial flaithiúil ar an méadú ar na riachtanais dhaonnúla agus i mBuiséad na bliana seo ardófar an cistiú i dtaobh cúnamh forbartha oifigiúil go dtí €640 milliún, méadú 7% ar an mbuiséad foriomlán.
"Le cinneadh an Rialtais an cúnamh forbartha oifigiúil a mhéadú, beidh an leithdháileadh airgid sin á mhéadú go suntasach den chéad uair le seacht mbliana anuas, agus léirítear leis sin an gealltanas a rinne an Taoiseach ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac mí Mheán Fómhair seo i dtaobh an cúnamh sin a fheabhsú.
"D'imir Éire ról an-suntasach ag na Náisiúin Aontaithe i mbliain i dtaobh éascú, i gcomhpháirt leis an gCéinia, do Spriocanna nua um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus is cuí go ndéanfaí ár mbuiséad cúnaimh forbartha oifigiúil a fheabhsú mar léiriú ar thiomantas láidir sin na hÉireann do dheireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an ocras ar domhan. Tá go leor dár gcláir dírithe ar na pobail is boichte san Afraic, ag cabhrú leo cur leis an teacht aniar atá iontu in aghaidh géarchéimeanna sa todhchaí.
"In 2016, leanfaidh Éire ar aghaidh ag glacadh seasamh láidir, ceannasach ar bhonn idirnáisiúnta ag na Náisiúin Aontaithe. Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh lena chomhpháirtíocht láidir leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil ról ríthábhachtach acu i dtaobh ghealltanais beartais na hÉireann a chomhlíonadh ar an láthair."
Leag an tAire Stáit Sherlock béim freisin ar mar a fhágfaidh an méadú ar an mbuiséad cúnaimh forbartha oifigiúil gur féidir díriú isteach a thuilleadh ar chláir chúnaimh a théann i ngleic le bochtaineacht agus leochaileacht, agus ar na riachtanais atá ag dídeanaithe atá ag teitheadh ó choinbhleacht, ón mbochtaineacht agus ó éifeachtaí an athraithe aeráide:
"Tá láithreacht níos mó ag Éirinn anois i ndáil le freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla ar fud an domhain. Le himlonnú ball de Chabhlach na hÉireann sa Mheánmhuir, tá cur chuige nua á fheidhmiú againn, de bhreis ar acmhainní a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí Cúnaimh atá i mbun oibre i réigiúin shonracha.
"Tá acmhainneacht bhreise á forbairt againn maidir le tuilleadh Éireannach, cibé daoine míleata nó daoine sibhialta, a imlonnú a bhuíochas leis na scileanna atá acu. Is tábhachtach an rud é acmhainní airgeadais a chur ar fáil, ach is féidir tionchar a imirt freisin trí leas a bhaint as daoine ar leith ar bhealach spriocdhírithe.
"Ó 2012 ar aghaidh, tá €100 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas chun cabhrú leo siúd atá ag fulaingt mar gheall ar an ngéarchéim dhaonnúil sa tSiria, san Iaráic agus i gCorn na hAfraice. Leanamar ar aghaidh freisin ag cur cistiú ar fáil do ghéarchéimeanna daonnúla eile san Afraic, ar minic nach mbíonn aird na meán dírithe orthu.
"Is cúis bhróid dom gur sheas an Rialtas leis an gcistiú a dhéanaimid ar an gcúnamh forbartha oifigiúil le ceithre bliana dheacra anuas, agus go leanaimid orainn ag léiriú ár dtiomantais trí mhéadú suntasach a dhéanamh ar an mbuiséad do 2016.
"Leanfaimid ar aghaidh ag déanamh athbhreithniú ar gach gné dár gclár cúnaimh chun a chinntiú go bhfuil an tionchar is mó is féidir aige ar mhaolú na fulaingthe de bharr géarchéimeanna daonnúla, agus ar dhóchas agus todhchaí níos fearr a thógáil do na pobail inár dtíortha comhpháirtíochta san Afraic".
"Déanfaimid tuilleadh anois. In 2016 beimid ag cur leis an gcistiú díreach uainn don ghéarchéim dhaonnúil sa Mheánoirthear agus san Afraic. Glacfaidh Éire ról ceannasach i bhfreagra cuimsitheach ar an ngéarchéim dhaonnúil is bun le géarchéim na ndídeanaithe. Tabharfaimid aghaidh ar riachtanais láithreacha agus ar bunchúiseanna."
Nóta d'Eagarthóirí
Is é Cúnamh Éireann clár an Rialtais maidir le cúnamh thar lear. Tá sé á bhainistiú ag Rannóg an Chomhair Forbartha sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
I mbeartas an Rialtais maidir le forbairt idirnáisiúnta, 'Domhan Amháin, Todhchaí Amháin', sonraítear arís an tiomantas do sprioc na Náisiún Aontaithe i dtaobh 0.7% den OTN a chur ar fáil don chúnamh forbartha oifigiúil, agus do dhul chun cinn a dhéanamh ina leith de réir mar is féidir. Meastar go mbeidh cúnamh forbartha oifigiúil na hÉireann in 2016 cothrom le 0.36% den OTN, méadú ar an gcéatadán 0.35% a bhí réamh-mheasta don bhliain 2015.
Tá Cúnamh Éireann dírithe ar fhorbairt fhadtéarmach chun dul i ngleic le bunchúiseanna na bochtaineachta agus na héagothroime. Téann 80% den chistiú chuig an Afraic fho-Shahárach, áit a bhfuil na riachtanais is mó. Is é bunchloch ár gclár cúnaimh dul i ngleic leis an ocras.
Tá caidreamh speisialta ag Éirinn le Príomhthíortha Comhpháirtíochta – an Aetóip, an Mhaláiv, Mósaimbíc, Siarra Leon, an Tansáin, Uganda, an tSaimbia agus Vítneam.
Díríonn Cúnamh Éireann a chuid oibre ar thacú le sláinte, oideachas, uisce agus sláintíocht, talmhaíocht agus forbairt tuaithe. Is é an aidhm fhoriomlán atá againn an bhochtaineacht agus an t-ocras a laghdú.
Tá éifeachtacht chlár cúnaimh na hÉireann le sonrú sna hathbhreithnithe fabhracha a rinne Coiste Cúnaimh Forbartha an OECD roinnt uaireanta as a chéile, agus sa rangú ard a dhéantar ar Éirinn in innéacsanna neamhspleácha, amhail an tInnéacs um Thiomantas don Fhorbairt agus an tInnéacs um Fhírinne an Chúnaimh.
Notes for Editors
Irish Aid is the Government’s overseas assistance programme. It is managed by the Development Cooperation Division of the Department of Foreign Affairs and Trade
The Government’s policy for international development, “One World, One Future”, restates the commitment to the UN target of providing 0.7% of GNP for ODA, and to making progress towards it as economic circumstances allow. It is estimated that Ireland’s ODA in 2016 will represent 0.36% of GNP, an increase on the projected 0.35% for 2015
Irish Aid is focused on long-term development to tackle the root causes of poverty and inequality. 80% of funding goes to sub-Saharan Africa, where needs are greatest. Tackling hunger is a cornerstone of our aid programme.
Ireland has a special relationship with Key Partner Countries - Ethiopia, Malawi, Mozambique, Sierra Leone, Tanzania, Uganda, Zambia and Vietnam.
Irish Aid focuses its work on supporting health, education, water and sanitation, agriculture and rural development. The overall aim is to reduce poverty and hunger.
The effectiveness of Ireland’s ODA programme is reflected in successive favourable reviews by the OECD’s Development Assistance Committee and Ireland’s consistently high ranking in independent indices, such as the Commitment to Development Index and the Reality of Aid Index.