Skip to main content

Molann an tAire Stáit Sherlock Cosantóirí Chearta an Duine

Éifeachtacht an Chúnaimh, Nuacht/gné-alt, Éire, 2015

Maidin inniu, thug an tAire Stáit um Fhorbairt, Cur Chun Cinn na Trádála agus Comhoibriú Thuaidh Theas, an tUasal Seán Sherlock TD, an spreagaitheasc ag Ochtú Ardán na Cosantóirí Túslíne (Front Line Defenders) i mBaile Átha Cliath do Chosantóirí Chearta an Duine, a tionóladh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. 

Mhol an tAire Stáit an obair a dhéanann Cosantóirí Chearta an Duine agus leag sé béim ar an ról tábhachtach a dhéanann siad maidir le cur chun cinn agus cosaint chearta an duine ar fud an domhain:

"Molaim an obair a dhéanann an eagraíocht neamhrialtasach de chuid na hÉireann, Front Line Defenders, a bhfuil clú domhanda bainte amach aige mar Chosantóir Chearta an Duine. Tacaítear leis an obair ríthábhachtach a dhéanann Front Line Defenders tríd an gcaidreamh fhadbhunaithe atá ag an eagraíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála trína chlár de chuid Chúnamh Éireann." 

Ghlac an tAire Sherlock an deis chun athnuachan a dhéanamh ar thiomantas na hÉireann d'obair Chosantóirí Chearta an Duine agus dá sábháilteacht san am atá le teacht:

"Is maith mar is eol dom cé na dálaí contúirteacha ina mbíonn Cosantóirí Chearta an Duine ag obair go minic, agus an treocht dhomhanda is cúis buartha dúinn i dtaobh an mhéadaithe ar na bagairtí orthu, ar an gciapadh orthu agus ar na hionsaithe orthu.  Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cur chun cinn na n-iarrachtaí a dhéanfaidh Stáit chun timpeallacht shábháilte, cumasaithe a chur ar fáil agus a chothabháil inar féidir le Cosantóirí feidhmiú gan bac orthu agus gan an easpa sábháilteachta ag goilleadh orthu, agus ag tacú leis na hiarrachtaí sin."  

Ina aitheasc, leag an tAire Stáit Sherlock béim ar éachtaí na hÉireann le linn a ballraíochta sa Chomhairle um Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe:

"Beidh deireadh ag teacht le ballraíocht trí bliana na hÉireann i gComhairle um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe ag deireadh na míosa seo chugainn. Is cúis bhróid dom go raibh ról dearfach, substainteach ag Éirinn in obair na Comhairle um Chearta an Duine. Rinneamar dianiarracht a chinntiú go ndíreofar a thuilleadh fós ar na daoine is leochailí sa tsochaí agus orthu siúd a sheasann le cearta daoine eile. Táimid tiomanta do thógáil ar an taithí sin sna blianta amach romhainn trí rannpháirtíocht agus ceannaireacht leanúnach san obair thacaíochta ar son chearta an duine ar bhonn idirnáisiúnta. "

 CRÍOCH 

AN PHREASOIFIG

An 4 Samhain, 2015

Nóta d'Eagarthóirí

• Tar éis an aithisc ón Aire Stáit, rinneadh craoladh trí nasc físe ar aitheasc ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, an tUasal Zeid Ra'ad Al Hussein. I measc na gcainteoirí eile bhí Ionadaí Speisialta an AE do Chearta an Duine, an tUasal Stavros Lambrinidis, Rapporteur Speisialta na Náisiún Aontaithe ar staid na gcosantóirí um chearta an duine, an tUasal Michel Forst, agus an tUasal Arnold Tsunga, Stiúrthóir Réigiúnach na hAfraice do Choimisiún Idirnáisiúnta na nDlí-Eolaithe. 

• Bhí Cosantóirí Chearta an Duine ó níos mó ná céad tír éagsúil ar fud an domhain i láthair ag an ardán, a bhí ar bun ón gCéadaoin an 4 Samhain go dtí an Aoine an 6 Samhain.