Is féidir le scoileanna na hÉireann Todhchaí Níos Fearr do Leanaí Uile an Domhain a chruthú le Duais
13/1/14
Bhí an tAire Trádála agus Forbartha Joe Costello TD in éineacht le daltaí Ghaelscoil Bharra i gCabhrach inniu chun Duaiseanna Chúnamh Éirinn: An Domhan Seo Againne 2014 a sheolad
Is féidir le scoileanna na hÉireann Todhchaí Níos Fearr do Leanaí Uile an Domhain a chruthú le Duaiseanna Chúnamh Éireann: An Domhan Seo Againne 2014
Féachann na Duaiseanna cabhrú le leanaí in Éirinn tuiscint a fháil ar shaincheisteanna domhanda
Bhí an tAire Trádála agus Forbartha Joe Costello TD in éineacht le daltaí Ghaelscoil Bharra i gCabhrach inniu chun Duaiseanna Chúnamh Éirinn: An Domhan Seo Againne 2014 a sheoladh. Seo é an naoú bliain de na Duaiseanna, a bhunaigh Cúnamh Éireann in 2005 chun cabhrú le leanaí in Éirinn tuiscint a fháil ar shaincheisteanna domhanda agus ról na hÉireann maidir le hocht Sprioc Forbartha na Mílaoise (MDG-anna) a bhaint amach.
Tríd an gclár spreagúil trí mhí, beidh daltaí bunscoile idir 8 agus 13 bliain d’aois ag foghlaim faoi shaol leanaí i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus tabharfaidh siad faoi thionscadal cruthaitheach chun an méid atá foghlamtha acu a thabhairt le fios faoi théama ar leith.
Baineann na hocht MDG le bochtaineacht, ocras, an comhshaol agus caighdeán na beatha a fheabhsú dóibh siúd a chónaíonn i dtíortha atá i mbéal forbartha. Baineann téama na bliana seo ‘Todhchaí Níos Fearr do Leanaí Uile an Domhain’, leis na MDG-anna go léir agus tugtar deis do leanaí gach gné d’obair Chúnamh Éireann i dtíortha atá i mbéal forbartha a scrúdú. Féadfaidh leanaí oibriú le chéile ansin agus an méid atá foghlamtha acu ar roinnt bealaí cruthaitheacha a chur in iúl, lena n-áirítear trí scríbhneoireacht, scannáin nó ceol.
Déantar gach iontráil a bhreithniú maidir lena gcruthaitheacht, a dtuiscint ar an téama agus an tionchar a bhíonn acu. Gheobhaidh scoileanna a léiríonn a dtionscadal cruthaitheacht agus tuiscint mhaith ar an téama duais de phlaic leis na focail ‘Duaiseanna Chúnamh Éirinn: An Domhan Seo Againne’ greanta uirthi ag na searmanais duaiseanna réigiúnacha i mí na Bealtaine, agus tabharfar cuireadh do rogha de na hiontrálacha is fearr duais a fháil ag an searmanais duaiseanna deiridh i mí an Mheithimh. Ag an searmanas sin, roghnóidh an painéal moltóireachta tionscadal amháin den scoth chun trófaí foriomlán ‘Duaiseanna Chúnamh Éireann: An Domhan Seo Againne’ do 2014 a bhaint amach.
Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Joe Costello:
“Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis na hocht Sprioc Forbartha na Mílaoise a chomhlíonadh ó comhaontaíodh iad in 2000, agus chuidigh Éire go mór leis an rath iontach sin. Táim ag moladh do dhaltaí ar fud na hÉireann a gcuid samhlaíochta a úsáid chun smaoineamh ar na difríochtaí idir a saol féin agus saol na leanaí sa domhan atá i mbéal forbartha. Táim ag súil go mór leis na tionscadail a fheiceáil agus níl aon amhras orm ach go mbeidh siad oideachasúil agus cruthaitheach.
“Bhí an-áthas orm bheith i nGaelscoil Bharra inniu chun na Duaiseanna seo a sheoladh agus tá súil agam go nglacfaidh Gaelscoileanna ar fud na tíre páirt in 2014.”
Ghlac os cionn 1,000 bunscoil ar fud na hÉireann páirt i nDuaiseanna Chúnamh Éireann: An Domhan Seo Againne anuraidh. Tá clárú don chlár oscailte anois agus is é Dé hAoine, 21 Márta 2014 an spriocdháta le haghaidh iontrálacha. Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas páirt a ghlacadh i nDuaiseanna Chúnamh Éireann: An Domhan Seo Againne 2014, téigh chuig http://ourworldirishaidawards.ie/.