
Ambasadóir An tUasal Felix Yusufu Pwol ón Nigéir, Ambasadóir Lela-alem Gebreyohannes Uasal ón Aetóip, An tAire Joe Costello, An Tánaiste Eamon Gilmore, Ambasadóir Catherine Muigai Mwangi Uasal ón Chéinia, Ambasadóir An tUasal Anas Khales ón Mharacó & Ambasadóir An tUasal Paramente Phamotse as Lesotho
Fáiltíonn an Tánaiste roimh na mílte chuig ceiliúradh Lá na hAfraice ag Eastát Farmleigh
26/5/13D’fháiltigh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore T.D., in éineacht leis an Aire Trádála agus Forbartha, Joe Costello T.D., roimh na mílte duine chuig Eastát Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath inniu chuig an séú ceiliúradh bliantúil de Lá na hAfraice.
Is ar an 25 Bealtaine a thiteann Lá na hAfraice gach bliain agus déantar ceiliúradh idirnáisiúnta air chun ilchineálacht agus rathúlacht na hAfraice a aithint, chomh maith le poitéinseal cultúrtha agus eacnamaíoch na mór-roinne.
I measc na n-imeachtaí atá á reachtáil i mBaile Átha Cliath, i Luimneach, i bPort Láirge, i gCorcaigh agus i nGaillimh chun Lá na hAfraice 2013 a cheiliúradh, tá laethanta spraoi don teaghlach, léirithe cultúrtha, léachtaí poiblí, imeachtaí dírithe ar thrádáil agus gníomhaíochtaí spóirt. Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag tacú leis an gclár trí Chúnamh Éireann.
Tá na mílte duine i Farmleigh inniu ag baint sásaimh as sárthaispeántas de cheol, bia agus chultúr na hAfraice, le léirithe á dtabhairt ar dhá stáitse, zón do pháistí, gníomhaíochtaí spóirt agus cúinne na gcainteoirí áit a bhfuil díospóireachtaí ag tarlú faoi chaidreamh na hÉireann leis an Afraic agus le hAontas na hAfraice agus an t-athrú atá ag teacht air sin.
Dúirt an Tánaiste, agus é ag labhairt ag an ócáid:
Is deis iontach é Lá na hAfraice chun na ceangail sheasmhacha atá againn leis an Afraic a cheiliúradh chomh maith leis na hathruithe corraitheacha atá ag tarlú ar fud na mór-roinne fuinniúla seo. Tá go leor dúshlán fós roimh an Afraic, ach tá dul chun cinn iontach á dhéanamh aici. Tá 40 milliún níos mó páiste ag freastal ar scoil inniu ná mar a bhí deich mbliana ó shin, agus tá laghdú suas le trí ceathrú ar an ráta VEID.
“Tá Afracaigh ag déanamh níos mó trádála laistigh den mhór-roinn agus leis an gcuid eile den domhan. Tá súil go rachaidh an fás eacnamaíoch thar 5% gach bliain go dtí 2015 agus tá meánaicme nua ag teacht chun cinn san Afraic. Agus, rud atá ríthábhachtach, tá síocháin i réim i níos mó tíortha san Afraic agus institiúidí daonlathacha á dtógáil acu ná mar a bhí riamh cheana.
“Is deis iontach do phobail Afracacha agus Éireannacha é ceiliúradh Lá na hAfraice mar atá ag tarlú an tseachtain seo, chun cultúir agus traidisiúin na hAfraice a cheiliúradh agus chun machnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh atá ag fás eadrainn, agus atá ag díriú níos mó agus níos mó ar pholaitíocht, ar dhaonlathas agus ar thrádáil.”
Dúirt an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello:
“Tá ceangail láidre agus sheasmhacha bunaithe ag Éirinn leis an Afraic le blianta fada trí obair mhisinéirí agus oibrithe cúnaimh na hÉireann. Le déanaí, tá go leor daoine as an Afraic ag cur fúthu in Éirinn agus iad ag cur go mór lenár bpobail, lenár gcultúr agus lenár ngeilleagar.
“Is léir dúinn freisin go bhfuil méadú ag teacht ar na naisc thrádála agus ghnó atá eadrainn agus fáiltímid roimhe seo. Tá go leor le ceiliúradh inniu cothrom an lae 50 bliain ó shin ó bunaíodh Aontas na hAfraice.
“Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach dhuine a chuir am agus fuinneamh isteach in eagrú an chláir imeachtaí spreagúil seo, go háirithe Ambasáidí agus pobail na hAfraice, agus na húdaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach, i nGaillimh agus i bPort Láirge a thug tacaíocht láidir dúinn.”
Nóta d’Eagarthóirí
Is é Cúnamh Éireann clár an Rialtais d’fhorbairt thar lear. An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a dhéanann bainistiú air.
- Is é Lá na hAfraice 25 Bealtaine lá oifigiúil Aontas na hAfraice agus déanann ceiliúradh ar aontacht san Afraic. Is é an téama oifigiúil do 2013 “Pan-Afracachas agus Athbheochan Afracach”. I mbliana táthar ag ceiliúradh 50 bliain de bhunú Aontas na hAfraice.
- Tá Cúnamh Éireann gníomhach ag tacú le Lá na hAfraice agus á chur chun cinn ó 2008. I mbliana tá an bhéim is mó ar thacaíocht do ghrúpaí pobail agus do thionscnaimh chultúir agus oideachais.
- Is iad na gnéithe a bhaineann le clár imeachtaí Lá na hAfraice 2013:
- An chéad cheiliúradh de Lá na hAfraice eagraithe i gcomhar le Comhairle Chathair Phort Láirge. Mar chuid den chlár taispeánfar an scannán “The First Grader”, agus beidh ceardlanna agus ceol beo ann.
- Taispeántas Ealaíona agus Ceardaíochta Afracach eagraithe ag na hAmbasáidí Afracacha in Ionad Eolais agus Saorálaíochais Chúnamh Éireann i Sráid Uí Chonaill.
- Féile Scannán Afracach agus ceiliúradh ceoil á reáchtáil ag Comhairle Chathair na Gaillimhe.
- D’eagraigh Comhairle Chathair Luimnigh clár leathan ag léiriú ceoltóirí, aontaí bia, ealaíon agus ceardaíocht agus imeachtaí spóirt Afracach chomh maith le siompóisiam dár teideal Forbairt agus Trádáil – An Chaidreamh idir Éirinn agus an Afraic.
- Reáchtáil Comhairle Chathair Chorcaí seimineár ar cheisteanna Afracacha comhaimseartha agus clár leathan d’imeachtaí cultúrtha.