Skip to main content

Sheol an tAire Costello tuarascáil faoin oideachas domhanda

Inscne, Oideachas, Nuacht/gné-alt, Éire, 2012

 

Ag labhairt dó ag an seoladh in Ionad Foghlama Chumann Múinteoirí Éireann i mBaile Átha Cliath inniu, dúirt an tAire Costello:

“Tá méadú tagtha ar líon na leanaí ar scoil ar fud an domhain ó 61 milliún in 1999 go dtí os cionn 108 milliún inniu.  Is díol suntais é go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar líon na gcailíní atá ag freastal ar an mbunscoil i bhformhór na dtíortha. Beidh tionchar forleathan ag an dul chun cinn sin maidir le deiseanna fostaíochta agus sláinte na leanaí sin agus a dteaghlach a mhéadú sna blianta amach romhainn.

"Tuigeann Éire an ról ríthábhachtach atá ag an oideachas ó thaobh cumhacht a thabhairt do phobail, táirgiúlacht gheilleagrach a mhéadú agus comhionannas inscne agus ioncaim a fheabhsú.

“Chuige sin, oibrímid le rialtais inár dtíortha comhpháirtíochta chun an bonneagar agus na scileanna a fhorbairt a bhfuil gá leo d'fhonn córais náisiúnta oideachais a fheabhsú. Ar leibhéal domhanda, tacaíonn Eire le cur i bhfeidhm pleananna oideachais i dtíortha ina raibh coimhlintí nó tubaistí nádúrtha le gairid anuas agus a bhfuil cúnamh ag teastáil go géar uathu.  Chomh maith leis sin, tugaimid maoiniú do chomhpháirtithe ar nós Concern agus Plan Ireland chun rochtain ar an oideachas a fheabhsú le haghaidh leanaí faoi mhíchumas, le haghaidh oideachais i stáit leochaileacha agus chun comhionannas inscne a fheabhsú i scoileanna.”

Cé gur fháiltigh sé roimh an dul chun cinn a bhí déanta, áfach, mhol an tAire Costello do na comhpháirtithe ar fad a n-iarrachtaí a dhíriú as an nua roimh an spriocdháta chun Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhaint amach, agus é ag tabhairt chun suntais gur léiríodh sa tuarascáil freisin nach dócha go mbainfí amach an sprioc bunoideachas a bheith ar fáil do chách faoin mbliain 2015. Chomh maith leis sin leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le scileanna gairme a theagasc:

“Cuireann an tuarascáil seo, na himeachtaí le dhá bhliain anuas san Afraic Thuaidh agus staitisticí domhanda faoi dhífhostaíocht ógánach i gcuimhne dúinn nach gciallaíonn oideachas bunscoile ná meánscoile a bheith críochnaithe agat go bhfuil tú ullamh don saol agus don obair i ndomhan an lae inniu. Ní mór díriú go mór ar scileanna foghlama agus saoil a chur chun cinn i scoileanna agus ar an ngairmoiliúint chomh maith.”

D'fháiltigh an tAire Costello roimh rannpháirtíocht Google, Intel agus Apple san earnáil oideachais dhomhanda, agus é ag tabhairt chun suntais gur féidir le comhoibriú den sórt sin feabhsuithe móra a sholáthar maidir le rochtain ar oideachas agus ar scileanna.

Preasoifig

27 Samhain 2012

Notes to editor 

  • Is é Cúnamh Éireann clár um chúnamh thar lear an Rialtais. Tá sé á bhainistiú ag Rannóg an Chomhair um Fhorbairt de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
  • Is é atá sa Tuarascáil um Monatóireacht Dhomhanda Oideachas do Chách ná foilseachán neamhspleách a choimisiúnaigh Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe ar son an phobail idirnáisiúnta chun an dul chun cinn a dhéantar maidir le spriocanna Oideachais do Chách a leanúint. Cuireadh an tuarascáil i dtoll a chéile le maoiniú ó Chúnamh Éireann.
  • In Dakar, sa tSeineagáil in 2000, ag an bhFóram Oideachais Domhanda, gheall os cionn 160 tír go mbainfidís amach sé cinn de Spriocanna Oideachais do Chách (lena n-áirítear SFM 2 agus 3) faoin mbliain 2015.  

D'eagraigh Intel Ireland i gcomhar le Comhghuaillíocht na hÉireann le haghaidh an Fheachtais Dhomhanda d'Oideachas (GCE) seoladh na Tuarascála um Mhonatóireacht Dhomhanda Oideachas do Chách a eisítear gach bliain. Bunaíodh an GCE in 2000 chun brú ón bpobal a chur ar rialtais a ngealltanais a chomhlíonadh oideachas saor in aisce ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chách.