Skip to main content

Athdhaingníodh tiomantas na hÉireann maidir le dul i ngleic leis an ocras agus leis an mbochtaineach

Bochtaineacht, Buiséad/maoiniú, Ocras, Nuacht/gné-alt, Éire, 2012

"Cuirim fáilte roimh an gcaoi ar chosain an Rialtas reatha ár maoiniú lárnach do chúnamh forbartha i mBuiséad 2013, faoi mar a cosnaíodh é i mBuiséad 2012."

"Tá sé ríthábhachtach don Rialtas aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí airgeadais atá againn féin, agus laghdaíodh buiséad cúnaimh na hÉireann faoi níos mó ná €250 milliún, nó beagnach 30%, idir 2008 agus 2011 mar fhreagra ar an ngéarchéim eacnamaíoch."

“Laghdú beag 2.5% is ea laghdú an lae inniu agus beidh sé ar ar chumas Chúnamh Éireann leanúint ar aghaidh fós ag sábháil daoine ó bhás agus todhchaí níos fearr a chinntiú do na milliúin daoine atá i gcuid de na tíortha is boichte ar domhan."

"Chomh maith le dul i ngleic le hocras agus le bochtaineacht, cuidíonn ár gclár cúnaimh chun geilleagair na dtíortha ina n-oibrímid a thógáil.  Laistigh de roinnt blianta, beidh go leor de na tíortha sin mar mhargaí agus mar chomhpháirtithe trádála againn agus a ngeilleagar ag fás go tréan, cé go mbeidh an fás sin ag teacht ó bhonn íseal. Is é ár leas a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leo agus tacaíocht a thabhairt dóibh is iad ar a mbealach i dtreo na síochána, na cobhsaíochta agus an rathúnais.”

Léiríonn Buiséad an lae inniu go bhfuil Éire tiomanta i gcónaí do thacú leis na daoine is boichte ar domhan in ainneoin ár ndálaí deacra eacnamaíochta féin.

"Tá an Rialtas tiomanta i gcónaí do bhaint amach sprioc 0.7% na Náisiún Aontaithe chomh luath is a thagann cobhsú agus feabhas ar ár ndálaí eacnamaíocha.  Aithnítear ar fud an domhain go bhfuil ár gclár cúnaimh ar cheann de na cláir is éifeachtaí dá bhfuil ann agus tá rún daingean agam deimhin a dhéanamh de go mbainimid amach níos mó le níos lú acmhainní trínár n-infheistíocht a dhíriú go dian ar na cláir sin a sholáthraíonn feabhsuithe dáiríre agus a chinntíonn luach ar airgead."

Note for editors:

  • Is é Cúnamh Éireann clár um chúnamh thar lear an Rialtais. Tá sé á bhainistiú ag Rannóg an Chomhair um Fhorbairt de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
  • Is é €623 milliún an méid iomlán atá á leithdháileadh san iomlán ar chlár forbartha na hÉireann thar lear in 2013. (Tá an figiúr sin comhdhéanta de €498 milliún le haghaidh Vóta 27 na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an €125 milliún atáthar ag súil a chaitheamh ar Chúnamh Forbartha Oifigiúil eile, lena n-áirítear ranníocaíocht na hÉireann le Buiséad an AE do Chomhar um Fhorbairt).
  • Is ionann é sin agus laghdú 2.5% - nó €16 milliún - ar an mbuiséad €639 milliún a bhí ann in 2012.