Spreagaitheasc le Joe Costello, an tAire Stáit do Thrádáil agus Forbairt don an OECD
DFAT - 17/1/13A Airí, a Oirircis, a Dhaoine Uaisle,
Tá an-áthas orm an dara lá den Idirphlé Beartais seo ar Chúnamh do Thrádáil a oscailt in éineacht leis an Aire González. Tá súil agam go gcuirfidh ár gcuid oibre inniu le plé dearfach an lae inné. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt don tacaíocht ríthábhachtach a sholáthair an ECFE don tionscnamh um Chúnamh do Thrádáil trína chomhpháirtíocht leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Mar gheall ar an tionscnamh um Chúnamh do Thrádáil, tá tús áite á thabhairt anois do thrádáil mar straitéis forbartha. Dá bharr sin tá tiomantais mhéadaithe ann agus é mar aidhm na constaicí a bhíonn roimh tháirgeoirí áitiúla rochtain a fháil ar mhargaí réigiúnacha agus domhanda a laghdú. Dea-shampla is ea an tionscnamh seo de chomhchuibheas beartais le haghaidh forbartha, réimse tábhachtach eile d’obair ECFE.
Cuireadh an tionscnamh um Chúnamh do Thrádáil ar bun an chéad lá riamh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus dá bharr tá cláir againn anois lenar cuireadh feabhas ar shaol go leor fear agus ban i dtíortha i mbéal forbartha. Is rud fíor-spéisiúil é seo i mo ról mar Aire do Thrádáil agus Forbairt in Éirinn, ina gcuirtear an trádáil chun cinn chomh maith le comhar um fhorbairt.
Tá tíortha i mbéal forbartha ag athrú – tá geilleagair níos láidre, oideachas agus teicneolaíocht níos fearr ag tiomáint an athraithe, lena n-áirítear athrú polaitiúil agus eacnamaíoch. Is maith mar a d’fhreastail cúnamh forbartha ar thíortha i mbéal forbartha go dtí seo. Leis seo cuireadh go leor samhlacha agus acmhainní ar fáil do chuid mhaith tíortha chun a struchtúir dhaonlathacha féin a fhorbairt, rialtas níos cuntasaí, toghcháin thrédhearcacha a eagrú agus, i gcuid mhaith cásanna, tacú le ról na sochaí sibhialta bríomhaire agus í a chur chun cinn.
Thacaigh cúnamh forbartha freisin le go leor bunseirbhísí sóisialta lena n-áirítear oideachas agus sláinte níos fearr. Mar sin féin, tá riachtanais fhadtéarmacha i gcuid mhaith tíortha, go speisialta na Tíortha is Lú Forbairt agus stáit leochaileacha.
Ar ndóigh ní leor cúnamh forbartha ann féin chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin – ní mór gníomhaíocht gheilleagrach níos mó a bheith ar siúl go háitiúil rud a mbeidh úsáid acmhainní ag baile mar thoradh air, chomh maith le hinfheistíocht dhíreach eachtrach, comhar níos mó ar bhonn réigiúnach, comhtháthú níos mó i margaí an domhain agus níos mó trádála dhá threo leis an gcuid eile den domhan.
Is sa chomhthéacs sin a sheol Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann Straitéis nua i leith na hAfraice anuraidh. Iarrtar sa Straitéis go mbeadh rannpháirtíocht níos leithne ar bun leis an Afraic ina bhforbraítear ár gcomhar forbartha agus ina gcuimsítear caidrimh pholaitiúla níos géire agus ina gcuirtear trádáil agus infheistíocht chun cinn a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh. Chonacthas sainordú níos láidre sa Straitéis maidir le trádáil agus infheistíocht d’Ambasáidí na hÉireann san Afraic agus leathnú ar ról Chúnamh Éireann i dtimpeallachtaí gnó níos fearr, lena n-áirítear gníomhaíochtaí forbartha san earnáil phríobháideach.
Is iomaí plé a bhí agam le Rialtais san Afraic agus lena lán daoine atá i mbun gnó le bliain anuas. Is í an teachtaireacht a thagann uathu arís is arís ná go bhfuil an Afraic réidh le haghaidh gnó a dhéanamh agus rinneadh forbairt mhór gheilleagrach san Afraic le blianta beaga anuas agus meastar go leanfaidh sé sin amach anseo.
Tá dúshláin ann áfach. Ní théann ach 10% de thrádáil na hAfraice chuig tíortha comharsanachta i gcomparáid le 60% de thrádáil AE atá laistigh den AE féin. Tá tacaíocht do chomhtháthú réigiúnach ar cheann de na cuspóirí sna Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch atáthar a phlé idir an AE agus roinnt tíortha san Afraic. Tá Éire, mar Uachtarán ar Chomhairle an AE go dtí deireadh mhí an Mheithimh, ag iarraidh tacú leis na cainteanna sin.
Tá raon constaicí bonneagair ó thaobh soláthairtí de agus constaicí bonneagair a bhaineann le trádáil le sárú ag cuid mhaith tíortha i mbéal forbartha, rudaí a chuireann bac ar a gcumas a bheith rannpháirteach i dtrádáil idirnáisiúnta. Díreoidh do chuid cainteanna maidin inniu ar dhá shaincheist thábhachtacha – conas tiús na dteorainneacha a laghdú agus conas dul in oiriúint do phatrúin táirgthe atá ag athrú.
Tar éis am lóin, tá áthas orm go bhfuil seisiún tiomnaithe ann maidir leis an earnáil phríobháideach a thabhairt linn. Is cúis áthais é gur díríodh den chéad uair riamh ar an earnáil phríobháideach i gcleachtadh monatóireachta agus muid ag druidim ar an 4ú hAthbhreithniú Domhanda ar Chúnamh do Thrádáil.
Feicim acmhainneacht mhór san earnáil phríobháideach an clár um fhorbairt acmhainní trádála a chur chun cinn. San Afraic Theas, tá cuideachtaí Éireannacha ag fostú os cionn cúig mhíle dhéag de mhuintir na háite, lena gcruthaítear an iliomad post a theastaíonn go géar san áit, agus ina dtugtar deis do na hoibrithe sin rannchuidiú le forbairt a dtíre féin. Sa Nigéir, tá os cionn cúig mhíle duine fostaithe ag cuideachta tógála amháin as Éirinn agus os cionn deich míle duine i réigiún níos forleithne na hAfraice Thiar.
In Uganda, cuireann Traidlinks – cuideachta sheachbhrabúsach Éireannach, a bhunaigh Cúnamh Éireann, clár meantóireachta gnó i bhfeidhm agus clár réigiúnach um chur chun cinn onnmhairithe agus tacaíonn sé le naisc ghnó le gnó idir Éirinn agus Uganda.
Anuraidh, i gcomhthionscnamh idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, sheol mo Roinn Ciste Forbartha Agraibhia na hAfraice. Is é aidhm an tionscnaimh scileanna bainistíochta agus acmhainneacht taighde ghnó talmhaíochta na hÉireann agus Gníomhaireachtaí Stáit a thabhairt chomh fada leis an dá thír atá mar ábhar ag treoirthionscadal faoin scéim – an Chéinia agus an Tansáin. Mar thoradh ar an tionscnamh sin freisin thug roinnt de na cuideachtaí móra agraibhia as Éirinn cuairt ar Oirthear na hAfraice chun féachaint ar dheiseanna sa mhargadh féachaint le hinfheistíocht b’fhéidir a dhéanamh ann amach anseo.
Ní mór féachaint go géar ar an gcumas atá ag an Afraic í féin a chothú i gcoinne daonra atá ag dul i méid agus éifeachtaí tromchúiseacha an athraithe aeráide. In Éirinn creidimid go bhfuil gá earnáil agraibhia fheidhmiúil a fhorbairt ina nasctar táirgeoirí leis an lucht próiseála chun freastal ar riachtanais an mhargaidh áitiúil, chun fáil réidh le diomailt agus chun luach a chur leis. I Stát Lagos, sa Nigéir, itear os cionn 5,000 beithíoch gach lá. Itear úr an fheoil sin ar fad agus ní dhéantar próiseáil ar aon chuid de ar mhaithe le hearraí ag a mbeadh luach níos airde agus lena bhfreastalófaí ar éilimh mhéadaithe ar fud na cathrach a chruthú, lena laghdófaí mar atáthar ag brath ar allmhairithe agus rud a d’fhágfadh go bhfaigheadh táirgeoirí áitiúla praghsanna níos airde.
Aibhsíodh i dTuarascáil Forbartha na hAfraice 2010 an tábhacht atá le calafoirt san Afraic ó thaobh trádála de. Mar fhreagra air sin, shocraigh Cúnamh Éireann tacú le Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt ina gcuimsítear Clár Oiliúna Calafoirt Train for Trade do Phobail Chalafoirt i nGána, san Indinéis, sa Mhalaeisia, sna Maildíví, sa Namaib agus sa Tansáin. Tá an clár seo ar bun i gcomhar le Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath, le Calafort Chorcaí agus le Cuain agus Coimisinéirí Bhéal Feirste.
I mí na Samhna seo caite, thug mé cuairt ar Chalafort Tema i nGána agus bhuail mé leis an mbainistíocht shinsearach. Chonaic mé an chaoi ar fhorbair an chomhpháirtíocht le calafoirt na hÉireann meascán de bhainisteoirí láir atá ag rannchuidiú le forbairt saoráidí calafoirt atá ag feidhmiú go maith i gcalafoirt Tema agus Takaradi i nGána. Creidim go bhfuil go leor ceachtanna dearfacha is féidir a fhoghlaim ón taithí seo agus táimid i mbun comhphlé leis na húdaráis i nGána maidir le himeacht foghlama ceachta i mBaile Átha Cliath in 2013.
Aithnítear sa Straitéis i leith na hAfraice go gcaithfidh Éire, de réir mar a fhorbraíonn agus a athraíonn an Afraic, a aithint go bhfuil a caidrimh leis an Afraic agus le tíortha aonair san Afraic ag dul chun aibíochta. Aithnítear sa Straitéis go bhfuil fonn ar cheannairí go leor tíortha agus gnólachtaí san Afraic deiseanna a chothú le haghaidh ceangal trádála agus infheistíochta leathnaithe sa todhchaí, agus bogadh i dtreo cás sa deireadh ina laghdaíonn an Afraic a spleáchas ar chúnamh.
Ag dara Fóram Eacnamaíoch na hAfraice agus na hÉireann i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair seo caite, thugamar 250 duine le chéile chun cúrsaí trádála agus forbartha a phlé leis an mór-roinn. Áiríodh leis sin seaimpíní ghnó na hÉireann chomh maith le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide a fhorbraíonn táirgí don mhargadh onnmhairithe.
In éineacht le hionadaithe as 23 tír san Afraic, leanaimid ag aithint deiseanna stuama do ghnó na hÉireann freastal ar riachtanais na dtíortha i mbéal forbartha, d’fhonn deiseanna infheistíochta a lorg agus fostaíocht a chruthú atá ag teastáil go géar. Tá ríméad orm go bhfuil an oiread suime ag earnáil phríobháideach na hÉireann sna tionscnaimh seo.
I Vítneam tacaímid leis an oiliúint atá á cur ar fheidhmeannaigh i ngnóthaí i Vítneam i réimsí amhail cur chun cinn na trádála agus pleanáil straitéiseach. Déanaimid é sin laistigh de chreat an Chláir um Thaithí agus Comhroinnt Forbartha na hÉireann i gcomhar le Cumann Tráchtála agus Tionscail Vítneam agus le Fiontraíocht Éireann, eagraíocht an rialtais in Éirinn atá freagrach as fiontair Éireannacha a fhorbairt agus a fhás i margaí domhanda. Cuireadh oiliúint ar suas le 100 foireann ghnó gach bliain.
Rannchuidigh Cúnamh Éireann freisin le Saoráid Forbartha Mekong don Earnáil Phríobháideach ar ciste iontaobhais é do chlár Seirbhísí Comhairleoireachta na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta i bhfo-réigiún Mekong. Is é an cuspóir leathan rannchuidiú le fás inbhuanaithe agus an bhochtaineacht a laghdú i Vítneam, sa Chambóid agus Lao PDR trí thacú le forbairt earnáil phríobháideach dhinimiciúil.
Trí dheontas a tugadh do Chlár um Obair Níos Fearr i Vítneam (Better Work Vietnam) d’éascaigh Cúnamh Éireann an feabhas atá tagtha ó thaobh caighdeáin saothair idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus cuirtear iomaíochas chun cinn i dtionscal éadaí Vítneam. Go dtí seo tá an clár um Obair Níos Fearr i Vítneam ar bun i 150 monarcha, le 154,657 oibrí, agus is mná 123,807 díobh.
Chuir Cúnamh Éireann deontas ar leataobh le déanaí anuas don Dara Saoráid um Fhorbairt Trádála i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach Lao in éineacht le deontóirí eile amhail an AE, an Ghearmáin, an Astráil agus an Banc Domhanda. Is cuid é an clár seo de chúnamh rathúil atá ag dul i méid don chlár trádála in Lao PDR ina ndírítear ar athchóirithe a éascóidh trádáil do ghníomhaireachtaí neamh-chustaim, ina leagtar síos an bhunchloch le haghaidh Fuinneog Aonair Náisiúnta Lao; tacaíocht lárnach do chainteanna rochtana WTO, chomh maith le tacaíocht níos leithne do thaighde a bhaineann le trádáil, do bhainistíocht cúnamh-do-thrádáil agus infheistíochtaí chun iomaíochas a thógáil in earnálacha lárnacha a bhfuil tosaíocht acu.
Tá a fhios agam go bhfuil tionscnaimh den chineál seo i dtíortha eile freisin. Tugann Éire tacaíocht lárnach don tSaoráid um Aeráid Infheistíochta atá bunaithe in Dar es Salaam. Faigheann an IFC tacaíocht ó chistí poiblí agus príobháideacha arna stiúradh ag Bord ceannairí san earnáil phríobháideach a bhfuil cur amach acu ar chonstaicí infheistíochta ar fud na hAfraice. Tá súil agam mar thoradh ar an bplé a bheidh ar bun níos déanaí inniu go roinnfear faisnéis agus go gcuirfear ceachtanna a foghlaimíodh i bhfeidhm ar thionscadail dhearfacha den sórt seo.
Cabhróidh ábhar na gcainteanna a dhéanfar an dá lá seo leis an 4ú hAthbhreithniú Domhanda ar Chúnamh do Thrádáil a bheidh ar bun sa Ghinéiv mí Iúil seo chugainn. Tacóidh Éire mar Uachtarán ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh go dtí deireadh mhí an Mheithimh leis na hullmhúcháin a dhéanfar san AE le haghaidh an Athbhreithnithe.
Chuidigh an chéad Athbhreithniú Domhanda in 2007 le tacaíocht pholaitiúil a chomhdhlúthú timpeall ar an gcoincheap a bhaineann le trádáil a phríomhshruthú isteach i mbeartais agus i gcláir náisiúnta forbartha. Léiríodh in Athbhreithniú 2009 conas a bhí tíortha i mbéal forbartha agus deontóirí ag déanamh dul chun cinn ag cur an chur chuige sin i bhfeidhm. Aibhsíodh ann freisin móiminteam leanúnach chun acmhainní a chur ag obair.
Díríodh an tríú ceann, in 2011 ar thorthaí agus ar tionchair an Chúnaimh do Thrádáil a thaispeáint agus a mheas.
Díreofar sa 4ú hAthbhreithniú i mí Iúil ar conas atá tíortha i mbéal forbartha agus na tíortha is lú forbairt rannpháirteach i slabhraí luacha domhanda agus na constaicí a bhíonn os a gcomhair. Beidh sé mar aidhm san Athbhreithniú freisin fáil amach conas is fearr a bheifear in ann Cúnamh do Thrádáil a úsáid chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha a gcuid slabhraí luacha féin a chruthú agus a chur ar bun.
Léiríonn an téama seo don 4ú hathbhreithniú ar mar atá slabhraí luacha á leathnú agus dá bharr sin deiseanna nua á dtairiscint do thíortha i mbéal forbartha, ach fós féin tá go leor eile ar imeall na trádála domhanda nó faoi ghlas ag soláthar raon cúng earraí agus seirbhísí.
Tugaim faoi deara go bhféachfar sa seisiún deiridh inniu ar An Chéad chéim eile do chúnamh do thrádáil? Mothaím go gcaithfimid an móiminteam a choinneáil suas ar bhunúis an Chúnaimh do Thrádáil – trádáil a phríomhshruthú isteach i mbeartais agus i gcláir beartais forbartha; deontóirí agus tíortha comhpháirtíochta ag obair i gcomhar le chéile chun borradh a chur faoi thrádáil i margaí áitiúla, réigiúnacha agus domhanda; agus leanúint ag taispeáint agus ag measúnú torthaí. Ní mór dúinn a chinntiú freisin go bhfuil Cúnamh do Thrádáil ag dul in oiriúint don mhargadh mar atá sé – is é sin luach na téama ‘Ag Nascadh le Slabhraí Luacha’ don 4ú hAthbhreithniú.
Feicim cumas freisin maidir le forbairt beartais um Chúnamh do Thrádáil áit inar féidir leis na ceachtanna a d’fhoghlaimíomar i gcur chun feidhme na Cabhrach um Thrádáil a fhónamh don bheartas trádála níos leithne. Tá géarghá le trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn leis an bhforbairt gheilleagrach a chur i gcrích atá de dhíth chun an bhochtaineacht dhomhanda a mhaolú. Ní mór aghaidh a thabhairt i gcreat iar-2015 ar an gceist maidir leis an aeráid trádála agus infheistíochta a fheabhsú i dtíortha i mbéal forbartha d’fhonn infheistíocht fhreagrach a spreagadh agus cruthú fostaíochta inbhuanaithe a chur chun cinn. Tá leathnú acmhainneachtaí trádála agus infheistíochta lárnach ó thaobh caighdeáin ioncaim agus maireachtála a mhéadú i dtíortha i mbéal forbartha.
Ba mhaith liom deireadh a chur leis seo trí labhairt arís faoi chreat níos leithne Chlár um Fhorbairt Doha an WTO. Sa Chlár um Fhorbairt Doha cuireadh saincheisteanna forbartha agus leasanna na dtíortha i mbéal forbartha i gcroílár obair an WTO agus dá bharr sin seoladh an tionscnamh um Chúnamh do Thrádáil.
Tacaíonn Éire leis na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun chun pacáiste atá le cur ar fáil ag an 9ú cruinniú Aireachta de chuid an WTO a bheidh ar siúl in Bali i mí na Nollag a bhrú chun cinn.
Táimid ag iarraidh Aireacht rathúil a fheiceáil ina ndéantar seachadadh ar shainordú forbartha an Chláir um Fhorbairt Doha agus ina gcuidítear chun an WTO agus an córas trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha a thabhairt slán. Tá sé seo riachtanach chun Cúnamh éifeachtach do Thrádáil a chur ar fáil. Anuas air sin, rannchuidíonn ár n-obair um Chúnamh do Thrádáil leis an sainordú sin. Tá dóchas againn go rannchuideoidh ár gcainteanna inniu leis an toradh dearfach a bhfuiltear ag súil leis i mí na Nollag.
CRÍOCH.