Skip to main content

Na Cruicéadaithe Tógtha leis an Dul Chun Cinn sa tSiombáib

Na Cruicéadaithe Tógtha leis an Dul Chun Cinn sa tSiombáib

An cruicéadaí Éireannach, Andrew Balbirnie, agus é ag bualadh le máithreacha agus páistí i gClinic Rutope, Bindura, sa tSiombáib

Cuairt á tabhairt ag Fir Fhoireann Cruicéid na hÉireann agus ag an Ambasadóir MacGabhann ar Chlinic Rutope, Bindura, an tSiombáib


"Is cúis bhróid againn é go bhfuil Cúnamh Éireann ag obair le comhpháirtithe áitiúla anseo sa tSiombáib chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine." Chris Siddell, atá ina Bhainisteoir Oibríochta ar Fhoireann Cruicéid na hÉireann (Fir).


Ghlac baill d'fhoireann cruicéid na hÉireann sos ón sceideal imeartha gnóthach atá acu chun bualadh le máithreacha a bhfuil naíonáin nuabheirthe acu i gclinic sláinte faoin tuath atá ag fáil tacaíocht ó Chúnamh Éireann sa tSiombáib. Chuaigh a Shoilse Liam MacGabhann, Ambasadóir na hÉireann chuig an Afraic Theas agus an tSiombáib, in éineacht leo chuig an gclinic chun féachaint cén tionchar a bhíonn ag an gcistiú ó Chúnamh Éireann ar shaol na ndaoine.
Le linn a gcuairte ar Chlinic Rutope, atá i mbaile Bindura, thart ar 50 míle ón bpríomhchathair, Harare, chaith na himreoirí seal le baill foirne a rinne cur síos ar na dúshláin a bhaineann lena bheith ag obair i gceantar tuaithe sa tSiombáib. Is baile é Bindura ina bhfuil cónaí ar 14,000 duine agus gach bliain tugann Clinic Rutope cúnamh do bheagnach 600 bean thorrach a gcuid naíonán a thabhairt ar an saol.


Chonaic na himreoirí an tionchar a bhíonn ag an gCiste Forbartha Sláinte i dtaobh beatha daoine a thabhairt slán. Is ciste comhthiomsaithe é sin a fhaigheann tacaíocht ó Chúnamh Éireann, ó UK Aid, ón tSualainn, ón Aontas Eorpach agus ón gComhaontas Domhanda um Vacsaíní (GAVI). I measc na dtorthaí a baineadh amach, laghdaíodh líon na mbásanna i measc máithreacha agus naíonán, rinneadh leathnú ar an imdhíonadh i gcoinne galair mharfacha, cuireadh le céatadán na mbreitheanna a mbíonn oibrithe sláinte oilte i láthair acu agus cuireadh leis an rochtain a bhíonn ag mná agus cailíní ar sheirbhísí sláinte atáirgthe ghnéasaigh.


Dúirt Andrew Balbirnie, a scóráil céad i ndreas istigh sa chluiche a imríodh le déanaí idir Éire agus Albain:
"Tá an t-ádh orainne a bheith inár gcruicéadaithe idirnáisiúnta, ag taisteal ar fud an domhain agus an spórt is breá linn á imirt againn. Is éard a thugann spreagadh dúinn i ndáiríre agus a choinníonn ár gcosa ar an talamh ná teacht chuig áit ar nós Chlinic Rutope agus suntas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl ag gach duine anseo agus iad ag triail acmhainn luachmhar a sholáthar don phobal.
"Tá mo chomhimreoiri agus mé féin an-bhuíoch gur tugadh cuireadh dúinn teacht anseo, ionas go bhfeicfimis lenar súile féin an obair lena bhfuil Cúnamh Éireann agus UK Aid ag tacú. Táimid tar éis bualadh le roinnt daoine iontacha atá ag obair ar a ndíchill chun feabhas a chur ar shaol daoine eile ina bpobal, agus thaitin sé linn go háirithe bualadh leis an oiread sin páistí agus beagán a fhoghlaim faoina saol."


An cruicéadaí Éireannach, Andrew Balbirnie, agus é ag bualadh le máithreacha agus páistí i gClinic Rutope, Bindura, sa tSiombáib
Dúirt Chris Siddell, Bainisteoir Oibríochtaí Fhoireann na hÉireann (Fir), a bhí i gcuideachta na n-imreoirí agus iad ag tabhairt cuairt ar an gclinic:
"Is minic níos mó a bheith i gceist leis an taisteal le foireann náisiúnta ná díreach an t-aicsean ar an bpáirc imeartha, agus déanaimid iarracht i gcónaí an oiread agus is féidir linn a fhoghlaim faoi na tíortha a dtugaimid cuairt orthu.


"Aithnímid freisin an fhreagracht atá orainn inár gcáil mar ionadaithe de chuid na hÉireann agus muid thar lear agus bhí an-áthas orainn cuairt a thabhairt ar chlinic sláinte tuaithe a fhaigheann tacaíocht ó Chúnamh Éireann agus UK Aid.


"Chuaigh sé go croí ionainn go bhfaca muid lenár súile féin an obair atá á déanamh agus an tairbhe ollmhór atá á baint aisti ag muintir na háite – go háirithe i gcás tuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu. Is cúis bhróid againn é go bhfuil Cúnamh Éireann ag obair le comhpháirtithe áitiúla anseo sa tSiombáib chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine."
Chonaic na himreoirí Áras Feithimh do Mháithreacha freisin, atá á thógáil chun lóistín agus cúram réamhbhreithe a chur ar fáil do mhná atá ag súil le páiste. Is minic a tharlaíonn sé go mbíonn cónaí ar mhná achar fada ón gclinic, gan slí iompair ar bith acu, agus tinneas clainne ag teacht orthu. Is féidir leis an moill sin saol na máithreacha agus a gcuid páistí a chur i mbaol. Cabhróidh an tÁras Feithimh do Mháithreacha le féachaint chuige go mbeidh mná torracha ag an gclinic tráth a mbeidh an luí seoil ag teannadh leo, agus go bhfaighidh siad an tacaíocht mhíochaine a theastóidh uathu.

| Next Item »