An tAire Coveney ag tabhairt cuairt ar Chorn na hAfraice
10/11/17
An tAire Coveney ag tabhairt cuairt ar Chorn na hAfraice
Tabharfaidh an tAire Coveney cuairt an tseachtain seo ar réigiún Chorn na hAfraice, lena n-áirítear an Chéinia agus an Aetóip, chun athdhearbhú a dhéanamh ar chaidreamh na hÉireann lenár gcomhpháirtithe sa réigiún agus i mór-roinn na hAfraice. Díreoidh an chuairt aird ar na deiseanna a bheidh le tapú de bharr borradh a bheith faoi na naisc thrádála, phearsanta agus pholaitiúla idir Éire agus Corn na hAfraice.
An Aetóip
Tabharfaidh an tAire Coveney cuairt ar an Aetóip ar dtús chun bualadh le ceannairí polaitiúla éagsúla, lena n-áirítear an Príomh-Aire, Hailemariam Desalegn, agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Workneh Gebeyehu. Beidh an deis aige le linn na gcruinnithe sin aird a dhíriú ar na réimsí go léir ina bhfuil naisc á bhforbairt idir Éire agus an Aetóip, lena n-áirítear turasóireacht inbhuanaithe, oideachas agus an comhar forbartha déthaobhach eadrainn.
Tá an Aetóip ar cheann de phríomhthíortha comhpháirtíochta na hÉireann agus tá ár gclár comhair forbartha sa tír sin ar an gceann is mó dár gcuid ar domhan. Caitheadh €29 milliún air in 2017. Tá an clár dírithe ar an bhforbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear réimsí cosúil le coimirce shóisialta, cothú agus sláinte. Tá níos mó agus níos mó nasc trádála á gcothú idir Éire agus an Aetóip a spreagfaidh fás geilleagrach cuimsitheach do shaoránaigh na hAetóipe agus na hÉireann. Tá an Aetóip buailte ag na géarchéimeanna daonnúla sa réigiún, lena n-áirítear triomach agus ocras a ghoill ar roinnt cúigí sa tír, agus riachtanais dhaonnúla de bharr an triomaigh, an ocrais, na tearcfhorbartha agus na gcoinbhleachtaí i dtíortha comharsanacha. In ainneoin an bhrú atá uirthi freastal ar riachtanais forbartha a saoránach féin, lean an Aetóip ar aghaidh ag cur fáilte roimh dhídeanaithe. Is san Aetóip anois atá an pobal dídeanaithe is mó san Afraic agus fógróidh an tAire Coveney dlúthpháirtíocht na hÉireann leis an Aetóip agus leis na pobail leochaileacha atá á óstáil aici.
Eagraíochtaí Réigiúnacha
Is i bpríomhchathair na hAetóipe, Ādis Ābeba, atá an tAontas Afracach, an eagraíocht atá ag iarraidh comhtháthú polaitiúil agus geilleagrach a chothú ar fud na mór-roinne. Buailfidh an tAire Coveney le hionadaithe ón Aontas Afracach chun na dúshláin atá roimh an mhór-roinn a phlé, deiseanna comhair a iniúchadh agus féachaint ar an ról a d'fhéadfadh a bheith ag Éirinn in éineacht le comhpháirtithe san Afraic chun na dúshláin sin a shárú. Tionólfaidh an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach cruinniú mullaigh ardleibhéil in Abidjan, Côte d'Ivoire, ag deireadh na míosa, áit a bpléifidh siad saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar an dá mhór-roinn, go háirithe cruthú post, síocháin agus slándáil, agus cúrsaí imirce. Ina theannta sin, beidh an tAire Coveney ag bualadh le ceannairí an Údaráis Idir-Rialtasaigh um Fhorbairt, eagraíocht réigiúnach de chuid Chorn na hAfraice a bhíonn ag obair chun an comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn agus a rinne iarracht an tsíocháin a chur i réim i réigiún atá réabtha ag na coinbhleachtaí, lena n-áirítear trí iarrachtaí a rinneadh le déanaí tús a chur arís le Próiseas Síochána na Súdáine Theas. Leanfaidh Éire ar aghaidh ag tacú leis na heagraíochtaí sin agus iad ag iarraidh réitigh áitiúla a aimsiú ar an éagobhsaíocht ina réigiún féin.
An Chéinia
Tar éis dó cuairt a thabhairt ar an Aetóip, beidh an tAire Coveney ag triall ar an gCéinia chun bualadh le comhghleacaithe polaitíochta dá chuid, Ambasáid na hÉireann a oscailt go foirmiúil agus a bheith ina fhinné ar roinnt comhaontuithe chun na naisc thrádála idir Éire agus an Chéinia a neartú a thuilleadh. Rinneadh Ambasáid na hÉireann sa Chéinia a athoscailt in 2014 agus tá caidreamh den scoth na hÉireann leis an gCéinia le sonrú go soiléir sa chomhar a bhí eadrainn agus muid ag obair ar mhaithe leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhunú ag na Náisiúin Aontaithe in 2015, tráth ar aontaigh 193 tír ar threophlean chun dul chun cinn domhanda a chinntiú sna 15 bliana atá romhainn trí dheireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an ocras, agus féachaint chuige go mbeidh síocháin, rathúnas agus timpeallacht shláintiúil i réim.
Tá naisc gheilleagracha nua fós á mbunú idir Éire agus an Chéinia agus seolfaidh an tAire Coveney Straitéis Agra-ghnó nua na hÉireann agus na Céinia, ina leagtar amach conas is féidir leis an dá thír seo dul ag obair as lámha a chéile chun táirgiúlacht a mhéadú agus féachaint chuige go spreagfaidh an earnáil agraibhia fás geilleagrach inbhuanaithe sa dá thír.
In alt tuairimíochta ina ndearna sé machnamh ar a chuairt ar an réigiún, luaigh an tAire Coveney na focail a scríobh Warsan Shire, file óg de bhunadh na Somáile agus na Breataine:
“…no one puts their children in a boat
unless the water is safer than the land”.
Tá sé de fhreagracht ar cheannairí polaitiúla san Afraic agus san Eoraip aghaidh a thabhairt ar na dúshláin idirnasctha atá le sárú ag an dá mhór-roinn seo, agus dúirt an tAire Coveney:
"Tá cónaí orainn ar an talamh agus bímid ag brath uirthi i gcomhair bia. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh ár bpáistí go léir in ann cónaí anseo – trí infheistíocht a dhéanamh sa tslándáil bia, i slite beatha, agus chun féachaint chuige go mbeidh gach duine slán sábháilte.
Is mór an méid eile gur féidir linn a dhéanamh fós."