Lá Domhanda na hEitinne
20/4/16
Bíonn thart ar 24,000 cás nua den eitinn ann gach lá
Is iomaí duine a cheapann gur galar í an Eitinn (TB) a bhaineann leis an am atá thart. Tugadh "consumption" ar an eitinn i mBéarla na hÉireann, agus is í ba chúis le bás na mílte de mhuintir na hÉireann gach bliain go dtí gur cuireadh faoi smacht í sa deireadh thiar.
Tá an eitinn fós ar cheann de na príomhchúiseanna báis ar fud an domhain, agus fuair breis agus 1.5 milliún duine bás den ghalar sin sa bhliain 2014 aisti féin. Bíonn tionchar díréireach ag an eitinn ar na daoine is boichte ar domhan. I gcás duine as gach triúr ar a bhfuil VEID, is í an eitinn a mharaíonn iad.
Faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, tá Cúnamh Éireann tiomanta do chabhair a thabhairt chun deireadh a chur leis an eipidéim eitinne faoi 2030, agus do bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe d'fhonn an méid sin a bhaint amach. Bhí Cúnamh Éireann i measc bhunaitheoirí an Chiste Dhomhanda chun SEIF, Eitinn agus Maláire a Comhrac, agus tá breis is €183 milliún tugtha aige ina leith sin go dtí seo. I dtíortha ina mbíonn an Ciste Domhanda i mbun oibre, tá an bás den eitinn laghdaithe 29% ó 2000. Is ón gCiste Domhanda a thagann thart ar 75% de chaiteachas iomlán an domhain ar an eitinn.
Ó 2005 i leith, thug Cúnamh Éireann tacaíocht dhíreach do Chomhaontas Eitinne an Domhain chun drugaí nua, atá níos éifeachtaí agus níos oiriúnaí, a fhorbairt chun cóir leighis a chur ar dhaoine in aghaidh na heitinne. Baineann costas mór leis an gcóir leighis in aghaidh na heitinne atá ar fáil faoi láthair, agus ní mór d'othair na drugaí a chaitheamh thar thréimhse fhada (6-12 mhí go hiondúil). Is tábhachtach an rud é cógais nua, atá níos fearr agus níos saoire, a aimsiú, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe mhóir atá tagtha ar eitinn atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí. Rud tábhachtach eile atá tarlaithe, le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, is ea gur fhógair Comhaontas Eitinne an Domhain le déanaí go bhfuil cógais i gcoinne eitinne ar fáil a oireann do leanaí. Is iad sin na chéad chógais dá leithéid a chomhlíonann na treoracha dáileogachta atá leagtha síos ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ionas nach bhfaighidh 400 leanbh bás in aghaidh an lae mar a tharlaíonn faoi láthair.
Sínigh an Treoir chun Gnímh – Níor Chóir go bhfaigheadh Leanbh ar bith Bás den Eitinn ón gComhaontas Eitinne ar Vimeo.
Trí Domhan Amháin, Todhchaí Amháin, Beartas na hÉireann um Fhorbairt Idirnáisiúnta, tá Éire tiomanta d'fheabhas a chur ar an rochtain ar thorthaí sláinte ar ardchaighdeán do shaoránaigh bochta imeallaithe sna tíortha i mbéal forbartha. Tá an troid i gcoinne na heitinne ina bunchloch den iarracht sin, agus tá Cúnamh Éireann ag coinneáil leis an obair lenár gcomhpháirtithe chun deireadh a chur leis an ngalar sin.
Ach a bheith ag obair as lámha a chéile, beimid in ann deireadh a chur leis an eitinn.