Nourish: Forbairt ar Bhraisle Taighde um Chothú/VEID de chuid Uganda agus na hÉireann
6/9/16
Taighdeoirí de chuid Nourish i gcomhairle le ceannairí pobail i réigiún Karamoja, Tuaisceart Uganda. Cóipcheart an Ghrianghraif: an Tionscadal Nourish
Tionscadal is ea NOURISH atá á chistiú ag Cúnamh Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na naisc idir cothú, slándáil an tsoláthair bia, agus toradh na cóireála VEID ar fud Uganda. Is é an sprioc atá ann tuiscint níos fearr a fháil ar eispéireas na ndaoine atá ag maireachtáil le VEID agus leis an ocras, agus ar deireadh thiar idirghabhálacha agus cláir trína bhféadfaí sláinte agus cothú a fheabhsú a thástáil agus a chur ar bun ar scála níos mó.
An drochstádas cothaithe agus easpa slándála an tsoláthair bia, tá gaol idir iad agus freagairtí laga imdhíonachta agus drochthorthaí sláinte i measc leanaí agus daoine fásta a tholg VEID agus a bhfuil cóir leighis á cur orthu i gcoinne an ghalair sin. Cé go n-aithnítear go bhfuil freagairt Uganda don VEID/SEIF réasúnta éifeachtach, tá fadhbanna ag teacht chun cinn nach mór aird phráinneach a thabhairt orthu.
Idir 2005 agus 2013 tháinig laghdú 20% ar líon na mbásanna a bhaineann leis an ngalar SEIF in Uganda. Mar sin féin, níl cóireáil éifeachtach á cur ar gach grúpa go fóill agus tháinig méadú le déanaí ar líon na ndaoine a tholg an galar. Tá an galar VEID ar 7.5% de na daoine faoi láthair.
Rinneadh dul chun cinn de bharr idirghabhálacha simplí chun feabhas a chur ar shláinte agus leas na mban a fhreastalaíonn ar chlinicí VEID
Tá taighdeoirí NOURISH tar éis faisnéis a thiomsú faoi na heispéiris a bhí ag breis agus 5,000 duine ar fud Uganda. Léiríonn réamhthorthaí ón gclár NOURISH an méid seo a leanas in Uganda:
- I gcás othar a bhfuil tearc-chothú dona ag goilleadh orthu agus a bhfuil cóireáil á cur orthu i gcoinne VEID, thuairiscigh siad cáilíocht beatha ní b'fhearr agus caillteanas ní ba lú laethanta oibre nuair a tugadh cothú forlíontach dóibh le Bia Teiripeach Réamhullmhaithe ar feadh 12 sheachtain.
- Itear cuid mhaith bianna stáirsiúla agus ní itear mórán táirgí ainmhithe in Karamoja i dTuaisceart Uganda. Nuair a bhíonn bia gann, áirítear leis na straitéisí chun déileáil leis sin bianna fiáine (plandaí agus ainmhithe) a ithe, agus líon na mbéilí agus a méid a laghdú.
- Léiríodh i dtrialacha randamacha cóimheasa gur tháinig feabhas ar shláinte agus leas na mban a fhreastalaíonn ar chlinicí VEID de bharr idirghabhálacha simplí, amhail feachtas faisnéise faoin gcothú.
- Is iad na comhpháirtithe sa tionscadal NOURISH: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Ollscoil Makerere; Ollscoil Gulu; An Comhionad Taighde Chliniciúil; Institiúid na nGalar Tógálach; le comhoibriú ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus Coláiste an Rí, Londain.
Is iad na comhpháirtithe sa tionscadal NOURISH: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Ollscoil Makerere; Ollscoil Gulu; An Comhionad Taighde Chliniciúil; Institiúid na nGalar Tógálach; le comhoibriú ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus Coláiste an Rí, Londain.