Uganda: Cúnamh Éireann ag tacú leis an mbunoideachas in Karamoja
6/9/16
Ambasadóir na hÉireann chuig Uganda, Donal Cronin, le Céad-Bhean Uganda, Janet Museveni, ar thuras ar cheann de na scoileanna nua a tógadh in Karamoja.
Faoin Chlár Bunoideachais Karamoja, thacaigh Cúnamh Éireann le tógáil agus athchóiriú 21 Bunscoil ar fud an réigiúin le cistiú €12.7 milliún. Bhí sé ina aidhm leis an gclár rochtain níos fearr a bheith ar bhunscoileanna agus na daltaí a choinneáil iontu, trí fheabhas a chur ar bhonneagar trí cinn de scoileanna i ngach ceann de na seacht gceantar, obair a chuaigh chun tairbhe 17,000 dalta san iomlán in Karamoja.
I measc an bhonneagair a ndearnadh forbairt air bhí cóiríocht do mhúinteoirí, suanliosanna, seomraí ranga agus áiseanna sláintíochta. Cuireadh troscán agus ábhar teagaisc ar fáil freisin. Ar na gníomhaíochtaí eile ar tacaíodh leo faoin gclár, bhí bearta caomhnaithe comhshaoil ar nós bailiú báistí (590,000 lítear san iomlán) agus cur crann (630 crann san iomlán).
Cuireadh an clár chun feidhme idir 2013 agus 2016 leis na comhpháirtithe Deloitte-Uganda, Proplan Partners agus Turner & Townsend. Tá 17,008 dalta ar an rolla sa 21 scoil a bhain tairbhe as an gcistiú agus is buachaillí iad 8945 (53.7%) díobh agus cailíní 8066 (46.3%) díobh.
Leanfaidh Éire ar aghaidh ag obair le ceannairí agus muintir Karamoja ina gcuid iarrachtaí a réigiún a fhorbairt
Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú thart ar 30% (go dtí timpeall is 22,470) ar líon na ndaltaí a chuirfear ar an rolla sa 21 scoil sna 4 bliana atá romhainn, agus ar an gcaoi sin go gcomhlíonfaidh Karamoja an cuspóir i dtaobh cur leis an rochtain ar an mbunoideachas.
Tá réigiún Karamoja ar cheann de na réigiúin is boichte agus is lú forbartha in Uganda, agus tá rátaí neamhlitearthachta arda ann. Cuideoidh an infheistíocht san oideachas le hathrú a chur ar an scéal sin, agus leanfaidh Éire ar aghaidh ag obair le ceannairí agus muintir Karamoja ina gcuid iarrachtaí a réigiún a fhorbairt.
Faigh tuilleadh eolais faoin obair a dhéanann Cúnamh Éireann in Uganda