Skip to main content

Cúis bhróid ag Cúnamh Éireann é a bheith ag tacú leis na meáin dhigiteacha

Éifeachtacht an Chúnaimh, Nuacht/gné-alt, An Afraic, An tSaimbia, 2016
Creative Digital media Zambia

Andrew Mzanza, atá i mbun staidéir don dioplóma sna Meáin Dhigiteacha i gColáiste Evelyn Hone, Lusaka, an tSaimbia

Le trí bliana anuas, tá Cúnamh Éireann ag tacú leis na meáin dhigiteacha chruthaitheacha sa tSaimbia trí chistiú €195,780 lenar bunaíodh an chéad Dioplóma sna Meáin Dhigiteacha sa tSaimbia, i gColáiste Evelyn Hone in Lusaka. 

Áirítear sa Dioplóma trí bliana dearadh gréasáin, beochan, grafaicí, fuaim, eagarthóireacht deisce agus bainistíocht tionscadail. Bunaíodh é mar thionscnamh nuálach gairmoideachais idir Coláiste Breisoideachais Bhaile 

Formaid i mBaile Átha Cliath, Coláiste Evelyn Hone agus Údarás Oiliúna na Saimbia i dtaobh Oideachas Teicniúil, Gairmoideachais agus Fiontraíochta (TEVETA). Tá an Dioplóma ar leibhéal 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí sa tSaimbia. 

Is iad seo a leanas cuspóirí foriomlána Chúnamh Éireann maidir le meáin dhigiteacha chruthaitheacha sa tSaimbia:

-        cuidiú leis an Dioplóma sna Meáin Dhigiteacha Chruthaitheacha oideachas ar chaighdeán an tionscail dhomhanda a chur ar fáil do na mic léinn a thabharfaidh faoi;

-        bonn comhoibríoch láidir a thógáil do chúrsaí nua eile i dteicneolaíocht an cheoil, i mbeochan agus i réimsí eile; agus

-        cuidiú le maolú na bochtaineachta trí ardscileanna nuálaíocha gairmoideachais na linne seo, rud a thacaíonn le fostaíocht agus le tionscal na meán digiteach atá ag teacht chun cinn.

Rinne Andrew Mwanza, a bhí i measc na mac léinn ba thúisce a chláraigh don chúrsa, cur síos ar thionchar an Dioplóma nua:  "Tá mo shaol á athrú aige seo.  Nuair a d'fhág mé an scoil in 2009, ní raibh aon chonair ghairme romham i mo thír féin. Bhí mé ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar na meáin dhigiteacha chruthaitheacha. Ach ní raibh an rogha sin ar fáil agus ní raibh mo thuismitheoirí in ann mé a chur thar lear i gcomhair staidéir. Táim buíoch go bhfuil an cúrsa seo tagtha go dtí an tSaimbia anois."

Tá an tSaimbia ar cheann de na deich dtír is tapa atá ag teacht chun cinn ar Innéacs na Náisiún Aontaithe um Fhirt TFCorba

Tá an tírdhreach digiteach sa tSaimbia ag athrú. Tugadh aitheantas don tír sin le déanaí mar cheann de na deich dtír is tapa atá ag teacht chun cinn ar Innéacs na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt TFC. Beidh na céimithe ón Dioplóma sna Meáin Dhigiteacha ag cur leis an tionscal atá ag teacht chun cinn, agus dá bhrí sin is uirlis chumhachtach é i ndáil le forbairt chuimsitheach.

Tá clár na Saimbia sna Meáin Dhigiteacha ina chuid de Chlár Chúnamh Éireann um Chomhoibriú Straitéiseach.

Tuilleadh eolais faoi Chlár Chúnamh Éireann um Chomhoibriú Straitéiseach https://www.irishaid.ie/ie/ceard-a-dheanaimid/conas-a-oibrionn-ar-gcunamh/taighde/an-clar-um-chomhoibriu-straiteiseach