Tacaíocht ó Chúnamh Éireann chun athshlánú a dhéanamh ar bhruachthailte Loch Hawassa
27/11/15
Iascairí i Loch Hawassa, An Aetóip. Grianghraf: Teaghlach Achili
Tá Loch Hawassa agus an ceantar máguaird i ndeisceart na hAetóipe buailte ag an damáiste don chomhshaol agus an athrú aeráide, agus rinneadh dochar dá acmhainní ithreach, uisce agus foraoise de bharr an leathnaithe ar an talamh talmhaíochta. Tá clár arna thacú ag Cúnamh Éireann ag cuidiú chun athshlánú a dhéanamh ar an talamh atá millte, rud a bheidh chun leasa breis agus 40,000 duine de mhuintir na háite, lena n-áirítear feirmeoirí beaga agus daoine óige nach bhfuil talamh acu.
Tá Cúnamh Éireann ag tacú le grúpa Eagraíochtaí Neamhrialtasacha – SOS Sahel Ethiopia, Self Help Africa, Farm Africa agus VITA – le cistiú €1 mhilliún chun an comhshaol thart timpeall Loch Hawassa a athshlánú.
Tá an t-athrú go dtí táirgeadh talmhaíochta á spreagadh go príomha ag brú daonra, ag an méadú ar an éileamh ar adhmad le haghaidh breosla agus tógála, agus ag beartas neamhéifeachtach maidir le rochtain agus smacht ar acmhainní talún. D'fhág réiteach talún agus an t-athrú aeráide go bhfuil an limistéar i mbaol creimeadh ithreach agus díghrádú talún.
Tá sé mar aidhm ag an gclár an bhochtaineacht a laghdú san fhadtréimhse trí thacú leis an bpobal i dtaobh bearta caomhnaithe ithreach agus uisce a chur chun feidhme, agus i dtaobh athshlánú a dhéanamh ar na claiseanna móra a rinneadh de bharr creimeadh ithreach.
Bainfidh breis is 40,000 duine de mhuintir na háite thart timpeall Loch Hawassa tairbhe as an gclár
Tá an clár bunaithe ar thrí phríomhcholún: cur le táirgiúlacht agus ioncam, feabhas a chur ar an teacht aniar atá i slite beatha trí oiriúnú don athrú aeráide agus laghdú a dhéanamh ar chion na talmhaíochta i leith an athraithe aeráide.
Ina theannta sin, tá bainistiú cuimsitheach, cothrom talamhúsáide á chur chun cinn lena chinntiú go mbeidh rochtain shlán agus smacht ar thalamh poiblí ag daoine óga nach bhfuil talamh acu agus ag feirmeoirí beaga. Tá plandlanna síológ bunaithe thart timpeall an locha freisin chun síológa a chur ar fáil do dhaoine óga agus chun talamh díghrádaithe a athshlánú.
Tá limistéar os cionn 5,600 heicteár talún á athshlánú agus tá os cionn 5,000 duine, idir dhaoine óga agus fheirmeoirí beaga, tar éis leas díreach a bhaint cheana féin as gníomhaíochtaí a ghineann ioncam agus as cineálacha cur chuige talmhaíochta atá cliste i dtaobh na haeráide.
Léiríodh de bharr anailíse ar na sonraí satailíte do Loch Hawassa don tréimhse 1965 – 2001 gur glanadh thart ar 45% den fhásra nádúrtha le haghaidh táirgeadh talmhaíochta agus ró-innilte.
I measc na ndúshlán sonrach i dtaobh inbhuanaitheacht Loch Hawassa tá athruithe ar leibhéal an uisce locha mar gheall ar athrú aeráide, truailliú ó thionscal agus ó dhramhaíl tí, agus ídiú na stoc éisc.