Beartas nua na hÉireann um Chúnamh Daonnúil seolta ag an Aire Flanagan agus an Aire Sherlock
15/7/15
Tionóladh an chéad Chruinniú Mullaigh Daonnúil riamh de chuid na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar ar fhreastail níos mó ná 200 ceannaire daonchairdiúil Éireannach.
Tionóladh Cruinniú Mullaigh Daonnúil na hÉireann, an chéad cheann sa tír seo, i mBaile Átha Cliath inniu, ar ar fhreastail níos mó ná 200 ceannaire daonchairdiúil Éireannach chun freagairt na hÉireann ar ghéarchéimeanna daonnúla a phlé.
Is é an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a d'oscail an Cruinniú Mullaigh, agus bhí spreagaithisc ann ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, agus ón Aire Stáit um Fhorbairt, Seán Sherlock. Bhí raon leathan rannpháirtithe ó Éirinn agus níos faide anonn in éineacht leo, agus thugadar go léir leo a gcuid léargas agus a dtaithí féin ar fhreagairtí daonnúla.
Reáchtáladh an Cruinniú Mullaigh tráth a raibh babhta neamh-iondúil géarchéimeanna daonnúla ag teacht sna sála ar a chéile le blianta beaga anuas. Tá líon na ndaoine a bhfuil tionchar ag géarchéimeanna daonnúla orthu geall le bheith dúbailte le deich mbliana anuas. Tá líon níos mó daoine ná mar a bhí riamh ag teitheadh ó chogaí agus ón ngéarleanúint, agus tá 59.5 milliún duine easáitithe ar fud an domhain mar thoradh ar choimhlint. Tá líon, scála agus déine na n-éigeandálaí fós ag dul i méid, agus i bhfianaise 35 faoin gcéad de na riachtanais dhaonnúla a bheith gan cistiú go fóill, tá an córas daonnúil ag streachailt chun dul i ngleic leo.
Bhí an plé ag Cruinniú Mullaigh an lae inniu dírithe ar conas feabhas a chur ar an méid a dhéanann Éire ar mhaithe leis an bhfreagairt dhomhanda sin, ionas gur féidir linn cúnamh níos tapúla, níos fearr, agus níos éifeachtaí a chur ar fáil. Chuir an Cruinniú Mullaigh bailchríoch le Próiseas Comhairliúcháin Éireannach, a bhí ar siúl ar feadh bliana agus a raibh príomhghrúpaí Éireannacha ar ábhar cúraim an ghníomhaíocht dhaonnúil dóibh páirteach ann. Beidh toradh an phlé ina bhonn ag aighneacht na hÉireann do na Náisiúin Aontaithe roimh an gCruinniú Mullaigh Domhanda Daonnúil a bheidh ar siúl in Iostanbúl mí na Bealtaine seo chugainn.
Ag an gCruinniú Mullaigh freisin rinneadh Beartas Cúnaimh Dhaonnúil nua na hÉireann a sheoladh. Leagtar amach sa Bheartas sin conas a dhéanfaidh Éire beathaí a thabhairt slán agus a chosaint, an fhulaingt a mhaolú agus dínit an duine a chothabháil roimh ghéarchéimeanna daonnúla, lena linn agus ina ndiaidh.
Féach ar chlár oibre Chruinniú Mullaigh Daonnúil na hÉireann
Léigh tuilleadh faoi fhreagra Chúnamh Éireann ar ghéarchéimeanna daonnúla
Féach ar ghrianghraif ó Chruinniú Mullaigh Daonnúil na hÉireann
Beartas na hÉireann um Chúnamh Daonnúil
Ag an gCruinniú Mullaigh freisin, rinneadh Beartas nua na hÉireann um Chúnamh Daonnúil a sheoladh.