Taighde maidir le cothú a fheabhsú trí barra feabhsaithe
28/1/14Tá arbhar Indiach a bhfuil go leor vitimín A ann aitheanta ag taighdeoir atá maoinithe ag Cúnamh Éireann agus atá ag obair le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus leis an Institiúid Idirnáisiúnta Thalmhaíochta Thrópaiceach (IITA). Tá easpa Vitimín A ina chúis mhór le daille, cosc ar fhás, tinneas agus bás i bpáistí san Afraic. Tá cumas suntasach ag an arbhar seo a bhfuil saibhreas vitimíní ann chun míchothú a laghdú i dtíortha san Afraic Fho-Shahárach.
I dtaighde atá maoinithe ag Cúnamh Éireann agus a rinneadh i gcomhar le hOÉG agus leis an Institiúid Idirnáisiúnta Talmhaíochta Trópaicí, tá teaglaim ghéine aitheanta ag an mac léinn PhD agus ag póraitheoir arbhair Indiach Girum Azmach, i bplandaí arbhair a mhéadaíonn faoi thrí an leibhéal vitimín A i gcineálacha arbhair a itheann teaghlaigh bhochta Afracacha de ghnáth.
Is obair thábhachtach í seo mar go bhfuil easpa Vitimín A in ann cosc a chur ar fhás, galair agus baol neamhoird atáirgthe a mhéadú agus is é is cúis le 500,000 páiste i dtíortha atá i mbéal forbartha a dhul dall gach bliain. Faigheann os cionn leath de na páistí sin bás laistigh de bhliain tar éis dóibh a dhul dall. Buanaíonn easpa vitimín A i máithreacha agus páistí (go háirithe le linn na chéad 1000 lá ar an saol) bochtaineacht.
Cé go bhfuil arbhar Indiach ard i bhfuinneamh, níl na cothaithigh riachtanacha i gcomhar fáis agus forbartha ar fáil ann. Itheann os cionn billiún duine san Afraic Fho-Shahárach agus i Meiriceá Theas arbhar Indiach go forleathan áfach, mar chuid de phríomhaiste bia. Mar gheall ar seo, d’fhéadfadh impleachtaí móra a bheith ag taighde an uasail Azmach agus taighde dá leithéid.
Cuirfidh aistí bia a bhfuil próifíl micreachothaithigh fheabhsaithe acu le talmhaíochta ar scála beag a fheabhsú agus cuideoidh siad le híoschothú a sheachaint i máithreacha agus i bpáistí. Tá OÉG agus an IITA ag obair ar chineálacha nua príomhbharra ar nós arbhar Indiach, prátaí milse, agus pónairí a bhfuil níos mó vitimín A, iarainn agus since iontu. Comhoibríonn siad go dlúth leis an gclár Harvest Plus de chuid chóras idirnáisiúnta taighde talmhaíochta d’fhorbairt CGIAR, agus le córais náisiúnta taighde talmhaíochta.
D’oibrigh an taighdeoir Azmach go dlúth leis an Ollamh Charles Spillane ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus an leis an Dr Abebe Menkir ón IITA. Tá súil go gcuirfidh a chuid taighde go mór le forbairt níos fearr a dhéanamh ar chineálacha trópaiceacha arbhar Indiacha a bheidh bith-threisithe le vitimín A agus a bheidh á gcur in oiriúint do choinníollacha fáis agus do roghanna tomhaltóirí san Afraic.