An chéad chomhaltacht Mwangi á cur ar fáil ag Cúnamh Éireann agus Scoil Ghnó Smurfit UCD
18/2/14
Scoláireacht Mwangi fógartha ag an Tánaiste Eamon Gilmore ag Fóram Eacnamaíochta na hÉireann-na hAfraice
Tá Cúnamh Éireann i mbun comhpháirtíochta le Scoil Ghnó Michael Smurfit de chuid UCD chun clár comhaltachta nua a chur ar fáil: Scoláireacht MBA Mwangi.
Cuirfidh an Scoláireacht áit ar chlár cáiliúil UCD, Máistreacht i Riarachán Gnó, ar fáil do bhean ghnó as an Afraic.
D’fhógair an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, Comhaltacht Mwangi ag Fóram Eacnamaíochta na hÉireann-na hAfraice, a tionóladh i nDeireadh Fómhair 2013.
Cuirfidh an Scoláireacht áit lán-mhaoinithe ar chlár cáiliúil UCD, Máistreacht i Riarachán Gnó, ar fáil do bhean ghnó as an Afraic, gach bliain go ceann trí bliana. Scoil Ghnó UCD agus Cúnamh Éireann a dhéanfaidh an scoláireacht a chómhaoiniú. UCD a aithneoidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi trína phróiseas roghnaithe féin.
Ainmníodh an scoláireacht mar chomhartha dlúthpháirtíochta le muintir na Céinia, agus i gcuimhne ar an Uasal Mbugua Mwangi agus a fiancée Rosemary Wahito a maraíodh in ionsaí Westgate i Nairobi an 24ú Meán Fómhair 2013. Ba é Mbugua Mwangi an t-aon mhac a bhí ag iar-Ambasadóir na Céinia chun na hÉireann, H.E. Catherine Muigai Mwangi agus ba nia é le hUachtarán na Céinia, Uhuru Kenyatta. Catherine Muigai Mwangi a d’oscail ambasáid na Céinia chun na hÉireann in 2007, agus d’fhóin sí ina hAmbasadóir ann go dtí Lúnasa 2013.
Faigh tuilleadh eolais faoi Scoláireacht Mwangi
Glacfar le hiarratais ar Scoláireacht Mwangi go dtí an 31ú Márta. Faigh tuilleadh eolais ar láithreán Scoil Ghnó Michael Smurfit UCD