Skip to main content

Déanann Míle Lá Cothaithe Difear

Ocras, Nuacht/gné-alt, Domhanda, An Eoraip, 2013

Tréimhse ríthábhachtach i luathfhorbairt an linbh iad an míle lá ó thoircheas go dtí go mbeidh siad dhá bhliain d’aois. Nuair a bhíonn cothú maith ag an máthair agus ag an leanbh sa tréimhse sin bíonn tionchar fadréimseach aige ar an leanbh agus cuidíonn le timthriall na bochtaineachta a bhriseadh. Beagnach míle lá ó shin, i Meitheamh 2010,  sheol Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá tionscnamh dar teideal An Chomhpháirtíocht 1,000 Lá chun feabhas a chur ar chothú do mhná agus do leanaí sa tréimhse ríthábhachtach sin, an chéad míle lá.  I gcomhar leis an ngluaiseacht SUN, nó An Cothú a Uas-Scálú, cabhraíonn an chomhpháirtíocht seo le haird a dhíriú ar dhúshlán mór domhanda an tearc-chothaithe.

 

Tearc-chothú is cúis le go bhfaigheann leath de leanaí faoi chúig bhliana d’aois bás. Bíonn easpa cothaithe ar thart ar 15 milliún leanbh - beagnach duine as gach 4. Is féidir na básanna sin, agus an tionchar ar feadh an tsaoil a bhíonn ag an ngannchothú, a sheachaint má dhéantar idirghabháil chuí, go háirithe sna chéad 1,000 lá.  

 

Ní hamháin go sábháiltear daoine le dea-chothú go luath sa saol; leagtar síos leis an bunús do shláinte mhaith ar feadh an tsaoil, d’fhorbairt fhisiciúil agus chognaíoch agus cabhraíonn sé lena chinntiú go mbainfidh leanaí a lánacmhainneacht amach. Bíonn an méid sin chun leasa tíortha iomlána - deir eacnamaithe cáiliúla go mbíonn suas le US$15 mar thoradh ar gach US$1 a chaitear ar chothú, mar sin is ionann infheistíocht i gcothú agus an rud cliste, chomh maith leis an rud ceart le déanamh.  

 

Míle Lá Ar Aghaidh

Is mór an dul chun cinn atá déanta. Aithnítear dea-chothú anois mar chuid ríthábhachtach le aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht. Tá Éire agus gach duine atá páirteach sa Chomhpháirtíocht 1,000 Lá agus sa ghluaiseacht An Cothú a Uas-Scálú - rialtais, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach - ag obair i dtreo an tearc-chothú a íoslaghdú.

 

I mí Aibreáin 2013, le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, díríodh aird ar ról lárnach an chothaithe san fhorbairt nuair a thionóil Éire, i gcomhar le Fondúireacht Mary Robinson - Ceartas Aeráide, comhdháil idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath le haird a dhíriú ar na ceangail idir dúshláin an ocrais agus an chothaithe agus ceartas aeráide.

 

Le linn na hUachtaránacht ar an AE, glacadh le Beartas Cothaithe nua ón AE maidir le cúnamh seachtrach ón AE, i ndiaidh dlúthchomhoibriú leis an gCoimisiún Eorpach agus le Ballstáit eile de chuid an AE. Tugtar leis sin treoir shoiléir don AE cur lena chuid iarrachtaí maidir le tearc-chothú máithreacha agus leanaí, dul i ngleic le cosc ar fhás agus le lagú, agus an tacaíocht airgeadais a thugtar do thíortha is comhpháirtithe a mhéadú.

 

An chéad míle lá eile...

Ag ócáid a tionóladh i Londain an 8 Meitheamh 2013 dar teideal Nutrition for Growth Beating Hunger through Business and Science, gheall an Taoiseach an tacaíocht a thugann Éire le dul i ngleic leis an ocras agus leis an tearc-chothú sna hocht mbliana atá amach romhainn a dhúbailt. Beidh san áireamh leis sin méadú faoi dhó ar an méid a chaitheann Éire ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcothú faoi 2020.

 

Tá na spriocanna cothaithe á mbaint amach. Ag ócáid eile dar teideal “Sustaining Political Commitments to Scaling Up Nutrition (SUN)”, dhá lá ina dhiaidh sin i Washington, léirigh an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello, dóchas sa tionscnamh agus dúirt “creidim go mbeimid in ann sprioc an Chomhthionóil Dhomhanda Sláinte maidir le cosc ar fhás a sheachaint i leith 25 milliún leanbh a bhaint amach faoi 2016.” Labhair sé faoin tábhacht a bhaineann leis an gcéad tréimhse míle lá eile agus faoin ngéarghá atá ann a bheith tiomanta i gcónaí don 1,000 lá agus do na comhpháirtíochtaí An Cothú a Uas-Scálú.