Ábhar éigeandála aeraistrithe chuig an DRC
7/12/12
Villlagers leaving their homes fearing attack, Masisi, North Kivu, DRC. Photograph David Pratt for Concern
Mar fhreagra ar choimhlint i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), a d’fhág go raibh ar 130,000 duine a mbaile a fhágáil, rinneamar aeraistriú ar sholáthairtí éigeandála, lena n-áirítear 18,000 pluid, 600 tarpól agus 500 puball. Beidh siad sin á seachadadh ag ár gcomhpháirtithe ar an talamh, Concern, Christian Aid agus Oxfam, chun cabhrú le foscadh a sholáthar do chuid de na daoine is leochailí a raibh orthu teitheadh ón gcomhrac in oirthear na tíre.
Ag labhairt dó le déanaí, dúirt an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello T.D. an méid seo a leanas:
"Tá muintir Phoblacht Dhaonlathach an Chongó ag streachailt le ceann de na géarchéimeanna daonnúla is casta agus is buaine ar domhan. Tar éis blianta fada cogaidh agus míbhainistíochta, is í Poblacht Dhaonlathach an Chongó an tír is lú forbairt ar domhan. Cailleadh cúig mhilliún Congólach ó 1998 i leith.
“Cháin Éire arís is arís eile na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine ata tar éis saol an oiread sin Congólach a fhágáil faoi chrann smola agus tá tacaíocht shuntasach curtha ar fáil aici do na Náisiúin Aontaithe agus do NGOanna móra idirnáisiúnta le cabhrú leo freagairt don ghéarchéim mhillteach seo.”
Tá droch-chothú ar leanbh as gach ceathrar i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus tá cabhair dhaonnúil de dhíth ar beagnach 6.3 duine, agus déantar droch-chás níos measa mar thoradh ar an gcomhrac. In oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, inar tharla an comhrac is déanaí, tá os cionn 30 grúpa armáilte ag feidhmiú agus, de réir tuairiscí, tá sárú forleathan ar chearta an duine á dhéanamh ag na grúpaí reibiliúnacha agus ag an arm araon.
I mbliana, tá beagnach €5 mhilliún curtha ar fáil againn do ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta chun cabhrú le freagairt don ghéarchéim i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
An chaoi a bhfreagraímid d’éigeandálaí
Léigh tuilleadh faoin gcaoi a bhfreagraímid d’éigeandálaí daonnúla go tapa agus go héifeachtúil.