Gníomh tapa le dul i ngleic le héilliú in Uganda
7/12/12
Strengthening vital institutions is a priority for Irish Aid: Legal clerk Molly Adong prepares for a session at Pader court in Northern Uganda Photo: Richard More O’Ferrall
I mí na Samhna 2012 nuair a thuairiscigh an tArd-Iniúchóir in Uganda go raibh maoiniú ó Éirinn agus ó dheontóirí eile a bhí beartaithe d’fhorbairt thuaisceart Uganda imithe amú, bhí freagra tapa, cinntitheach ann.
Chuir an Tánaiste os cionn €16 mhilliún de mhaoiniú Chúnamh Éireann ar fionraí. Bhí an maoiniú sin le caitheamh trí chórais an Rialtais.
Beidh an fionraí seo i bhfeidhm go dtí go dtabharfar ar ais an maoiniú ar a ndearnadh mí-leithghabháil agus go bhfuilimid go hiomlán sásta go bhfuil Rialtas Uganda tar éis na rialuithe airgeadais inmheánacha a láidriú agus feidhmiú i gcoinne gach oifigeach a bhí bainteach leis an gcalaois.
Tá geallta faighte ag Éirinn ón leibhéal is airde de Rialtas Uganda go dtabharfar an maoiniú ar ais.
Léirítear inár ngníomhú tapa mar fhreagra ar an éilliú in Uganda chomh dáiríre is a thógaimid ár bhfreagracht maidir le húsáid cheart agus éifeachtach a bhaint as airgead cháiníocóirí na hÉireann.
Cuirimid cuntasacht ag croílár ár gcláir cúnaimh, rud a chiallaíonn go mbíonn córais trédhearcachta agus cuntasachta láidre le tógáil sna tíortha ina n-oibrímid.
Léirítear sa chás calaoise le déanaí gur féidir le laigí tarlú fiú nuair atá córais láidre bainistíochta an airgeadais phoiblí i bhfeidhm. Léirítear freisin, mar sin féin, nuair a dhéantar mí-leithghabháil ar airgead, go bhfuil na córais i bhfeidhm chun é sin a bhrath agus aird oifigiúil agus an phobail a tharraingt air.
Bhí tacaíocht Chúnamh Éireann d’Oifig an Ard-Iniúchóra in Uganda, a tháinig ar an éilliú seo, bunriachtanach chuige sin.
Agus tá tacaíocht Chúnamh Éireann don chóras ceartais atá ag ionchúiseamh na ndaoine a bhí freagrach díreach chomh tábhachtach céanna.
Cúnamh Éireann in Uganda
Foghlaim tuilleadh faoi na bealaí ina dtacaímid le pobail agus le daoine bochta in Uganda.