Freagairt mhear ar chruatan mhuintir Gaza
7/12/12
Tánaiste visits UNRWA school in Gaza. UN Photo
Tar éis na géarchéime in Gaza i mí na Samhna, d’fhreagair Cúnamh Éireann go tapa agus thug siad €140,000 chun cabhrú le haire a thabhairt dóibh siúd ar a bhfuil tionchar ag an gcoimhlint. Cabhróidh an maoiniú le Gníomhaireacht do Theifigh Phalaistíneacha na Náisiún Aontaithe (UNRWA) bia agus soláthairtí riachtanacha eile a sholáthar do na daoine is leochailí in Gaza. Tacaíonn Éire go láidir le hobair UNRWA chun riachtanais na dteifeach Palaistíneach a chomhlíonadh agus leis an íocaíocht is déanaí seo, is ionann an tacaíocht iomlán atá tugtha againn agus beagnach €4.5 milliún in 2012.
Bhí an cás daonnúil in Gaza go dona mar a bhí, agus tá sé níos measa mar thoradh ar bhombardú an cheantair i rith an fhoréigin is déanaí idir Hamas agus Iosrael.
Tá oibríochtaí forleathana ag UNWRA in Gaza, áit ina bhfuil cónaí ar 1.2 milliún teifeach, agus thuairiscigh an eagraíocht go raibh a seirbhísí sláinte faoi bhrú ag an líon mór fear, ban agus leanaí a bhí ag lorg cóireála ina gclinicí.
Bhí tionchar suntasach ag an bhforéigean ar staid shíceolaíoch na ndaoine in Gaza, agus tá leibhéal ard tráma ann, go háirithe i measc leanaí.
Chuir an méadú a tharla le déanaí ar an bhforéigean béim ar an ngá práinneach le comhaontú síochánta cuimsitheach sa choimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín.
Maraíodh 70 saoránach Palaistíneach, lena n-áirítear 23 leanbh agus 12 bean. Maraíodh triúr Iosraelach agus bhí pobail i ndeisceart Iosrael ag fulaingt freisin de bharr roicéid a bheith á gcaitheamh go leanúnach ag grúpaí míleata in Gaza.
Léigh tuilleadh faoin bPalaistín
Foghlaim conas mar a thacaímid le forbairt sa Phalaistín.