Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2015
26/8/16I dTuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann don bhliain 2015, sonraítear na torthaí go léir a baineadh amach trí chlár cúnaimh na hÉireann, Cúnamh Éireann, inár dtíortha comhpháirtíochta agus níos faide i gcéin in 2015. Tá cur síos sa tuarascáil freisin ar an dul chun cinn is tábhachtaí a rinneadh i dtaobh beartais, mar aon le sonraí a bhaineann le caiteachas Chúnamh Éireann ar fud an domhain.