Skip to main content

Saorálaíocht

Bíonn ról lárnach ag saorálaithe sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta domhanda, an ocrais agus na héagothroime. Trí do chuid scileanna agus eolais a roinnt, is féidir leat tionchar dearfach a bheith agat ar bheatha roinnt de na daoine agus na pobail is boichte ar domhan. Tá Cúnamh Éireann tiomanta do chinntiú go mbeidh níos mó deiseanna ann d’Éireannaigh ar mian leo a gcuid scileanna a roinnt mar fhreagra ar riachtanais comhpháirtithe sa domhan i mbéal forbartha. 

UN Volunteering UNV 2012 MoS Costello @ IA Volunteering Centre

Tá tiomantas na hÉireann do thógáil ar an traidisiún uasal atá aici i dtaobh obair dheonach a dhéanamh thar lear le feiceáil i mBeartas Chúnamh Éireann um Fhorbairt Idirnáisiúnta, Domhan Amháin, Todhchaí Amháin (2013). Sa tiomantas sin, aithnítear oidhreacht shaibhir na hoibre deonaí thar lear i measc mhuintir na hÉireann agus an chaoi a seasann siad le daoine atá i ngátar. Gach bliain, bíonn thart ar dhá mhíle oibrí deonach ó Éirinn ag obair i measc pobail bhochta ar fud an domhain i mbéal forbartha, agus is mór an tionchar a bhíonn ag an obair sin.

Tabhair faoin obair dheonach sa troid i gcoinne na bochtaineachta agus an ocrais ar domhan!

Is cuma cén aois thú nó cén taithí atá agat, is féidir leatsa cuidiú linn difríocht a dhéanamh. Trí obair dheonach a dhéanamh thar lear nó díreach trí bheith ar an eolas faoi na saincheisteanna móra agus faoin obair a dhéanann Cúnamh Éireann, is féidir leatsa do chion féin a dhéanamh. Déanann Cúnamh Éireann iarracht difear a dhéanamh do shaol daoine i gcuid de na pobail is boichte ar domhan. Is cuid lárnach dár n-iarrachtaí é an obair dheonach (an tsaorálaíocht) fhreagrach thar lear a chur chun cinn. Tá súil againn go gcuideoidh an t-eolas agus na naisc thíos leat.