Ionad Saorálaíochta agus Eolais Chúnamh Éireann
In Ionad Saorálaíochta agus Eolais Chúnamh Éireann, ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath, is féidir leat a fháil amach conas a dhéanann Cúnamh Éireann difríocht do bheatha na ndaoine bochta i dtíortha i mbéal forbartha. Tabharfaimid faisnéis agus comhairle duit má tá spéis agat i saorálaíocht thar lear. Tá an tIonad ar oscailt ó Luan go hAoine, 10 r.n. go dtí 5 i.n.
Foghlaim faoi Chúnamh Éireann
Ag an Ionad, is féidir leat labhairt leis an bhfoireann faoinár gcuid oibre, agus an méid seo a leanas a fháil amach:
- an chaoi a bhfuil ról ceannasach ag Éirinn sa chomhrac i gcoinne an ocrais
- conas a oibrímid chun feabhas a chur ar chúram sláinte agus ar oideachas do dhaoine bochta agus do phobail bhochta
- cé leo a mbímid ag obair, agus
- cén fáth a bhfuil an dearcadh ann i leith Chúnamh Éireann, clár cúnaimh na hÉireann thar lear, go bhfuil sé ar cheann de na cláir cúnaimh is fearr ar domhan.
Foghlaim faoin bhforbairt
Clár na scoileanna
Is féidir le múinteoirí bunscoile agus meánscoile a gcuid ranganna a thabhairt chuig ceardlanna scoile saor in aisce ina bpléitear saincheisteanna forbartha domhanda, agus turas treoraithe ar thaispeántas san áireamh. Tá na ceardlanna sin, a sheasann 90 nóiméad, le haghaidh Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP), le haghaidh na Tíreolaíochta don Idirbhliain agus don tSraith Shinsearach dara leibhéal, agus le haghaidh rang a trí go dtí rang a sé sna bunscoileanna. Bíonn ceardlanna ceoil dhomhanda le haghaidh ranganna bunscoile san áireamh i gceardlanna samhraidh speisialta i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh.
Ceardlanna forbartha do mhic léinn tríú leibhéal
Tairgimid ceardlanna do ghrúpaí mac léinn tríú leibhéal ar fhorbairt agus ar ról an chúnaimh. Cabhraíonn na ceardlanna sin le mic léinn iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna na bochtaineachta agus an chúnaimh ó pheirspictíochtaí éagsúla. Tá ceardlanna speisialta atá dírithe ar an modheolaíocht ar fáil do ghrúpaí chlár an Bhaitsiléara san Oideachas chun cabhrú leo saincheisteanna domhanda a chomhtháthú ina gcuid teagaisc bunscoile.
Tabhair cuairt ar ár dtaispeántas ilmheán
Féach ar an saol in Khulungira, sráidbhaile sa Mhaláiv, tríd ár dtaispeántas ilmheán ina bhfuil físeáin agus déantáin san áireamh. Féach ar thaithí laethúil an phobail feirmeoireachta sin ina bhfuil teaghlaigh ag méadú a dtáirgeadh bia le cabhair ó theicnící eolaíochta nua. Na teaghlaigh a insíonn a gcuid scéalta, oibríonn siad go crua chun todhchaí níos fearr a chur ar fáil dá gcuid leanaí, agus ní bronntanais a iarrann siad ach uirlisí agus faisnéis.
Turais threoraithe shaor in aisce ar an taispeántas: Luan go hAoine ó 10 r.n. go dtí 5 i.n.
Imeachtaí ag Ionad Chúnamh Éireann
Cuireann an tIonad spás saor in aisce ar fáil le haghaidh cainteanna, seimineár, scannán, cúrsaí oiliúna agus seoltaí, chomh maith le taispeántais ghrianghrafadóireachta shealadacha ina ndírítear ar an bhforbairt.
Cuir an tIonad in áirithe le haghaidh imeacht d’eagraíochta, nó féach ar fhéilire na n-imeachtaí atá le teacht.
Saorálaíocht thar lear
An bhfuil suim agat i saorálaíocht thar lear? Is féidir le treoraithe Ionad Chúnamh Éireann do chuid ceisteanna a fhreagairt nó faisnéis a chur ar fáil duit maidir le deiseanna i dtaca le saorálaíocht thar lear.