Skip to main content

Breathnóireacht Toghcháin

Coinníonn Cúnamh Éireann uainchlár de bhreathnóirí toghcháin cáilithe. Ainmnímid daoine atá ar an uainchlár sin chun páirt a ghlacadh i misin breathnóireachta toghcháin thar lear.

Misin breathnóireachta toghcháin

Ainmníonn Éire breathnóirí i gcomhair misin idirnáisiúnta breathnóireachta toghcháin mar chuid dá tiomantas i leith chearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn. 

 Full Article Image Holding

Glacann breathnóirí Éireannacha páirt den chuid is mó i misin arna n-eagrú ag na heagraíochtaí seo a leanas:

An t-uainchlár breathnóireachta toghcháin

Coinnímid uainchlár de dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu agus atá ar fáil i gcomhair misin breathnóireachta toghcháin. Níl an t-uainchlár ar oscailt do bhaill nua faoi láthair.

Ainmníonn Éire breathnóirí i gcomhair misin idirnáisiúnta breathnóireachta toghcháin mar chuid dá tiomantas i leith chearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn.  

Mar gheall ar an spéis a léirítear i bpáirt a ghlacadh i misin breathnóireachta toghcháin, táimid ag súil go mbeidh agallaimh le haghaidh áiteanna ar an uainchlár ar siúl sa tréimhse atá amach romhainn. Má tá suim agat iarratas a dhéanamh ar áit, is féidir leat ár láithreán Gréasáin a sheiceáil, áit a gcuirfimid an pobal ar an eolas faoi agallaimh atá le teacht. 

Cáilíochtaí

Má tá suim agat iarratas a dhéanamh ar bheith i do bhall den uainchlár breathnóireachta toghcháin, beidh roinnt de na cáilíochtaí agus na scileanna tipiciúla seo ag teastáil uait:

  • Taithí theicniúil agus eolas ar thoghcháin, ar nós taithí i ról ceann comhairimh, gníomhaire toghcháin nó maoirseoir vótála, nó rannpháirtíocht i vótaí a chomhaireamh, srl.
  • Ardleibhéal litearthachta ar ríomhairí
  • Eolas réasúnta ar a bheith ag obair le teanga ábhartha cosúil leis an bhFraincis, an Spáinnis, an bPortaingéilis nó an Rúisis
  • Ullmhacht agus cumas maidir le bheith ag obair i dtimpeallacht idirnáisiúnta
  • Inoiriúnaitheacht agus solúbthacht maidir le taisteal deacair agus cúinsí maireachtála deacra, m.sh cumas léirithe maidir leis an gcruatan a fhulaingt.
  • Dea-shláinte: ní mór duit nóta dochtúra a chur ar fáil ina ndeimhnítear go bhfuil tú sách folláin i gcomhair taistil sula n-imeoidh tú ar gach misean breathnóireachta.