Deiseanna soláthair
Bainimid úsáid as an bpróiseas soláthair phoiblí chun seirbhísí soláthraithe seirbhíse speisialta a fhostú nuair nach mbíonn eolas nó scileanna speisialta ar fáil laistigh den Roinn, nó nuair a theastaíonn iniúchadh, monatóireacht nó meastóireacht neamhspleách uainn le haghaidh tionscadal faoi leith.
Cathain a úsáidimid soláthar poiblí?
Fostaíonn Cúnamh Éireann seirbhísí soláthraithe seirbhíse speisialta i gcás nach mbíonn eolas agus/nó scileanna speisialta ar fáil laistigh den Roinn nó nuair a theastaíonn breithmheas, iniúchadh, monatóireacht agus meastóireacht neamhspleách.
Is sna réimsí seo a leanas a bhíonn na scileanna a lorgaímid de ghnáth:
- iniúchadh agus meastóireacht
- sláinte phoiblí lena n-áirítear VEID agus SEIF agus galair theagmhálacha eile
- rialachas agus daonlathas
- forbairt na hearnála príobháidí
- eacnamaíocht forbartha
- bainistíocht an airgeadais phoiblí
- éigeandálaí daonnúla
- an comhshaol
- slite beatha sa talmhaíocht agus faoin tuath
- oideachas
Mar Roinn Rialtais, ní mór dúinn cloí le rialacha maidir le soláthar poiblí, lena rialaítear mar a bhronntar conarthaí poiblí chun earraí, seirbhísí nó oibreacha a cheannach.
An Próiseas Soláthair Phoiblí
Cuirtear fógraí tairisceana ar fáil do gach eagraíocht a dhéanann tairiscintí trína bhfoilsiú ar láithreán Gréasáin soláthair phoiblí an Rialtais e-tenders agus/nó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IOAE).
Cinntear an modh soláthair i gcónaí leis an luach iomlán measta caiteachais d'aon obair chomhairliúcháin ar leith a dhéantar.
Tairseacha náisiúnta – suas go dtí €100,000
Níos lú ná €5,000
Ceannaítear soláthairtí nó seirbhísí (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) atá faoi bhun €5,000 bunaithe ar luachana ó bhéal agus r-phoist ó sholáthraí iomaíoch amháin nó níos mó.
Idir €5,001 agus €25,000
Bronntar conarthaí seirbhíse ar fiú idir €5,001 agus €25,000 iad de réir na bhfreagraí ar riachtanais/sonraíochtaí arna seoladh i r-phost chuig triúr soláthraithe seirbhíse ar a laghad.
Níos mó ná €25,000
I gcás na dtairiscintí ar fad atá níos mó ná €25,000, foilsítear fógraí tairisceana ar e-tenders, ina dtugtar rochtain leictreonach ar gach deis soláthair in earnáil phoiblí na hÉireann.
Tairseacha an AE – níos mó €100,000
Sna cásanna sin, ní mór cuireadh chun tairisceana a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IOAE) agus freisin ar e-tenders.
Conas a dhéanaimid conarthaí a mheas agus a bhronnadh?
Déanann coistí neamhspleácha ar a bhfuil foireann Chúnamh Éireann a bhfuil an t-eolas teicniúil acu atá ábhartha do na seirbhísí a theastaíonn na tairiscintí a mheas.
Bronnaimid conarthaí bunaithe ar an 'tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch'. Úsáidimid an modh seo toisc go bhfuil caighdeán teicniúil riachtanach i gcás gach oibre comhairliúcháin a dhéantar. Mar aon le praghas, cuirtear imthosca amhail an mhodheolaíochta, taithí na sainchomhairleoirí agus saineolas agus fiúntas teicniúil san áireamh.
Ní mór don fhoireann mheastóireachta neamhspleách a bheith ar aon intinn le chéile sula mbronntar an conradh. Tar éis na meastóireachta, bronntar an conradh ar an tairiscint is saoire agus atá aicmithe mar an 'ceann is mó a chomhlíonann critéir theicniúla'.
Conas a chinntímid cuntasacht?
Tá cleachtais soláthair faoi réir ag cuntasacht dhian. Déantar iniúchadh agus grinnscrúdú orthu trí iniúchadh inmheánach (link to Accountability) agus iniúchadh arna dhéanamh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Tá Oifigigh Chuntasaíochta freagrach go poiblí as gach rialachán ábhartha de chuid an AE agus rialacháin náisiúnta a chomhlíonadh.
Ina theannta sin, tá conarthaí Chúnamh Éireann faoi réir grinnscrúdaithe trí Cheisteanna Parlaiminteacha agus iarrataí um Shaoráil Faisnéise.
D'fhéadfadh dámhachtainí nach ndéantar i gceart trácht thromchúiseach a fháil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ón bpreas agus ó Choiste na gCuntas Poiblí, rud a d'fhéadfadh droch-chlú a tharraingt ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.