Cuntasacht
Táimid freagrach as cistí suntasacha poiblí a bhainistiú agus rud an-tábhachtach dar linn í an chuntasacht. Táimid freagrach as seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh na hÉireann, as beartas eachtrach na hÉireann agus as ár gcaiteachas. Bíonn orainn freagra a thabhairt do roinnt comhlachtaí agus institiúidí poiblí. Tá roinnt meicníochtaí maoirseachta inmheánaí ceaptha againn freisin trína dtugaimid cuntas ar ár gcuid oibre.