Skip to main content

Vítneam

Tá Vítneam ceithre oiread níos mó ná Éire agus tá daonra de 94 milliún duine ann. In ainneoin an dul chun cinn suntasach a rinneadh le fiche bliain anuas, tá roinnt mhaith daoine, go háirithe iad siúd a bhaineann le mionlaigh eitneacha fíorbhocht go fóill. Tríd an tacaíocht a chuirimid ar fáil, cuirtear ar chumas na rialtas áitiúil dul i gcabhair ar na mionlaigh eitneacha bhochta agus ar ghrúpaí eile ar imeall an tsochaí. Tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag tacú le fir agus le mná sna pobail seo agus leis an tsochaí shibhialta áitiúil le go bhfaighidh siad éisteacht maidir le cinntí a rachaidh i bhfeidhm orthu.

  • Forbhreathnú
  • Cúlra
  • Ár gcuid oibre
  • Torthaí

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Sracfhéachaint ar Vítneam

Daonra:

94.4 milliún

Sciar an daonra atá ag maireachtáil faoi bhun thairseach náisiúnta na bochtaineachta:

8.2%

Rangú de réir Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na Náisiún Aontaithe:

115 as 188

Tír chomhpháirtíochta ó:

2005

Large map of Vietnam

Éire agus Vítneam

Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a bhainistíonn Clár Chúnamh Éireann. Bunaíodh an clár comhoibrithe dhéthaobhaigh le Vítneam sa bhliain 2005 nuair a d’oscail muintir na hÉireann ambasáid i Hanáí agus nuair a aithníodh Vítneam mar thír chomhpháirtíochta de chuid Chúnamh Éireann. Is é Vítneam an t-aon tír chomhpháirtíochta de chuid Chúnamh Éireann lasmuigh den Afraic fho-Shahárach. Bunaíodh an caidreamh déthaobhach idir Éirinn agus Vítneam trí chomhpháirtíocht comhair forbartha a raibh an-rath uirthi a dhírigh ar an mbochtaineacht a laghdú i measc phobail na mionlach eitneach, ar an taithí a fuair muintir na hÉireann ar an bhforbairt a roinnt trí mhalartú a rinne institiúidí eacnamaíocha agus sóisialta in Éirinn agus i Vítneam, ar scoláireachtaí a thabhairt do dhaoine óga tréitheacha as Vítneam agus ar thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta Vítneam agus í ag forbairt.

Leagadh amach spriocanna na hÉireann do Vítneam sa Straitéis nua Mhisin um Vítneam 2017-2020 (PDF) a faomhadh i mí na Bealtaine 2017 lena dtacaítear le Plean Forbartha Soch-eacnamaíoch an Rialtais 2016-2020.

Leanann an Clár um Chomhroinnt Eispéireas Forbartha na hÉireann (IDEAS) den tacaíocht d’acmhainn an phobail a fhorbairt agus do naisc straitéiseacha idir Éirinn agus Vítneam a fhorbairt i réimse an oideachais, na talmhaíochta agus an ghnó agraibhia agus in earnáil an ghnó agus earnáil an gheilleagair lena n-áirítear trí naisc institiúideacha idir piaraí, idir gníomhaireachtaí stáit agus institiúidí tríú leibhéil agus trí scoláireachtaí.

Cuireann an clár forbartha i Vítneam tacaíocht ar fáil chun treisiú a dhéanamh ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta i Vítneam dul i bhfeidhm ar an bhfreagairt polasaithe agus ar an soláthar seirbhísí ar son na ngrúpaí a imeallaítear mar gheall ar inscne, aois, claonadh gnéis, eitneacht nó míchumas nó mar gheall gur imircigh iad.

Cuireann an clár forbartha i Vítneam tacaíocht ar fáil chun treisiú a dhéanamh ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta i Vítneam dul i bhfeidhm ar an bhfreagairt polasaithe agus ar an soláthar seirbhísí ar son na ngrúpaí a imeallaítear mar gheall ar inscne, aois, claonadh gnéis, eitneacht nó míchumas nó mar gheall gur imircigh iad.

Anuas ar ghníomhaíochtaí an chláir i Vítneam, tacaíonn ambasáid na hÉireann i Vítneam le maoiniú do líon beag tionscadal i dtíortha creidiúnaithe eile in aice láimhe, amhail Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laos, an Chambóid agus Maenmar. Áirítear ar na gníomhaíochtaí seo gníomhaíocht dhaonnúil mhianaigh lena ndírítear ar mhianaigh agus ar ordanás neamhphléasctha a ghlanadh, oideachas i dtaca leis an mbaol a bhaineann le mianaigh agus tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas, clár réigiúnach chun míchothú agus an bac a chuirtear ar fhorbairt leanaí a laghdú ach méadú a chur ar an líon na leanaí a gcothaítear leis an gcíoch amháin agus feabhas a chur ar nósanna cothaithe do leanaí agus do pháistí, tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta agus tacaíocht a thabhairt le gur féidir aghaidh a thabhairt ar an leochaileacht agus ar riachtanais dhaonnúla i Maenmar.

Tacaíonn an ambasáid le feabhas a chur ar an trádáil agus ar an gcaidreamh déthaobhach agus le naisc a chothú idir daoine in Éirinn agus i Vítneam, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt don phobal Éireannach atá ag méadú agus trí fhoráil a dhéanamh do sheirbhísí agus cúnamh consalachta.

Cúlra

Cúlra

Polaitiúil

San am a chuaigh thart, d’fhorghabh cumhachtaí seachtracha, mar shampla, an tSín, an Fhrainc, an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe, Vítneam. Athaontaíodh an tír faoi riail Pháirtí Cumannach Vítneam sa bhliain 1975, go gairid tar éis d’arm na Stát Aontaithe tarraingt amach as. Bhí sé go mór ar an imeall agus druidte don domhan mór ina dhiaidh sin mar go raibh smachtbhannaí idirnáisiúnta air go dtí tús na 1990idí.

Is stát aon pháirtí é Vítneam atá faoi riail Páirtí Cumannach Vítneam. Sa bhliain 1986, d’oscail Comhdháil Náisiúnta an Pháirtí an geilleagar d’infheistíochtaí ón iasacht agus tugadh gealltanas go dtarlódh athchóiriú náisiúnta eacnamaíoch agus go laghdófaí an bhochtaineacht tríd an bPlean Forbartha Socheacnamaíche. Chuaigh Vítneam isteach san Eagraíocht Dhomhanda Trádála in 2007 agus mar sin, comhcheanglaíodh Vítneam le córais dhomhanda trádála. Tháinig ceannairí reatha Vítneam i gcumhacht sa bhliain 2016. Bhí sé ina thosaíocht ag roinnt rialtas as a chéile borradh a chur faoin ngeilleagar, feabhas a chur ar chúinsí maireachtála agus an chobhsaíocht shóisialta a chinntiú. Ní hamháin gur mian le Vítneam go mbeadh caidrimh mhaithe aige sa réigiún ach go mbeidís aige ar bhonn domhanda, agus leagann sé béim ar chuir chuige iltaobhacha.

Tháinig an Comhaontú um Chomhpháirtíocht agus um Chomhar idir an tAontas agus Vítneam i bhfeidhm ar an 1 Deireadh Fómhair 2016 (. Leagtar amach sa Chomhaontú um Chomhpháirtíocht agus um Chomhar réimsí comhair atá ann cheana mar aon le réimsí nua, amhail, cúrsaí eacnamaíocha, an trádáil agus infheistíocht, acmhainní nádúrtha, an t-athrú aeráide agus an comhshaol, an tslándáil, an tsláinte, an t-oideachas, cúrsaí taighde agus roinnt eile nach iad. Tá Vítneam ag déanamh idirbheartaíochta leis an Aontas Eorpach faoi láthair maidir le Comhaontú Saorthrádála leis an Aontas.

Is ball é Vítneam de na Náisiúin Aontaithe agus de Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas. Bhí Vítneam ina bhall de Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine don tréimhse 2014-2016 agus tá sé ina bhall de Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe don tréimhse 2016-2018.

Eacnamaíoch

Tá geilleagar Vítneam ag dul ó neart go neart. D’athraigh athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha (Đổi Mới), a seoladh i 1986, an bhéim ó gheilleagar margaidh lárphleanáilte agus tháinig athrú ó bhonn ar an tír a bhíodh i measc na dtíortha ba bhoichte ar domhan le go mbeadh stádas meánioncaim íseal aige faoi 2016. A bhuí le timpeallacht sheasmhach pholaitiúil agus ráta íseal boilscithe, tá fás eacnamaíoch réasúnta ard i Vítneam le blianta beaga anuas agus meánráta 6.4% ann in aghaidh na bliana sna 2000idí. Tháinig fás 6.2% ar an bhfíor-olltáirgeacht intíre in 2016 agus 6.7% mar sprioc ag an Rialtas. In 2016, b’ionann an talmhaíocht agus 18.14% den olltáirgeacht intíre agus 43.6% den fhostaíocht. Déanann formhór an daonra tuaithe a mbeatha a shaothrú ach barra a fhás agus a dhíol, beostoc a thógáil agus a dhíol agus iasc agus táirgí foraoiseachta a dhíol. In 2016 b’ionann an tionsclaíocht agus 36.37% den olltáirgeacht intíre agus b’ionann earnáil na seirbhísí agus 45.49% den fhostaíocht. Ba iad innealra agus trealamh leictreach na heaspórtálacha is mó as Vítneam sa bhliain 2016 agus b'ionann iad agus 36.5% d’iomlán na n-easpórtálacha.

Tabharfaidh Comhaontú um Chomhpháirtíocht agus um Chomhar idir an tAontas agus Vítneam, nuair a dhaingneofar é agus Comhphobal eacnamaíoch Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas deiseanna nua do Vítneam chun tuilleadh infheistíochta dhíreach eachtrach a mhealladh agus borradh a chur faoi naisc trádála.

Mhéadaigh an meánioncam bliantúil i Vítneam ó US$635 in aghaidh an duine in 2005 go dtí tuairim agus USD$2,100 in 2016. Mar sin féin, i gcomparáid leis na tíortha eile in aice láimhe, tá Vítneam fós bocht go leor mar thír.

Tá tréimhse dhúshlánach amach roimh Vítneam anois mar nach mór dó bheith iomaíoch i gcomparáid leis na geilleagair eile sa réigiún mar a bhfuil costas íseal ar shaothar ach iarracht a dhéanamh caighdeáin bhreisluacha níos airde agus caighdeáin mhaireachtála na dtíortha forbartha in aice láimhe a bhaint amach.

Forbairt

Rangaíodh Vítneam sa 115ú háit as 187 tír in Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na Náisiún Aontaithe (Tá Éire san ochtú háit). D’éirigh le Vítneam ceithre as ocht gcinn de Spriocanna forbartha na Mílaoise a bhaint amach, dhírigh na spriocanna sin ar an mbochtaineacht agus an t-ocras, an t-oideachas, an comhionannas inscne agus sláinte máithreacha. Tá plean gníomhaíochta náisiúnta ag Vítneam maidir le Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme.

Tháinig feabhas as cuimse ar thorthaí sóisialta de gach cineál i Vítneam agus tháinig laghdú ar an dianbhochtaineacht ó leibhéil arda sna 1990idí go 8.2% in 2016 de réir tomhas náisiúnta ar an mbochtaineacht. Mar sin féin, ceileann na staitisticí seo fadhb ilghnéitheach na bochtaineachta agus an éagothroime atá ann san fhorbairt dhaonna i measc an daonra ar leibhéal na tíre uile. Tá isteach is amach le 9 milliún duine ar an anás agus tá níos mó ná 5 mhilliún duine eile beagáinín os cionn thairseach na bochtaineachta, ach d’fhéadfadh sé go dtitfidís faoin tairseach sin arís. Níl an fás geilleagrach ag dul chun tairbhe don daonra ar fad mar a chéile.

Tá an ráta bochtaineachta i gceantair thuaithe i bhfad níos mó ná i gceantair uirbeacha. Téann an bhochtaineacht i bhfeidhm go díréireach ar 53 mhionlach eitneach i Vítneam atá ina gcónaí i gceantair thuaithe sléibhtiúla: cé nach bhfuil iontu ach 15% den daonra, is ionann mionlaigh eitneacha agus leath na ndaoine atá ag maireachtáil sa bhochtaineacht i Vítneam. Téann tuairteanna geilleagracha i bhfeidhm ar dhaoine bochta go háirithe ráta ard boilscithe. Is dúshlán go fóill é an míchothú a chosc, go háirithe i measc na mionlach eitneach, a bhfuil líon na leanaí ar a gcuirtear bac forbartha rí-ard (beagnach 40% i gcomparáid leis an meán náisiúnta de 25%).

Tá an céatadán den daonra atá faoi mhíchumas i Vítneam ard ag 15%, cuid de mar thoradh ar an gcogadh. Tá comhchoibhneas láidir idir an míchumas agus an bhochtaineacht agus bíonn rátaí tinrimh na leanaí faoi mhíchumas go mór faoi bhun na leanaí eile agus is iomaí bac a bhíonn le sárú ag an té faoi mhíchumas chun post a fháil freisin.

Téann inscne i bhfeidhm ar an mbochtaineacht agus ar an leochaileacht i Vítneam in ainneoin go mbíonn an tinreamh céanna le sonrú i measc buachaillí agus cailíní ag leibhéal na bunscoile agus go bhfuil leibhéal rannpháirtíochta na mban sa lucht oibre i measc na gcinn is airde ar domhan.

Rangaítear Vítneam sa seachtú háit maidir le tíortha atá leochaileach i leith an athraithe aeráide agus tubaistí san Innéacs Domhanda um riosca aeráide sa tréimhse 1994-2013.

 

Ár gcuid oibre

Ár gcuid oibre

Leagtar amach i Straitéis Mhisin na hÉireann um rannpháirtíocht i Vítneam agus i bhforéigiún Mekong 2017-2020 (PDF) an chaoi a rachaimid i ngleic leis an timpeallacht forbartha atá ag athrú i Vítneam agus i bhforéigiún Mekong (Laos, an Chambóid agus Maenmar).

Le linn na tréimhse cúig bliana nuair a bhí an Straitéis um Vítneam 2011-2016 i bhfeidhm, chuireamar níos mó ná €70 milliún ar fáil. Chaitheamar níos mó ná €12 milliún in 2016 (féach Achoimre ar Chaiteachas i dTíortha Comhpháirtíochta de réir Earnála) – Iarscríbhinn 9 Tuarascáil bhliantúil Chúnamh Éireann 2016.

Caiteachas 2016 de reir Earnala 

I Vítneam, tacaímid le plean forbartha socheacnamaíche an Rialtais a chur chun feidhme mar go ndírímid ar an gcuimsiú a mhéadú agus an nuálaíocht a spreagadh. Déanfaimid seo ach oibriú i gcomhar le réimse comhpháirtithe ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta lena n-áirítear institiúidí rialtais, gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, institiúidí taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, eagraíochtaí ollmhóra agus eagraíochtaí den tsochaí shibhialta.

Cur chuige iomlánaíoch i dtaca le pobail na mionlach eitneach a fhorbairt

Díríonn iarrachtaí comhair forbartha na hÉireann i Vítneam ar fhorbairt a dhéanamh i measc mionlaigh eitneacha go fóill mar ar chuidigh Éire leis an obair agus mar a bhfuair sí tuiscint ón obair go dtí seo.

Is ceist chasta í forbairt chuimsitheach inbhuanaithe ar phobail mionlach eitneach a chur chun cinn agus bíonn gníomhaíocht ón rialtas, comhpháirtithe forbartha agus na pobail féin i gcomhar de dhíth. Faoin straitéis nua, tabharfaidh an Ambasáid faoi chur chuige níos iomlánaíche a úsáid lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe éagsúla de riachtanais forbartha na mionlach eitneach lena n-áirítear rochtain ar sheirbhísí, cothú, cumasú inscne, inbhuanaitheacht aeráide agus chomhshaoil, rannpháirtíocht agus guth an phobail. D’fhonn tacú leis na hiarrachtaí seo, bhunaigh an Ambasáid grúpa comhpháirtíochta nua ina bhfuil an rialtas agus eagraíochtaí neamhrialtasacha iltaobhacha, déthaobhacha agus áitiúla ag a bhfuil réimsí éagsúla saineolais le go rachaidh siad i gcomhar lena chéile agus go roinnfear an fhoghlaim a dhéantar agus cuir chuige nuálacha ionas go mbeidh rath níos mó ar an obair.

Vietnamese traditional dress

Taithí agus scileanna ó Éirinn a roinnt 

Mar fhreagra ar an tsuim mhór a léirigh ár gcomhpháirtithe ó rialtas Vítneam, táimid ag cur leis an anailís chriticiúil agus leis an díospóireacht phoiblí i Vítneam ag tarraingt ar thaithí na hÉireann ar an ngeilleagar a bhainistiú agus ar staidéar neamhspleách a rinne forais náisiúnta taighde.

Tríd an gClár um Chomhroinnt Eispéireas Forbartha na hÉireann (IDEAS) déanaimid éascú ar smaointe a mhalartú agus treisiú ar naisc straitéiseacha idir Éirinn agus Vítneam i réimse an oideachais, na talmhaíochta agus an ghnó agraibhia agus in earnáil an ghnó agus earnáil an gheilleagair. Cuirimid scoláireachtaí spriocdhírithe ar fáil do mhic léinn ón réigiún le go ndéanfaidh siad staidéar in Éirinn ar scileanna don mhargadh fostaíochta agus ar na hábhair eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice mar aon le roinnt deiseanna i dtaobh gnó a fhorbairt agus i dtaobh na fiontraíochta. Cuirimid maoiniú síl ar fáil trí Chlár na hÉireann Vítneam um Malartú Oideachais Déthaobhach (VIBE) chun comhoibriú idir ollscoileanna agus institiúidí in Éirinn agus i Vítneam a chur chun cinn.

Ag tacú le beartais náisiúnta a rachaidh chun tairbhe dóibh siúd ar an imeall a cheapadh

Cuireann Éire tacaíocht ar fáil chun treisiú a dhéanamh ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta dul i bhfeidhm ar an bhfreagairt beartais agus ar an soláthar seirbhísí ar son na ngrúpaí a imeallaítear mar gheall ar inscne, aois, claonadh gnéis, eitneacht nó míchumas nó mar gheall gur imircigh iad. Tríd an líonra atá aici, cothóidh an Ambasáid meas ar na bunriachtanais a bhíonn de dhíth le go dtiocfaidh rath agus bláth faoi shochaí shibhialta.

Díreoidh clár na hAmbasáide sa Chambóid, i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach Laos agus i Maenmar ar an maoiniú atá ar fáil don ocras/míchothú; tacaíocht mhaireachtála a chur ar fáil do ghrúpaí i dtimpeallachtaí leochaileacha; tacaíocht don tsochaí shibhialta; agus mianach agus ordanás neamhphléasctha a ghlanadh.

vietnamese classroom

Torthaí

Torthaí

Dul chun cinn Vítneam

Ar leibhéal náisiúnta, rinne Vítneam dul chun cinn suntasach le blianta beaga anuas:

  • Laghdaíodh líon na mbochtáin i Vítneam ó leibhéil rí-arda ag tús na 1990idí go 8.2% in 2016.
  • Méadaíodh ionchas saoil ó 70 bliain d’aois in 2005 go 76.25 in 2016 (An Banc Domhanda, 2016).
  • Tháinig laghdú dhá thrian ar mhortlaíocht máithreacha idir 1990 agus 2015 (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2015).
  • Tháinig laghdú ar líon na leanaí níos óige ná cúig bliana d’aois a gcuirtear srian ar a bhforbairt ó 29.3% in 2010 go 24.9% in 2014 (Institiúid Náisiúnta Cothaithe Vítneam, Tuarascáil bhliantúil.
  • Tháinig laghdú ar líon na leanaí níos óige ná cúig bliana d’aois atá faoi bhun an ghnáthmheáchain ó 21.2% in 2007 go 14.5% in 2014 (Institiúid Náisiúnta Cothaithe Vítneam, Tuarascáil bhliantúil.

Conas a chabhraíomar

Chabhraigh Cúnamh Éireann leis an dul chun cinn a rinneadh i Vítneam agus sa réigiún. Sa bhliain 2017, chabhraigh an obair a rinneamar leis na torthaí seo a leanas a bhaint amach:

  • Rinneadh éascú ar 82 chuairt mhalartúcháin idir Éirinn agus Vítneam agus fuair 29 iarratasóir ó Vítneam (16 fear agus 13 ban) scoláireacht ó Rialtas na hÉireann chun céim mháistreachta a dhéanamh sa bhliain acadúil 2017-2018 mar chuid de chlár Chúnamh Éireann chun inniúlachtaí mhuintir Vítneam a fhorbairt i réimsí a n-aithnítear go bhfuil ganntanas scileanna iontu. 
  • Tacaíodh le 60 tionscadal don bhonneagar pobail lenar díríodh ar sheirbhísí bunriachtanacha a fheabhsú do mhionlaigh eitneacha i Vítneam.
  • Cabhraíodh le 400 duine ar a bhfuil míchumas post a fháil nó feabhas a chur ar an tslí mhaireachtála.
  • Glanadh 879, 431m2 de thalamh agus scriosadh 1,146 earra mianaigh, obair a chuaigh chun tairbhe do 33,601 duine sa Chambóid. Reáchtáladh 132 seisiún eolais i dtaca leis an mbaol a bhaineann le mianaigh i Vítneam ag a raibh ní ba mhó ná 38,124 leanbh i láthair. .
  • Feabhsaíodh aiste bia 326,000 teaghlach tuaithe i Maenmar.
  • Tugadh eolas ríthábhachtach sláinte maidir le nósanna cothaithe do leanaí agus páistí do phobail faoi mhíbhuntáiste i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach Laos.
  • Thacaigh Éire le Laos agusé ag iarraidh sprioc forbartha inbhuanaithe 18 – Deireadh a chur leis an mbac a chuireann ordanás neamhphléasctha ar an bhforbairt i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach Laos – a bhaint amach

 

Faigh Amach Tuilleadh

Leagtar amach i Irish Aid Vietnam Country Strategy Paper 2017 - 2020 an chaoi ar fhreastalaímid ar an timpeallacht forbartha a bhíonn ag athrú i Vítneam.

Léigh an Vietnam Mission Strategy Leaflet.