An Aetóip
Tá an Aetóip in oirthuaisceart na hAfraice, sa limistéar ar a dtugtar Corn na hAfraice. Tá an tír, ina bhfuil daonra os cionn 80 milliún duine, timpeall 15 uair méid na hÉireann, agus tá timpeall 85% dá dhaonra ina gcónaí i gceantair tuaithe. Is báisteach thaomach a bhíonn i gcuid mhaith den tír, rud a fhágann go mbíonn neamhshláine bia i gceist i gcónaí i gcuid mhaith den tír. In ainneoin go raibh fadhbanna suntasacha acu sna 1980í, tá an Aetóip tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le laghdú na bochtaineachta agus brostú fáis agus forbartha geilleagraí.
Tá sí ar cheann de phríomhthíortha comhpháirtíochta na hÉireann agus oibrímid le rialtas na hAetóipe, gníomhaireachtaí na NA agus réimse eagraíochtaí neamhrialtasacha chun tacú le cláir trína gcinntítear go ndéantar teaghlaigh tuaithe bochta a chosaint agus go bhfuil acmhainní acu chun tréimhsí ganntanais bia a láimhseáil níos fearr, gur féidir le teaghlaigh feirmeoireachta a gcuid ioncaim a éagsúlú, agus gur féidir le máithreacha agus le leanaí go háirithe saol níos folláine a bheith acu.
- Forbhreathnú
- Cúlra
- Ár gcuid oibre
- Torthaí
Forbhreathnú
Forbhreathnú
Sracfhéachaint ar an Aetóip
Daonra: |
84.7 milliún |
Céatadán daoine ag maireachtáil ar níos lú ná $1.25 in aghaidh an lae: |
39% |
Rangú ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na NA: |
174 out of 184 |
Tír Chomhpháirtíochta ó: |
1994 |
Éire agus an Aetóip
D’osclaíomar ár nAmbasáid san Aetóip in 1994 nuair a bhunaíomar ár gclár cúnaimh oifigiúil. Ó shin i leith, d’oibrigh Cúnamh Éireann le raon eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla lena n-áirítear institiúidí rialtais, gníomhaireachtaí NA, institiúidí taighde idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí cúnaimh chun ár gcuspóirí forbartha a bhaint amach.
Tá ár gcuspóirí leagtha síos againn inár bPáipéar Straitéise Tíre don Aetóip 2008-2012, atá bunaithe ar ár dtiomantas bochtaineacht a laghdú do na daoine agus na pobail is leochailí san Aetóip agus atá ag teacht le plean forbartha nua Rialtas na hAetóipe, An Clár maidir le Fás agus Bunathrú 2011-2015.
Chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil tríd ár gclár cúnaimh déthaobhach, tacaímid le hobair gníomhaireachtaí cúnaimh áitiúla agus idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí misinéireachta san Aetóip tríd ár scéimeanna maoinithe le haghaidh na sochaí sibhialta.
Táimid ag obair chun caidreamh trádála idir Éirinn agus an Aetóip a fheabhsú agus tacaímid le roinnt comhpháirtíochtaí taighde agus foghlama idir institiúidí ardoideachais in Éirinn agus san Aetóip tríd an gClár um Chomhar Straitéiseach.
Cúlra
Cúlra
Polaitiúil
Tá an Aetóip beagnach uathúil san Afraic, ós rud é, taobh amuigh d’fhorghabháil cúig bliana a rinne an Iodáil i rith blianta Mussolini, nach ndearnadh coilíneacht riamh di. Faoin Impire Haile Selassie, bhí an Aetóip ina himpireacht feodach go dtí 1974, nuair a tháinig giunta míleata i gcumhacht.
Tá fiche bliain caite ó tháinig Daon-Fhronta Dhaonlathach Réabhlóideach na hAetóipe i gcumhacht agus ó thosaigh siad ag bunathrú na hAetóipe go sochaí níos forbartha, níos daonlathaí agus níos cothromaíoch. Tá an obair seo fós ar bun.
Cuireann Rialtas na hAetóipe béim shoiléir ar fhás geilleagrach, agus an fócas láidir a bhí sa chlár forbartha deiridh fós le brath. Tá sé d’aidhm leis an bplean nua tír ar mheánioncam a dhéanamh den Aetóip sa 12 bhliain seo romhainn, ag cur deireadh le bochtaineacht agus ag cur comhionannas agus cothromas chun cinn.
Tá ról tábhachtach ag an Aetóip i bpolaitíocht an réigiúin, agus í i mbun idirghabhála, mar shampla, idir na páirtithe sa tSúdáin agus sa tSúdáin Theas. Tá ról gníomhach aici freisin sa tSomáil ó thaobh idirphlé polaitiúil agus tacaíocht mhíleata do Mhisean Aontas na hAfraice sa tSomáil (AMISOM). Tá teannas fós le brath idir í féin agus an Eiritré.
Geilleagrach
Tá an Aetóip tar éis a bheith ar cheann de na geilleagracha is mó fáis san Afraic nach bhfuil ola ann le blianta beaga anuas, le meánleibhéal fáis 8-10% in aghaidh na bliana. Tá leathnú geilleagrach tapa leanúnach indéanta, ach beidh gá le bainistíocht chúramach. Is forbairt shuntasach a bheadh i gceist dá dtiocfaí ar ola.
Is ó thionscal a thagann 13.5% den Olltáirgeacht Intíre (OTI), céatadán atá i bhfad níos ísle ná mar atá i dtíortha fho-Shahárach eile na hAfraice, ag a bhfuil meánleibhéal 32%. Tá roinnt forbairtí dearfacha tar éis tarlú maidir le gnóthais bláthanna agus gairneoireachta a mhealladh chun na tíre, ach is fostaíocht ar phá íseal, le leibhéal íseal scileanna atá i gceist, agus d’fhéadfadh costais chomhshaoil nach bhfuil soiléir a bheith i gceist leis.
Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar onnmhairithe talmhaíochta freisin (caife, síolta ola, gairneoireacht agus cát). Ar an iomlán, tá táirgeacht talmhaíochta méadaithe ach níltear cinnte fós maidir le fás marthanach ar aschur talmhaíochta. Tá an Aetóip fós ag brath ar allmhairiú bia tráchtála agus ar chúnamh bia.
Tá srian á chur ar tháirgiúlacht freisin mar gheall ar chaighdeán na talún, méid na sealúchas aonair agus infhaighteacht theoranta ionchur amhail síolta agus leasachán. Tá cónaí ar 85% de dhaonra na hAetóipe i gceantair tuaithe agus tá na milliúin atá ag brath ar fheirmeoireacht le gabháltais bheaga dá slí mhaireachtála i mbaol mar gheall ar bháisteach shéasúrach thaomach, creimeadh ithreach, neamhdhaingne tionachta agus fás mór ar an daonra. Tá baol ar leith díghrádaithe talún ag baint le réigiún ó thuaidh Tigray. Tá bac á chur ar dháileadh freisin mar thoradh ar neamhéifeachtúlacht na margaí sa tír agus bonneagar iompair nach bhfuil sách maith.
Forbairt
Tá an Aetóip rangaithe ag 174 as 184 tír ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na Náisiún Aontaithe (tá Éire rangaithe sa seachtú háit faoi láthair). Tá baint ag an tír fós de réir an daonra idirnáisiúnta leis an ngorta tubaisteach a tharla in 1984/85 inar bhásaigh os cionn milliún duine. Le deich mbliana anuas, áfach, tá dul chun cinn an-suntasach déanta maidir le fás geilleagrach agus forbairt dhaonna le tacaíocht ó chúnamh forbartha.
Is é an t-ionchas saoil san Aetóip ná 56 bliain, agus as an daonra iomlán os cionn 80 milliún, tá os cionn 30 milliún duine ag maireachtáil faoi thairseach na bochtaineachta náisiúnta. Tá an céatadán daoine atá ag maireachtáil ar níos lú ná $1.25 in aghaidh an lae tar éis laghdú ó 46% in 2000 go 39% in 2011.
Cé go bhfuil rátaí bochtaineachta ag feabhsú ar an iomlán, tá déine na bochtaineachta atá le fáil i gceantair tuaithe áirithe ag dul in olcas, i gcomparáid le ceantair uirbeacha. Agus cé go bhfuil ráta fáis an daonra ag moilliú, tá sé fós chomh hard is go bhféadfadh daonra na hAetóipe dúbailt faoin mbliain 2030.
Tá forbairtí mórthaibhseacha bainte amach ag an earnáil sláinte le blianta beaga anuas, le rátaí báis i measc leanaí faoi cúig bliana d’aois laghdaithe 28% idir 2005 agus 2010. Ina ainneoin sin, áfach, is cúis imní ríthábhachtach don Rialtas agus do na comhpháirtithe forbartha atá san easpa dul chun cinn maidir le rátaí báis i measc máithreacha. Tá na rátaí fós i measc na rátaí is measa ar domhan (673/100,000 in 2005 agus 675/100,000 in 2011). Ní fhaigheann ach 34% de mhná san Aetóip cúram réamhbhreithe ar bith ó sholáthraí oilte, cé gur méadú é sin ó 28% in 2005.
Aithníonn Rialtas na hAetóipe go bhfuil gá tabhairt faoi chúiseanna imní sláinte a bhaineann le hinscne ós rud é go mbaineann siad sin an mhaith as iarrachtaí a dhéantar i réimsí eile chun sláinte agus cothú leanaí agus táirgeacht agus fás geilleagrach a fheabhsú go ginearálta.
Tá dúshláin mar neamhshláine bia arís is arís eile ag cur isteach ar an Aetóip. Tá neamhsláine bia fós ag cur isteach ar líon an-suntasach den daonra. Is dócha go mbeidh tacaíocht ag teastáil ó idir 10 agus 12 milliún Aetópach chun na riachtanais bhunúsacha bia atá acu a fháil in aon bhliain ar leith, agus itheann 44% den daonra níos lú calraí ná mar a theastaíonn uathu in aghaidh an lae. Faoi láthair, tá fás cranda ar 44% de leanaí atá faoi cúig bliana d’aois, tá 27% de mhná na hAetóipe ró-thanaí agus tá ainéime ag dul do 17% díobh.
I gcás na bpobal ina mbíonn géarchéimeanna go minic, tá báisteach thaomach, boilsciú leanúnach ar chostas bia (47.5% i bhFeabhra 2012), praghsanna arda breosla agus boilsciú luaineach bainteach i measc na bhfachtóirí a chuireann le leochaileacht shuntasach.
Tá an Aetóip an-leochaileach d’athrú aeráide, go háirithe athruithe ar phatrúin báistí. Tá sé leochaileach freisin don triomach agus do thubaistí nádúrtha eile amhail tuilte, báisteach throm, sioc agus tonn teasa.
Tá an córas freagartha daonna san Aetóip réasúnta láidir, agus in 2011, seachnaíodh cuid mhaith básanna dá bharr. Tá imní ann, áfach, cibé an féidir leis an gcóras freagartha daonna coinneáil ag imeacht amach anseo ós rud é go bhfuil air riachtanais dhaonna níos minice, níos costasaí, níos éagsúla agus níos scaipthe amach a láimhseáil laistigh de theorainneacha na hAetóipe.
Ár gcuid oibre
Ár gcuid oibre
San Aetóip, tacaíonn Cúnamh Éireann le forfheidhmiú phlean forbartha nua an Rialtais, ina ndírítear ar shláinte, ar ocras agus ar rialachas. Dírítear freisin ar dhá réigiún den tír: Tigray agus Réigiún na Náisiún, Náisiúntachtaí agus Daoine Theas. Oibrímid le comhpháirtithe éagsúla, lena n-áirítear institiúidí rialtais, gníomhaireachtaí na NA, institiúidí taighde idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha chun cláir a chur i bhfeidhm.
Ag cabhrú leis na teaghlaigh is boichte a dteaghlaigh a bheathú agus a chothú
Is dúshlán é neamhshláine bia fós don Aetóip. Sholáthair Clár Líontán Sábhála Táirgiúil (CLST) an Rialtais, ceann de na príomhchláir lenar thacaigh Éire, tacaíocht intuartha airgid nó bia i gcomaoin obair ríthábhachtach ar thionscadail ar nós athshlánú talún do chuid de na teaghlaigh is leochailí san Aetóip, óna dteastódh cúnamh bia ó fhoinsí éigeandála murach é.
Tá sé seo ar cheann de na cláir líontán sábhála sóisialta is mó atá i bhfeidhm san Afraic faoi láthair, agus tá sé ag cur go mór leis an tír. Bhain os cionn seacht milliún go leith duine leas as an gclár in 2011.
Tá ár dtacaíocht dírithe ar chuid de na teaghlaigh is leochailí, go háirithe iad siúd atá faoi cheannas na mban, ionas gur féidir leo dul i ngleic níos fearr le tubaistí amhail easpa báistí nó ardú ar phraghsanna bia. Agus mar sin, is féidir leo meicníochtaí gearrthéarmacha chun déileáil leis, amhail díol beostoic, a sheachaint.
Oibrímid freisin le heagraíochtaí chun acmhainn feirmeoirí agus soláthar creidmheasa a fheabhsú, chomh maith le hacmhainn táirgeachta bia, slabhraí luacha agus deiseanna slí bheatha roghnacha (ar an bhfeirm agus taobh amuigh di).
Déantar an méid sin leis an aidhm tacú le daoine a ndóthain féin a tháirgeadh agus bogadh ar aghaidh ón gClár Líontán Sábhála Táirgiúil. Oibrímid le roinnt comhpháirtithe chun cabhrú linn an clár seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear Cumann na mBan i Tigray agus Farm Africa ar Chlár um Chumhachtú Geilleagrach na mBan Faoin Tuath.
Seirbhísí sóisialta a chur ar fáil le rannpháirtíocht na mbocht faoin tuath
Tacaíonn Éire le Clár um Chuntasacht Shóisialta na hAetóipe, ina ndéantar iarracht cuntasacht iomlán a chinntiú maidir le seachadadh seirbhísí bunúsacha ar leibhéal áitiúil i réimsí cosúil le sláinte, oideachas agus seirbhísí VEID agus SEIF. De thoradh na n-acmhainní atá curtha ar fáil tríd an gclár seo bíonn rochtain níos fearr ag daoine sna céadta pobal ar fud na hAetóipe ar uisce agus ar áiseanna sláinte níos fearr do mháithreacha agus ar sheomraí ranga breise, bíonn teagasc ar fáil do leanaí a bhfuil sé de dhíth orthu agus leithris ar leith do chailíní sna scoileanna i gceantair tuaithe agus uirbeacha ar fud na tíre.
Tacaímid le hionchur na sochaí sibhialta agus phobail áitiúla maidir le cláir rialtais áitiúla chomh maith le dea-rialachas a chur chun cinn trí chaidreamh le soláthraithe seirbhísí rialtais áitiúil.
Le tacaíocht ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, tá baint lárnach ag pobail anois le riachtanais a gceantair féin a aithint agus tograí a dhéanamh chun feabhsúcháin a bhaint amach. Déantar cinntí maidir le tosaíochtaí trí chomhairliúchán idir údaráis áitiúla agus pobail agus tugtar riachtanais na bhfear agus na mban san áireamh, chomh maith leis na grúpaí is imeallaí atá.
Ní hamháin go bhfeabhsaítear caighdeán na seirbhísí a fhaigheann pobail trí ghuth a thabhairt dóibh, ach tá sé ag cur ar chumas pobal freagracht a chur ar a n-údaráis rialtais áitiúil maidir leis na seirbhísí sláinte agus oideachais riachtanacha a theastaíonn uathu.
Sláinte agus cothú ban agus leanaí a fheabhsú
Táimid ag cabhrú le hAireacht Sláinte na hAetóipe ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar shláinte na ndaoine. Go háirithe, tacaímid le feabhsúcháin i sláinte máithreacha agus leanaí, lena n-áirítear scaipeadh VEID ón mháthair go dtí an leanbh a chosc. Tá fáil níos forleithne ar dhrugaí riachtanacha, ar vacsaíní agus ar eangacha atá cóirithe le feithidicídí anois sa troid i gcoinne galar.
I Réigiún na Náisiún, Náisiúntachtaí agus Daoine Theas, táimid ag díriú go háirithe ar thacú le hacmhainní gairmithe sláinte, mná cabhrach go háirithe.
Mar chuid dár gcur chuige maidir le cothú a fheabhsú, táimid ag tacú le heagraíochtaí amhail an tIonad Idirnáisiúnta Prátaí ina gcuid oibre chun rochtain a mhéadú ar sholáthar bia atá níos éagsúla ó thaobh cothaithe de.
An tslí ina gcaithimid ár mbuiséad
Forbróimid straitéis cúig bliana nua in 2013 agus ceaptar gur mbeidh ár gcaiteachas thart ar €26 milliún in aghaidh na bliana, ag brath ar an mbuiséad a bheith ar fáil. Chaitheamar breis agus €27 milliún chun tacú lenár gcláir fhorbartha in 2011 (féach Achoimre ar Irish Aid Annual Report 2011 as Gaeilge – Iarscríbhinn 9, Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann). In 2012, tá sé beartaithe againn thart ar €26 milliún a sholáthar le haghaidh clár sna hearnálacha seo a leanas:
Torthaí
Torthaí
Dul chun cinn na hAetóipe
Ar leibhéal náisiúnta, rinne an Aetóip dul chun cinn suntasach sna réimsí a leanas:
- Tháinig laghdú ar chéatadán an daonra atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht, ó 38.9% in 2005 go dtí 29.6% in 2011.
- Bhí dhá uair an oiread seans ag leanaí faoi cúig bliana d’aois maireachtáil thar a gcúigiú lá breithe in 2011 ná mar a bhí in 2000.
- Tá imdhíonadh á dhéanamh ar níos mó leanaí ná riamh, le méadú tagtha ar rátaí ó 70% go 82% idir 2005 agus 2010.
- Tháinig laghdú ar líon na leanaí faoi bhun cúig bliana d’aois atá faoi bhun an ghnáthmheáchain, ó 34.4% in 2005 go dtí 28.7% in 2010.
- Tháinig laghdú ar an gcomhréir den daonra nach bhfuil dóthain bia acu, ó 38% in 2005 go dtí 33.6% in 2011.
An cúnamh a thugamar:
D’imir Cúnamh Éireann ról sa dul chun cinn atá déanta ag an Aetóip:
- In 86 ceantar san Aetóip, tá pobail tugtha le chéile le hoifigigh áitiúla chun feabhas a chur ar chaighdeán na seirbhísí bunúsacha le cúnamh ó Chúnamh Éireann.
- Le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, tá 52 sráidbhaile ar fud na hAetóipe tar éis glacadh le cineálacha síolta atá oiriúnaithe go háitiúil agus le teicnící talmhaíochta mar thoradh ar chomhoibriú idir ollscoileanna agus eagraíochtaí sochaí sibhialta.
Tá 7.5 milliún duine ag baint leasa as an gClár Líontán Sábhála Náisiúnta, a fhaigheann tacaíocht ó Chúnamh Éireann. Faigheann teaghlaigh bochta agus leochaileacha tacaíocht airgid nó bia mar íocaíocht ar obair ar thionscadail amhail athshlánú talún.