Tionchar ar athrú
Tá sé de phribhléid ag Éirinn go bhfuil suíochán aici ag an mbord in an-chuid fóram náisiúnta agus idirnáisiúnta ina bpléitear agus ina gceaptar beartais. Bainimid leas as ár nguth d’fhonn a áirithiú go dtugtar riachtanais agus cearta na ndaoine boichte, go háirithe mná, san áireamh ag na cainteanna agus sna cinntí sin. Agus oibrímid go dlúth le rialtais agus le heagraíochtaí sochaí sibhialta eile, ag tacú leo chun beartais agus cláir trína dtacaítear le laghdú bochtaineachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
Bailiú fianaise maidir leis sin a oibríonn
Bímid de shíor ag nuashonrú ár n-eolais d’fhonn a áirithiú go bhfuil ár gcinntí, ár mbeartais agus ár gcláir, agus iadsan de chuid ár gcomhpháirtithe, bunaithe ar fhianaise iontaofa faoin méid a oibríonn agus faoin méid lena mbaineann an tionchar is mó ó thaobh athruithe i saol daoine bochta agus i bpobail.
Is éard a bhíonn i gceist le rannpháirtíocht ar leibhéal idirnáisiúnta forbairt níos éifeachtaí agus torthaí níos fearr le haghaidh daoine bochta a áirithiú.
Déanaimid é sin trí fhoghlaim ónár dtaithí agus ónár gcleachtas féin, ó mheastóireachtaí agus ó athbhreithnithe, agus ón taighde is fearr dá bhfuil ar fáil. Roinnimid ár n-eolas agus ár dtaithí go hinmheánach, ar fud an rialtais agus lenár gcomhpháirtithe d’fhonn dea-chleachtas a chur chun cinn, nuálaíochtaí a uas-scálú agus tionchar a imirt ar bheartais i réimsí inar féidir linn an difear is mó a dhéanamh.
Tacú le guth na mbocht
Spreagaimid comhpháirtíocht idir an rialtas agus an tsochaí shibhialta a bhfuil sé mar aidhm leis na boicht agus iadsan ar an imeall a chumasú ionas go mbeidh tionchar níos mó acu ar bheartas poiblí agus ar dháiltí buiséid.
Tá eagraíochtaí sochaí sibhialta agus pobail uathúil sa mhéid go bhfuil siad in ann a chinntiú go gcloistear guth na mbocht agus go bhfuil suíochán ag a n-eagraíochtaí ionadaíochta san áit a ndéantar na cinntí. Tacaímid leis na heagraíochtaí sin tabhairt faoi chláir nuálacha trínar féidir treoir a thabhairt do bheartas rialtais agus iad a fhorleathnú le haghaidh tionchar náisiúnta.
Tacaímid freisin le roinnt eagraíochtaí a chosnaíonn cearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha na bhfear agus na mban i dtíortha ar fud an domhain.
Tionchar ar bheartas agus ar chleachtas ar leibhéal tíre
Is faoi lánrogha rialtais thíre beartas náisiúnta a cheapadh. Bíonn ról gníomhach ag tíortha deontóra, Éire san áireamh, i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí sochaí sibhialta agus le dreamanna eile, ag tacú le rialtais thíre beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena mbainfidh tionchar tairbheach ar shaol daoine bochta agus ar phobail ar fud raon leathan réimsí.
Tionchar ar leibhéal idirnáisiúnta
Is éard a bhíonn i gceist le rannpháirtíocht ar leibhéal idirnáisiúnta forbairt níos éifeachtaí agus torthaí níos fearr le haghaidh daoine bochta a áirithiú. Nochtaimid ár dtosaíochtaí, ár bprionsabail, ár n-eolas agus ár n-eispéiris i gcainteanna ag fóraim idirnáisiúnta. Agus oibrímid le rialtais eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun fuinneamh agus ceannaireacht a chothú maidir le tionscnaimh beartais thábhachtacha, amhail ocras.
Faigh tullieadh amach
Faigh amach faoi na torthaí a dtacaímid leo sna príomh-thíortha comhpháirtíochta lena mbainimid