Taighde
Má táimid chun freagra éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin forbartha, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios againn cad é an cur chuige is fearr chun bochtaineacht a laghdú agus go gcuirfimid i bhfeidhm é. Tá Cúnamh Éireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thaighde a thiomsaíonn fianaise agus faisnéis faoi rudaí ar féidir leo difríocht a dhéanamh i ndáiríre do shaol na mbochtán agus do na pobail ina maireann siad. Cuirimid ár dtacaíocht taighde ar fáil trí chomhpháirtíochtaí ar leibhéal idirnáisiúnta agus inár dtíortha comhpháirtíochta agus le príomhthaighdeoirí agus le príomhinstitiúidí in Éirinn chomh maith.
Ábhair taighde chun bochtaineacht a laghdú
Ós rud é go bhfuil dúshláin ag méadú agus acmhainní ag éirí gann ar fud an domhain, tá sé níos tábhachtaí ná riamh fianaise a sholáthar faoi cad iad na rudaí a n-éiríonn go maith leo agus cad iad na rudaí a dteipeann orthu.
Tugaimid tacaíocht do thaighde ina lán réimsí éagsúla chun fianaise a thiomsú agus foghlaim conas is fearr aghaidh a thabhairt ar chúiseanna agus ar iarmhairtí na bochtaineachta. Ach ní leor ann féin fianaise mhaith a bheith ar fáil.
Ní mór dúinn comhoibriú freisin lenár gcomhpháirtithe lena chinntiú go gcuirfear torthaí agus moltaí an taighde in iúl go maith agus go roinnfear go maith iad agus go mbainfear leas as an bhfaisnéis seo chun feabhas a chur ar bheartas agus ar chleachtas forbartha. Déanaimid é seo ar bhealaí a mbeidh tionchar díreach acu ar dhaoine bochta agus ar na dúshláin atá rompu d’fhonn an saol atá acu a fheabhsú.
Tá Cúnamh Éireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thaighde a thiomsaíonn fianaise agus faisnéis faoi rudaí ar féidir leo difríocht a dhéanamh i ndáiríre do shaol na mbochtán agus do na pobail ina maireann siad.
Ár dtosaíochtaí maidir le taighde
Tá cúig théama againn a ndéanaimid infheistíocht i dtaighde fúthu:
- Ocras agus cothú
- Sláinte agus oideachas
- Rialachas agus coimhlint
- Oiriúnú d’athrú aeráide agus laghdú riosca
- Gníomh daonnúil.
Léiríonn na téamaí sin na tosaíochtaí tábhachtacha a bhaineann le clár Chúnamh Éireann agus d’fhéadfaidís cur go mór le forbairt ar fud an domhain agus le laghdú na bochtaineachta. Tugaimid tacaíocht do thaighde laistigh de gach ceann de na snáitheanna sin agus do thaighde ina dtugtar aghaidh ar na naisc atá eatarthu.
Cuirimid cur chuige chun cinn sa taighde go léir ina dtugtar aird ar leith ar riachtanais agus ar thaithí na mban, chomh maith le riachtanais agus taithí na bhfear. Léiríonn taighde atá ann cheana féin gur cuid lárnach den fhorbairt iad comhionannas inscne agus cumhachtú ban agus cailíní agus baint amach cearta an duine do gach aon duine. I measc na gcomhpháirtithe forfheidhmithe tá Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath, Calafort Chorcaí agus Coimisinéirí Cuain Bhéal Feirste.
Is léir ón bhfianaise atá ann gurb é an rud a tharlaíonn nuair a bhíonn mná oilte, sláintiúil agus nuair is féidir leo páirt níos iomláine a ghlacadh sa tsochaí ná go mbíonn buntáistí ann dá leanaí, dá bpobail agus dá dtíortha; go laghdaítear bochtaineacht agus droch-chothú, go bhfeabhsaítear caighdeáin mhaireachtála agus go gcuirtear le fás geilleagrach.
Ár gcur chuige i leith taighde
Tá cuntas imlíne faoin gcur chuige atá againn i leith taighde leagtha amach inár Straitéis Taighde (PDF, Size needed) (link to publication), agus tá sé bunaithe ar na trí chuspóir seo a leanas:
- Tacú le fianaise nua a chruthú faoi chúig thosaíocht Chúnamh Éireann maidir le laghdú na bochtaineachta
- Cumarsáid a neartú agus cur le glacadh beartais maidir le taighde atá maoinithe ag Cúnamh Éireann
- Cur le cumas na líonraí agus na n-institiúidí taighde i dtíortha comhpháirtíochta Chúnamh Éireann.
Ár gcomhpháirtíochtaí taighde
Cuirimid cistí ar fáil trí raon cineálacha cur chuige comhpháirtíochta lena n-áirítear:
- Comhpháirtíochtaí taighde ar fud an domhain
- Comhpháirtíochtaí maidir le forbairt táirgí
- Comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí taighde agus le meithleacha machnaimh faoi bheartais idirnáisiúnta taighde
- Comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí ardoideachais agus taighde na hÉireann
- Comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí agus le líonraí taighde sna tíortha comhpháirtíochta
Bímid ag obair le comhpháirtithe lena chinntiú go gcruthaíonn ár n-iarrachtaí taighde agus ár maoiniú smaointe nua, nuálaíocht agus torthaí ar bhealach éifeachtach. Bímid i dteagmháil le gach ceann dár gcomhpháirtithe taighde lena chinntiú go dtugann an obair a dhéanann siad freagra ar éileamh ó thíortha agus go bhfuil tionchar agus torthaí a n-iarrachtaí ag dul chun tairbhe daoine bochta agus pobal bocht.