Meastóireacht agus Iniúchadh
Trí mheastóireacht agus iniúchadh cúramach a dhéanamh ar ár gcuid oibre, coinnímid cáilíocht na hoibre sin, faighimid amach cad atá le feabhsú againn agus cinntímid go mbíonn cuntas ar an airgead a chaithimid agus gur ionann é agus luach maith ar airgead an cháiníocóra.
Feabhsú cáilíochta
Táimid tiomanta do cháilíocht agus chun a áirithiú go ndéanann ár n-obair athrú ar shaol na ndaoine atá an-bhocht. Tá cúrsaí forbartha casta ar ndóigh agus bíonn an comhthéacs ag athrú i gcónaí agus dá réir sin is gá dúinn meastóireacht a dhéanamh de shíor ar ár n-obair d’fhonn ár bhfeidhmíocht a thomhas agus cinneadh a dhéanamh faoi cad atá ag obair agus cad nach bhfuil ag obair. Sa tslí sin, is féidir linn ár gcláreagrú agus ár mbeartais a oiriúnú dá réir.
Chun na críche sin, cuirimid an-bhéim ar neamhspleáchas an phróisis meastóireachta. Is ionann meastóireacht agus breithmheas neamhchlaonta maidir le cé chomh maith agus a dhéanaimid ár gcuspóirí a bhaint amach. Agus baintear ceachtanna áisiúla as a bheidh mar threoir ag Cúnamh Éireann agus é ag pleanáil don todhchaí.
Agus mar chuid dár dtiomantas i dtaobh cuntasachta agus trédhearcachta, cuirimid cinntí ar fáil agus foilsímid torthaí ár meastóireachtaí. Is féidir leat ár dtuarascálacha meastóireachta a aimsiú i rannán na bhFoilseachán.
Luach ar airgead a fháil
Sna cúinsí eacnamaíochta reatha, cuireann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe béim láidir ar an ngá go mbainfeadh seirbhísí poiblí luach ar airgead amach. Déanaimid measúnuithe speisialta ar chaiteachas, mar chuid de chlár an Rialtais um Athbhreithniú ar Luach ar Airgead agus Beartas. Déantar breithiúnas trí na measúnuithe seo ar ábharthacht an chaiteachais agus maidir le chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach is a úsáideadh an t-airgead.
Iniúchadh – sa tóir ar lorg an airgid
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freagrach as líon mór cistí poiblí a bhainistiú. Áirithíonn an tAonad Meastóireachta agus Iniúchta go bhfuil córais rialaithe inmheánaigh na Roinne láidir ionas gur féidir leis an bpobal a bheith cinnte go bhfuil cuntasacht chuí ann i leith na gcistí agus go mbaintear úsáid astu le haghaidh na gcuspóirí ar ceapadh iad.
Tugtar aon laigí tábhachtacha chun suntais in iniúchtaí agus cuirtear comhairle ar fáil maidir leis an gcaoi ar cheart na rialuithe sin a fheabhsú. Bíonn ár n-obair maidir le Meastóireacht agus Iniúchadh á maoirsiú ag Coiste Iniúchta neamhspleách, a fhoilsíonn tuarascáil gach bliain.
Léigh tuilleadh
Cuir ríomhphost chuig an Aonad Meastóireachta agus Iniúchta le haghaidh tuilleadh eolais

Download the 2020 Annual Report of the Audit Committee
PDF download of the 2020 Annual Report of the Audit CommitteeÍoslódáil PDF (1,601KB)

Download the 2019 Annual Report of the Audit Committee
PDF download - 2019 Annual Report of the Audit CommitteeÍoslódáil PDF (1,793KB)

Download the 2018 Annual Report of the Audit Committee
PDF download - 2018 Annual Report of the Audit CommitteeÍoslódáil PDF (467KB)