Feasacht a spreagadh faoin bhforbairt
Cuireann cláir oideachais forbartha deiseanna ar fáil chun tuiscint a fháil ar na dúshláin atá le sárú againn maidir le ceartas domhanda agus cad is féidir linne in Éirinn a dhéanamh chun domhan níos cothroime agus níos inbhuanaithe a chruthú.
Cén fáth a bhfuil oideachas forbartha riachtanach?
Má táimid chun ár sprioc fhadtéarmach a bhaint amach maidir le domhan gan ocras ná bochtaineacht a chruthú, beidh sé tábhachtach níos mó a thuiscint faoi na bunchúiseanna atá le héagothroime agus le héagóir.
I gcroílár an oideachais fhorbartha tá tuiscint a fháil ar an tionchar atá ag an gcaoi a mhairimid anseo in Éirinn ar shaol na ndaoine sa domhan atá i mbéal forbartha. Mar shampla má cheannaímid earraí cóirthrádála d’fhéadfadh sé sin an-difríocht a dhéanamh do shaol na dtáirgeoirí i dtíortha i mbéal forbartha.
Má fhoghlaimímid faoinár gcearta agus faoinár bhfreagrachtaí mar shaoránaigh dhomhanda is féidir leis cabhrú linn domhan níos córa agus níos cothroime a chruthú.
Tugann cláir oideachais forbartha deis dúinn ár ndúshlán féin a thabhairt agus níos mó a fháil amach faoinár gcearta agus faoinár bhfreagrachtaí mar shaoránaigh dhomhanda a thacaíonn le hathrú - gníomhaigh go háitiúil, smaoinigh ar an domhan go léir.
Tacaíonn Cúnamh Éireann le réimse clár oideachais forbartha a spreagann feasacht agus tuiscint ar shaincheisteanna forbartha agus ceartais dhomhanda agus déanann sé stocaireacht go n-athrófaí cúrsaí. Tá ár gcuid oibre á treorú ag ár Straitéis um Oideachas Forbartha, agus ag an gCoiste Comhairleach um Oideachas Forbartha (DEAC).
Conas is féidir leat páirt a ghlacadh sa scéal?
Le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, tá réimse eagraíochtaí oideachais agus pobail ag plé ceartais dhomhanda i seomraí ranga agus in áiteanna foghlama ar fud na hÉireann:
Scoileanna
Tá na mílte mac léinn ag glacadh páirte i ndíospóireachtaí, i mbun tionscadal agus ag eagrú ceardlann ar shaincheisteanna forbartha agus ceartais shóisialta. Tá a lán daoine eile ag glacadh páirte i gcláir mhalartaithe le scoileanna agus le pobail i dtíortha i mbéal forbartha.
Tá sé i bhfad níos fusa saincheisteanna domhanda a tharraingt anuas i do sheomra ranga mar chuid de churaclam na scoile ná mar a shíleann tú. Is féidir le Cúnamh Éireann na hacmhainní, na smaointe agus an t-eolas a chur ar fáil duit le cabhrú le daltaí tuiscint a fháil ar na naisc atá idir a saol féin agus saol na ndaoine i dtíortha i mbéal forbartha.
Ag leibhéal na bunscoile, is féidir linn cabhrú leat forbairt domhanda agus ceisteanna cearta an duine a phlé mar chuid den chúrsa Oideachas Imshaoil agus Eolaíocht Sóisialta (OSIE), agus Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) agus mar obair thraschuraclaim.
- Téigh go dtí ár gcuid faoi oideachas bunscoile.
- Tabhair cuairt ar Na Gradaim ‘An Domhan s’Againne’ de chuid Chúnamh Éireann
Ag an dara leibhéal, sa tsraith shóisearach, san idirbhliain agus sa tsraith shinsearach, is féidir linn cabhrú leat forbairt domhanda agus ceisteanna faoi chearta an duine a bheith mar chuid de do theagasc i réimse ábhar lena n-áirítear Béarla, Tíreolaíocht, Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP), Reiligiún agus obair thraschuraclaim.
- Téigh go dtí ár gcuid faoi oideachas dara leibhéal
- Tabhair cuairt ar Scoileanna Domhanda WorldWise
Mic léinn ó ainm na scoile i mBaile na Lorgan, Co. Mhuineacháin ag foghlaim níos mó faoi chlár nasctha Scoileanna Domhanda WorldWise.
Múinteoirí faoi oiliúint
Más múinteoir faoi oiliúint tú agus más mian leat a fháil amach conas is féidir leat oideachas forbartha a tharraingt anuas sa seomra ranga, téigh i dteagmháil leis an gclár um Oideachas Forbartha agus Idirchultúir (DICE), a oibríonn le coláistí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile chun spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí faoi oiliúint a bheith ag múineadh faoi shaincheisteanna forbartha domhanda agus chun daoine a spreagadh chun an meas céanna a bheith acu ar a gcultúir féin agus ar chultúir eile sa bhaile agus i gcéin.
Eagraíochtaí óige
Bíonn na mílte duine óg páirteach i dtionscadail a bhaineann le saincheisteanna ceartais dhomhanda mar chuid de Seachtain One World gach bliain. Tacaímid le Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann, chun tuiscint ar fhorbairt domhanda agus ceisteanna ceartais a chur chun cinn i measc grúpaí óige agus oibrithe óige.
Aosach agus pobail
Tá roinnt eagraíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann a spreagann a gcuid ball na naisc agus idirnaisc idir ceartas sóisialta in Éirinn agus i dtíortha i mbéal forbartha a iniúchadh.
Cá bhfaighidh tú tacaíocht?
Más mian leat tuilleadh a fháil amach faoi conas is féidir leat a bheith gníomhach nó má tá tú féin nó do eagraíocht ag iarraidh páirt a ghlacadh sa scéal, cuireann Cúnamh Éireann tacaíocht ar fáil trínár Scéim Maoinithe d’Oideachas Forbartha.
Is eagraíocht ballraíochta é IDEA (Cumann Oideachais Forbartha na hÉireann ), a fhaigheann tacaíocht ó Chúnamh Éireann agus a chuireann dea-chleachtas agus malartú faisnéise chun cinn i measc na mball.
Faigh Amach Tuilleadh
Synthesis Paper: Thematic Reviews of Development Education (PDF, 428 KB).