Skip to main content

Conas a oibríonn ár gcúnamh

Cothaíonn ár gclár cúnaimh torthaí le haghaidh daoine bochta agus cuireann sé luach ar airgead ar fáil. Ach tuigimid nach dtiocfaidh athruithe chun feabhais i saol daoine bochta agus pobal trí chúnamh amháin. Is é sin an chúis go gcuirimid beartais chun tosaigh a thugann a riachtanais san áireamh, bunaithe ar fhianaise maidir leis sin a oibríonn. Táimid tiomanta dul i mbun oibre ar bhealach comhtháite ar fud ranna Rialtais in Éirinn. Tacaímid le tíortha deireadh a chur le bochtaineacht trí thrádáil mhéadaithe. Agus cuirimid feasacht chun tosaigh in Éirinn maidir lenár róil agus dualgais mar shaoránaigh dhomhanda.